Móramh mór ag Boris Johnson agus an bealach réitithe don Bhreatimeacht

OLLTOGHCHÁN WESTMINSTER / Móramh mór ag Boris Johnson agus an bealach réitithe don Bhreatimeacht

Agus na Tóraithe ar tí an móramh is mó a bhí acu ó aimsir Margret Thatcher a fháil in olltoghchán Westminster, dúirt Boris Johnson gurb amhlaidh go raibh 'mandáid fhíorláidir' tugtha ag an bpobal dá pháirtí an Breatimeacht a chur i gcrích. I dtoghchán an Tuaiscirt ba é an scéal mór ná go bhfuair John Finucane ó Shinn Féin an ceann is fearr ar leascheannaire an DUP Nigel Dodds