300 uair an chloig de ranganna Fraincise déanta ag CEO Air Canada a d’éirigh as mar gheall ar easpa Fraincise

Thug Michael Rousseau gealltanas uaidh go bhfoghlaimeodh sé an Fhraincis cúig bliana ó shin nuair a chothaigh ráiteas a rinne sé faoi Montréal

300 uair an chloig de ranganna Fraincise déanta ag CEO Air Canada a d’éirigh as mar gheall ar easpa Fraincise

Rinne príomhfheidhmeannach Air Canada Michael Rousseau – atá le héirí as a ról mar gheall ar aeaspa Fraincise –  300 uair an chloig de ranganna Fraincise ón mbliain 2021, dar le Air Canada.

Tharraing Rousseau conspóid air féin an tseachtain seo nuair a chraol sé teachtaireacht chomhbhróin faoi bheirt phíolótaí Cheanadacha – an Captaen Antoine Forest agus Mackenzie Gunther –  a maraíodh nuair a bhuail a n-eitleán faoi inneall dóiteáin in aerfort La Guardia i Nua-Eabhrac ar an 22 Márta.

Ba as Coteau-du-Lac é Forest, baile beag 7,000 duine inarb í an Fhraincis an phríomhtheanga. Tá ceannáras Air Canada – comhlacht a bhíodh i seilbh an stáit – in Montréal, cathair nach bhfuil ach an t-aon teanga oifigiúil amháin ann, an Fhraincis.

Thug Rousseau gealltanas uaidh go bhfoghlaimeodh sé an Fhraincis cúig bliana ó shin nuair a chothaigh ráiteas a rinne sé faoi Montréal, an chathair a bhfuil cónaí air inti. Dúirt sé in 2021 nár theastaigh an Fhraincis uaidh le cur faoi i Montréal le cúig bliana déag roimhe sin.

Dúirt príomh-aire Québec an uair sin gur “masla” a bhí sa mhéid a dúirt príomhfheidhmeannach Air Canada, a bhfuil a cheannáras sa chúige Fraincise, agus gur léirigh sé drochmheas do theanga agus do chultúr an chúige. Fuair Oifig an Choimisinéara Teangacha i gCeanada os cionn 200 gearán in 2021 faoin méid a dúirt Rosseau.

Ainneoin go bhfuil 300 uair an chloig de ranganna déanta aige ó shin, níor éirigh le Rosseau rud bith seachas ‘bonjour’ (dia daoibh) agus ‘merci’ (go raibh maith agaibh) a rá i bhFraincis ina ráiteas comhbhróin faoin tragóid in La Guardia. Labhair sé ar feadh trí nóiméad agus cúig shoicind is ceathracha ar fad.

Ritheadh rún an tseachtain seo caite i dtionól Québec gur chóir dó éirí as an ról agus dúradh gur léirigh a easpa cumais sa Fhraincis drochmheas ar chainteoirí Fraincise ar fud Cheanada.

D’fhógair Air Canada inné go raibh sé curtha in iúl ag Rosseau do bhord Air Canada go n-imeodh sé ar scor faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo tar éis beagnach 20 bliain leis an gcomhlacht. Bhí sé ina phríomhfheidhmeannach le cúig bliana anuas. Níor luadh an chonspóid faoi chúrsaí teanga sa ráiteas a d’fhoilsigh Air Canada ach tuairiscítear go raibh baint ag an gceist le cinneadh Rosseau.

Dúirt sé féin i ráiteas a eisíodh Déardaoin seo caite go raibh “an-bhrón” air gur tharraing a easpa cumais féin sa Fhraincis aird an phobail ó bhás na bpíolótaí agus ó bhrón na dteaghlach.

“Ainneoin go leor ranganna i gcaitheamh na mblianta, faraor, níl mé in ann mé féin a chur in iúl go sásúil i bhFraincis go fóill. Gabhaim leithscéal ó chroí faoi sin, ach tá mé ag coinneáil orm agus mé ag iarraidh feabhsú,” a dúirt sé.

Dúirt Príomh-Aire Cheanada Mark Carney go raibh an cinneadh “ceart” déanta ag Rosseau éirí as an ról agus go mbeidh sé “riachtanach” go mbeidh an Fhraincis ag an gcéad phríomhfheidhmeannach eile ar Air Canada. Dúirt Carney go ndearna eachtraí na míosa seo “an-soiléir” é go gcaithfeadh an Fhraincis a bheith ag an bpríomhfheidhmeannach.

“Táimid bródúil go bhfuilimid inár gcónaí i dtír dhátheangach, agus tá freagracht ar chomhlachtaí amhail Air Canada, go háirithe, cumarsáid a dhéanamh sa dá theanga oifigiúla i gcónaí, beag beann ar an gcomhthéacs. Tá an-díomá orm féin agus ar dhaoine eile, agus is ceart sin,” a dúirt Carney.

Dúirt Air Canada ina ráiteas go mbeidh cumas sa Fhraincis i measc na riachtanas d’iarrthóirí don ról mar phríomhfheidhmeannach amach anseo.

Fág freagra ar '300 uair an chloig de ranganna Fraincise déanta ag CEO Air Canada a d’éirigh as mar gheall ar easpa Fraincise'