Tá bagairt déanta ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump go “scriosfaidh sé ar fad” infreastruchtúr fuinnimh na hIaráine mura ndéantar margadh deireadh a chur leis an gcogadh agus Caolas Hormuz a athoscailt láithreach bonn.
D’áitigh Trump freisin go raibh na Stáit Aontaithe i mbun ‘plé suntasach’ le réimeas nua na hIaráine atá “níos réasúnta” ach thug sé rabhadh mura dtiocfaí ar shos cogaidh go n-ionsódh na Stáit Aontaithe láithreacha nár “theagmhaigh siad fós leo d’aon turas”.
I bpostáil ar a mheán sóisialta Truth Social, bhagair Trump gur ollscrios agus éiric a bheadh i ndán mar chríoch ar “chuairt álainn” na Stát Aontaithe ar an Iaráin.
“Tá dul chun cinn iontach déanta ach mura dtiocfar ar mhargadh go luath ar chúis éigin, agus is dóigh go dtiocfar, agus mura mbeidh Caolas Hormuz “ar oscailt chun oibre” láithreach, cuirfimid deireadh lenar gcuairt álainn ar an Iaráin trína gcuid Stáisiún Giniúna Leictreachais ar fad, a dToibreacha Ola agus Oileán Kharg (agus b’fhéidir na stáisiúin díshalannaithe ar fad freisin) a shéideadh san aer agus iad a scrios ar fad, cé nár ‘theagmhaigh’ muid leo d’aon turas go dtí seo.
“Díoltas a bheidh anseo ar son na saighdiúirí ar fad agus na daoine eile dár muintir a mharaigh agus a ndearna an seanréimeas sléacht orthu sna 47 bliain faoina ‘Réimeas Uafáis’.
Mar dhíoltas ar ionsaithe na Stát Aontaithe agus Iosrael ar an tír atá imshuí déanta ag fórsaí na hIaráine ar Chaolas Hormuz, an bealach trína n-iompraítear an cúigiú cuid d’ola an domhain.
Dúirt urlabhraí de chuid Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hIaráine inniu, go raibh na téarmaí a bhí á n-éileamh ag na Stáit Aontaithe ar an Iaráin “iomarcach agus míréasúnta”.
Deirtear sna tuairiscí ar a chuid cainte a chuir áisíneachtaí nuachta na hIaráine ar fáil, go ndúirt Esmail Baghaei “nach raibh aon idirbheartaíocht dhíreach leis an Stáit Aontaithe” ar siúl ag Tehran agus gurb éard a bhí á phlé faoi láthair ná “teachtaireachtaí a tháinig ó idirghabhálaithe go raibh rún ag na Stáit Aontaithe tabhairt faoi idirbheartaíocht”.
Ní raibh aon stad ar an troid ó mhaidin agus Iosrael ag coinneáil lena ionsaí ón aer ar an Iaráin agus an Iaráin ag cur diúracáin bhalaistíocha agus dróin na hIaráine á scaoileadh ar fud an réigiúin.
Maraíodh beirt choimeádaithe síochána de chuid na Náisiún Aontaithe inniu agus iad ag taisteal i gconbhua i ndeisceart na Liobáine nuair a bhuail pléascán iad ‘nach fios cá as a dtáinig sé’. Gortaíodh roinnt coimeádaithe eile a bhí sa gconbhua ina dteannta.
Seo an dara lá i ndiaidh a chéile a maraíodh duine den fhórsa coimeádta síochána sa Liobáin. Inné maraíodh saighdiúir as an Indinéis i ndeisceart na tíre mar a bhfuil an scliúchas idir Iosrael agus Hezbollah ag éirí níos measa. Tá tacaíocht na hIaráine ag an ngrúpa míleata Hezbollah.
Measann Áisíneacht Nuachta Ghníomhaithe Cearta Daonna go bhfuil os cionn 3,300 duine maraithe ó thosaigh Iosrael agus na Stáit Aontaithe a gcogadh san Iaráin an lá deiridh de mhí Feabhra.
Fág freagra ar 'Bagairt déanta ag Trump go ‘scriosfaidh’ sé láithreacha fuinnimh uile na hIaráine mura ndéantar margadh'