Tá cáineadh géar déanta ag Rapóirtéir na Náisiún Aontaithe do Cheisteanna Mionlach, Nicholas Levrat, ar an Aontas Eorpach mar gheall ar an gcosaint a dhéantar ar mhionteangacha i dtíortha an Aontais.
Thug Levrat cuairt oifigiúil ar institiúidí an Aontais le deireanas le grinnscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an tAontas ag cloí leis na caighdeáin do chearta mionlach, go háirithe do mhionteangacha.
“Tá an tAontas Eorpach lárnach i gcur chun cinn cearta mionlach lasmuigh dá theorainneacha féin, go háirithe trína pholasaí méadaithe, ach níl na huirlisí ná an spreagadh aige le haghaidh a thabhairt ar ceisteanna mionlach laistigh den bhloc. Caithfear an bhearna seo a dhúnadh le cosaint níos fearr a thabhairt do mhionlaigh laistigh den AE,” a dúirt sé.
Dúirt sé nach féidir leis an Aontas Eorpach dlíthe a cheapadh le cainteoirí mionteangacha a chosaint mar gheall nach bhfuil sé déanta soiléir in áit ar bith go bhfuil an cúram sin faoi dhlínse an Choimisiúin Eorpaigh. Dúirt sé, áfach, gur cheart don Aontas Eorpach “cur chuige a ghlacadh chuige féin” a chuirfeadh iachall ar bhallstáit “bunluach” seo an Aontais a choinneáil.
Mhol Levrat an cur chuige atá ag an Aontas Eorpach in aghaidh an leithcheala, agus d’éiligh fear na Náisiún Aontaithe go nglacfadh an tAontas le “creatlach níos cuimsithí” do chearta mionlach.
Chinnteodh an “chreatlach chuimsitheach” sin cur chuige a bheadh “níos sruthlínithe” i leith ceisteanna mionlaigh ar fud an Aontais Eorpaigh agus d’fhreastalófaí ar riachtanais na bpobal mionteangacha “a fhágtar ar lár i bpolasaithe agus straitéisí an AE”, dar leis an Rapóirtéir.
“Cé go n-aithníonn an AE an éagsúlacht teanga mar Luach Eorpach in Alt 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, níl creatlach thiomanta a bhfuil ceangal dlí léi aige a chosnaíonn mionlaigh theangeolaíocha.
“Anuas air sin, ní thugtar cosaint shonrach do mhionlaigh theangeolaíocha, ó tharla nach bhfuil teanga i measc na bhforas idirdhealaithe in Alt 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) – ainneoin go bhfuil sí ina foras idirdhealaithe in Alt 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha,” a dúirt Levrat.
Mhaígh sé nach bhfuil an “t-údarás” ag an Aontas Eorpach cosaint a thabhairt do phobail mionteangacha agus go bhfágtar an cúram sin ar na ballstáit féin agus ar an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
“Mholfainn, le dul i ngleic le ceisteanna mionteangacha, don AE a ghníomhartha a bhunú ar Alt 167 den TFEU ina ndeirtear “tabharfaidh an tAontas aird ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht faoi fhorálacha eile na gConarthaí, go háirithe d’fhonn éagsúlacht a chuid cultúr a urramú agus a chur ar aghaidh”.
“Is cinnte go bhfuil an éagsúlacht teanga san áireamh le héagsúlacht cultúr an AE, mionteangacha ina measc, agus chuirfí fáilte roimh thaca dála Creatlach Straitéiseach do mhionteangacha atá i mbaol,” a dúirt sé.
Tá a leithéid de Chreatlach Straitéiseach molta cheana féin ag an Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha (ELEN). Chas Ard-Rúnaí Elen, Davyth Hicks, le Nicholas Levrat i mí Eanáir le moltaí ELEN don Aontas Eorpach a phlé.
Fág freagra ar 'Cur chuige an Aontais Eorpaigh i leith mionteangacha cáinte ag na Náisiúin Aontaithe'