Beidh cúrsa sa Mhanainnis ar siúl do chainteoirí Gaeilge ag Scoill Souree [Scoil Samhraidh] Culture Vannin i mí Iúil don dara bliain as a chéile. Tá an cúrsa deartha go speisialta do chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh teanga Ghaelach an oileáin a fhoghlaim trí Ghaeilge na tíre seo, ag leibhéal an bhunfhoghlaimeora.
Is í an Dr Natalie Simpson, aistritheoir Gaeilge agus Manainnise, a bheidh ag tabhairt an chúrsa seachtaine i nGaeilge Mhanann. Ba í Simpson a chuir Gaelg Mhanann ar an leabhar cáiliúil do pháistí The Gruffalo [Yn Gruffalo].
Díreoidh an cúrsa ar an Manainnis labhartha agus breathnófar go sonrach ar na difríochtaí i bhfuaimniú na bhfocal agus sa stór focal idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge Mhanann. Tabharfar léargas freisin ar an gcóras litrithe atá in úsaid i Manainn, córas atá an-difriúil leis an gcaoi a scríobhtar an Ghaeilge agus an Ghàidhlig.
Níos faide amach sa tseachtain, tabharfaidh na foghlaimeoirí faoi scríobh na Manainnise agus beidh deis acu an teanga a úsáid “i gcomhthéacsanna cearta”. Deirtear go ndéanfar dul chun cinn sa rang de réir mar a fheileann sé don ghrúpa a bheidh ag tabhairt faoi.
“Beidh deis ann gach lá comhrá a dhéanamh, cluichí a imirt, agus gníomhaíochtaí ról-imeartha a dhéanamh sa chaoi is go mbeidh na rannpháirtithe in ann an Mhanainnis atá foghlamtha acu a chleachtadh agus a úsáid,” a deirtear san fhógra.
Beidh cúrsaí eile ar siúl i gcaitheamh na seachtaine do dhaoine a bhfuil cumas níos airde bainte amach acu i nGaeilge Mhanann agus beidh go leor cainteoirí Manainnise cruinnithe i bPurt ny hInshey don Scoil Samhraidh.
Beidh na ranganna féin ar siúl in Ardscoil Eilís II i bPurt na hInshey, baile beag ar chósta thiar an oileáin a bhfuil radharc uaidh ar Éirinn agus ar Albain araon. Tá an foirngneamh in oiriúint do dhaoine atá faoi mhíchumas.
Costas £150 atá ar an gcúrsa seachtaine ach beidh ar na rannpháirtithe a mbealach féin a dhéanamh chun an oileáin agus lóistín a shocrú dóibh féin. Gheobhaidh na rannpháirtithe ábhar foghlama atá in oiriúint dá gcúrsa agus cuirfear soláistí ar fáil sna sosanna idir na ranganna. Bronnfar teastas sa Mhanainnis ar gach foghlaimeoirí a chríochnaíonn an cúrsa.
Beidh an Scoill Sauree ar siúl in éineacht leis an bhféile Cheilteach ‘Yn Chruinnaght’ [An Cruinniú] a bheidh ar siúl an tseachtain chéanna i bPurt na hInshey. Beidh lucht freastail na scoile samhraidh in ann freastal ar imeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid den fhéile sin freisin agus iad san oileán: ceolchoirmeacha, oícheanta damhsa, ócáidí teanga, léachtaí agus tuilleadh.
Fág freagra ar 'Cúrsa Manainnise do chainteoirí Gaeilge ar siúl mar chuid de Scoil Samhraidh Mhanann'