Tá sé fógartha ag Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe go bhfuil na hionsaithe a bhí bagartha aige ar stáisiúin chumhachta agus infreastruchtúir fuinnimh na hIaráine curtha ar athlá arís aige. An 6 Aibreán an sprioc is déanaí atá fógartha ag Trump.
Mhaígh Trump go raibh “ag éirí an-mhaith” le cainteanna faoi stop a chur leis an gcogadh.
De réir tuairiscí as an Iaráin deirtear go bhfuil freagra tugtha acu ar an bplean síochána 15 pointe a tháinig ó na Stáit Aontaithe agus gur ag fanacht le freagra Washington ar a gcuid éileamh féin atá údaráis na hIaráine anois.
Dúirt urlabhraí ó údaráis na hIaráine go raibh plean síochána na Stát Aontaithe aontaobhach agus éagórach agus gur thuigeadar uaidh nach mbeadh ar chumas na hIaráine í féin a chosaint dá ngéillfidís dó.
Dúirt sé nach raibh aon socrú déanta do chainteanna ach go raibh iarrachtaí ar bun ag an Tuirc agus an Phacastáin teacht ar chomhthuiscint idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe agus na húdair aighnis a laghdú.
Maíonn na hIaránaigh go gcaithfidh an namhaid éirí as an marú agus na hionsaithe, go gcaithfear coinníollacha a leagan síos a chinnteoidh nach dtosófar ar an gcogadh an athuair, go gcaithfear cúiteamh a íoc as an díobháil atá déanta ag an gcogadh, agus go gcaithfear éirí as aon troid le gach grúpa agus comhghuaillí sa réigiún a thug tacaíocht don Iaráin.
Maíonn an Iaráin freisin go bhfuil “ceart nádúrtha agus dlí” ag an tír sin ar Chaolas Hormuz agus dá réir flaitheas acusan air.
Níl aon chaint ar shíocháin ag údaráis Iosrael, a d’fhógair inné gur mharaigh siad Allireza Tangsiri, ceannasaí cabhlaigh de chuid na hIaráine, in ionsaí ón aer agus deir siad gurbh eisean a bhí i gceannas ar chosc loingseoireachta a thíre ar Chaolas Hormuz.
Ag cruinniú rialtais sa Teach Bán inné cháin an tUachtarán Trump Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer arís. Dúirt sé gur thairg an Ríocht Aontaithe aerárthaí dó “nuair a bhí an cogadh thart” ach gur dhúirt sé fhéin leo “gan bacadh, ní theastaíonn siad uainn. Ar aon nós níl acu ach bréagáin i gcomparáid linne”.
Mhol sé cumas idirbheartaíochta na hIaráine ach dúirt sé mura ndéanfaidís síocháin go beo gur dóibh féin ba mheasa é.
Beartla
An Bábún Buí i ladhar an chasúir go dóite anois.
Dhá rogha fágtha aige; géarú ar an mbuamáil nó réiteach a dhéanamh.
An mó ceannaire eile a bhí sa gcás céanna roimhe agus a thaobhaigh leis an gcéad rogha?
Tá cogadh fada fuilteach romhainn amach is eagal liom a rá.
An 3ú Cogadh Domhanda?