Ionsaithe Trump ar infreastruchtúir fuinnimh na hIaráine curtha ar athlá

Deir an tUachtarán Donald Trump go raibh comhráite fiúntacha ag Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an Iaráin faoi stop a chur leis an gcoimhlint, rud atá séanta ag an Iaráin

Ionsaithe Trump ar infreastruchtúir fuinnimh na hIaráine curtha ar athlá

Tá sé fógartha ag Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe go bhfuil na hionsaithe a bhí bagartha aige ar stáisiúin chumhachta agus infreastruchtúir fuinnimh na hIaráine curtha ar athlá aige go ceann cúig lá de bharr, a dúirt sé, comhráite fiúntacha leis an Iaráin.

Dúirt Trump go raibh cainteanna ag Meiriceá leis an Iaráin faoi stop iomlán a chur leis an gcoimhlint sa mhéanoirthear a thosaigh nuair a d’ionsaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael an Iaráin ar an 28 Feabhra.

Shéan an Iaráin go raibh a leithéid de chainteanna ann.

Ag an deireadh seachtaine chuir Trump fainic ar an Iaráin go “scriosfadh” na Stáit Aontaithe stáisiúin chumhachta uilig na hIaráine mura n-osclófaí Caolas Hormuz do loingeas taobh istigh de 48 uair an chloig. Ag a 11.44pm anocht a bheadh an t-am sin istigh.

Teann go maith a bhí freagra na hIaráine ar bhagairt Trump ag áitiú dá ndéanfadh Meiriceá amhlaidh go n-ionsódh siad féin stáisiúin chumhachta Iosrael agus aon tír eile a bhí ag cur bunáiteanna ar fáil do Mheiriceá i gcríocha na Murascaille.

Chomh maith leis sin bhagair comhairle cosanta na hIaráine go leagfaidís mianaigh farraige a chuirfeadh bac ar loingeas i Murascaill na Peirse ar fad dá ndéanfaí aon ionsaí ar chósta ná ar oileáin na hIaráine.

Bhí sé ina chaint go raibh na Stáit Aontaithe ag brath smacht a ghabháil ar Oileán Kharg na hIaráine, sin nó an t-oileán a chur faoi imshuí le brú a chur ar na húdaráis in Tehran Caolas Hormuz a oscailt do longa arís. Tá suíomh an oileáin sin fíorstraitéiseach ó thaobh na trádála.

Tuairiscítear go bhfuil cuid mhór de phríomhchathair na hIaráine, Tehran d’uireasa cumhacht aibhléise de bharr ionsaithe móra ón aer moch maidin inniu. Tá sé fógartha ag Iosrael go bhfuil siadsan ag díriú ar infreastruchtúr na hIaráine.

A bhuíochas d’ionsaithe na hIaráine, tá Caolas Hormuz nach mór dúnta do thrádáil, cé gur tríd a iompraítear an cúigiú cuid d’ola is gás nádúrtha leachtaithe na cruinne.

Tá ardú 50% ar phraghas na hola ó d’ionsaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael an Iaráin ar an 28 Feabhra. Scaip an t-achrann ar fud an réigiúin ina dhiaidh sin.

Thug Fatih Birol, Ceannaire na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, rabhadh ar maidin gur measa go mór an ghéarchéim atá cruthaithe ag an gcogadh seo i gcúrsaí fuinnimh an domhain ná an ghéarchéim ola a bhí ann sna 1970idí agus an ganntanas a bhí ann in 2022 nuair a d’ionsaigh an Rúis an Úcráin, an ghéarchéim seo níos measa ná an péire sin le chéile.

Thuairisc Áisíneacht Nuachta Ghníomhaithe ar son Chearta an Duine in Washington go bhfuil ar a laghad 1,398 sibhialtach curtha den saol san Iaráin sa gcogadh seo. Maraíodh breis is 1000 duine sa Liobáin an tseachtain seo caite, dar le húdaráis na tíre sin. Tá ar a laghad cúig dhuine dhéag maraithe in ionsaithe a rinne an Iaráin ar Iosrael agus tá triúr déag as seirbhísí míleata na Stát Aontaithe maraithe sa Mheánoirthear.

Dúirt Ardchoimisinéir um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, Volker Turk, gur coireanna cogaidh atá sna hionsaithe ar infreastruchtúir sibhialtach atá riachtanach mar go sáraíonn siad an sainmhíniú beacht atá ar spriocanna míleata.

Fág freagra ar 'Ionsaithe Trump ar infreastruchtúir fuinnimh na hIaráine curtha ar athlá'