Meta agus YouTube freagrach as ardáin andúileacha a dhearadh d’aon turas

Chinn giúiré i Los Angeles gur d'aon turas a chruthaigh Meta agus YouTube ardáin mheán sóisialta andúileacha a rinne dochar do shláinte mná óige

Meta agus YouTube freagrach as ardáin andúileacha a dhearadh d’aon turas

I gcás dlí cinniúnach i Los Angeles bhí breith an ghiúiré le bean a chuir an dlí ar Meta agus YouTube as an andúil a chuir sí go hóg sna meáin shóisialta.

Chinn an giúiré gur chruthaigh Meta agus YouTube ardáin mheán sóisialta andúileacha d’aon turas agus go ndearna na hardáin sin dochar do sláinte intinne na mná óige atá 20 bliain d’aois.

Is le Meta Instagram, Facebook agus WhatsApp, agus is le Google YouTube.

Mhaígh an bhean óg, ‘Kaley’, gurbh iad na hardáin ba shiocair lena fadhbanna sláinte intinne – diosmoirfe colainne, lionn dubh agus smaointe féinmharaithe. Chinn an chúirt $6 milliún (€5.19) damáistí a dhámhachtain don bhean.

D’fhéadfadh gur fasach a bheadh anseo do na céadta cás eile dá leithéid atá ag déanamh an bhealaigh trí chúirteanna na Stát Aontaithe faoi láthair.

Níl Meta ná Google sásta glacadh leis an gcinneadh agus tá rún acu achomharc a dhéanamh.

Chinn an giúiré go raibh Kaley i dteideal $3 mhilliún i ndamáistí cúitimh a fháil agus $3 milliún eile i ndamáistí pionósacha mar chinn siad “gur le mailís, leatrom nó calaois” a rinneadh é mar gheall ar an tslí a n-oibríonn na comhlachtaí a gcuid ardán.

Táthar ag súil go n-íocfaidh Meta 70% de na damáistí a bronnadh ar Kaley agus go n-íocfaidh Google an 30% eile.

D’áitigh dlíodóirí Kaley gurbh ionann taithí Kaley ar na meáin shóisialta agus ina saol as líne agus an taithí a bhí ag na céadta míle duine óg eile.

“Cinneadh cinniúnach is ea cinneadh an lae inniu do Kaley agus do na mílte leanbh agus teaghlach eile atá ag fanacht le fada leis an lá seo,” a dúirt siad.

Glactar le cinneadh na cúirte mar chás ceannródaíoch ó thaobh na meán sóisialta agus saineolaithe áirithe á chur i gcomparáid leis an ‘Tobac Mór’ agus iad ag tuar go gcuirfidh seo deireadh leis an tsaoirse ó phionóis a bhí ag fathaigh na teicneolaíochta ó tháinig siad chun cinn.

Bhí an-chosúlacht idir argóintí an ghearánaí sa gcás seo agus na cinn a bhí ag na dreamanna a chuir an dlí ar na comhlachtaí móra tobac sna 1990idí, cásanna inar cuireadh an-bhéim ar an andúil a bhain leis na toitíní agus ar chomhlachtaí móra an tobac a bheith ag séanadh go raibh aon dochar á dhéanamh ag a gcuid táirgí féin.

Dúradh sa gcúirt i Los Angeles gur dearadh gnéithe ar leith de na meáin shóisialta le handúil iontu a chothú, mar shampla, an fíd is féidir a scrolláil gan teorainn agus an uathsheinm uathobríoch.

Níor éirigh lena leithéid seo de chás riamh cheana, ach inné i New Mexico cinneadh i gcás eile gur chuir Meta úsáideoirí ar míthreoir maidir le sábháilteacht a chuid ardán. Chinn an giúiré sa gcás sin gur chuir Meta ar chumas daoine teacht i dtír go gnéasach ar úsáideoirí óga.

Is é cinneadh New Mexico an chéad chás atá caillte ag Meta agus tá sraith cásanna eile ar na bacáin.

Fág freagra ar 'Meta agus YouTube freagrach as ardáin andúileacha a dhearadh d’aon turas'