Cás na nGael agus na Síneach. ‘Gan cheol ag caoi na ndeor …i bpian go mór’?

Is ionann an laochadhradh a bhíodh ar bun ag an bhfile Gaelach fadó agus an laochadhradh atá á dhéanamh ar Xi Jinping sa tSín

Cás na nGael agus na Síneach. ‘Gan cheol ag caoi na ndeor …i bpian go mór’?

Tá Xi Jinping díreach tosaithe ar a dhara téarma cúig bliana mar cheannaire na Síne, réimeas a bhfuil go leor cosúlachtaí idir é agus an mheisiasacht in Éirinn anallód, aimsir na Stíobhartach. 

Sa leabhar a tháinig amach le déanaí, Xi Jinping: Red China, The Next Generation, tá cuntas ar an laochadhradh a tharlaíonn go laethúil, agus an stádas meisiach atá bainte amach aige i measc na Síneach. Déantar comparáid go speisialta idir é agus beirt de na ceannairí mór le rá a tháinig roimhe i stair chumannach na tíre, Mao Tse-tung (nó Mao Zedong) a rialaigh idir 1949 agus 1976 agus Deng Xiaoping ina dhiaidh sin. Dar le mórán den phobal go bhfuil caibidil órga eile á scríobh, le Xi Jinping mar údar, agus táthar ag tuar go léireofar a thuilleadh dá ghlóire agus dá oirirce dhearg ar ball.

Agus ag caint ar bhall dearg…

Ba é Séamuas Stíobhartach II is mó a tharraing chuige an ról mar Fhuascailteoir i mórán de na haislingí polaitiúla a chum na filí sa seachtú agus san ochtú haois déag anseo in Éirinn. Ach bhí carachtair eile ann chomh maith a tharraing chucu an ról meisiach seo ag ócáidí áirithe, agus súil ag an bpobal go dtiocfaidís i gcabhair orthu i gcoinne na Sasanach. Ina measc bhí Aodh Ó Domhnaill, nó Ball Dearg Ó Domhnaill mar ab fhearr aithne air.

Saolaíodh i dTír Chonaill é, agus chaith roinnt blianta mar ardoifigeach in arm na Spáinne. D’fhill sé ar Éirinn chun cogadh a chur ar na Sasanaigh i 1690, mar a insíonn an tOllamh Breandán Ó Buachalla in aiste dá chuid.

Tagairt do mharc dearg ar a chorp a bhí sa leasainm, rud a rinne dlisteanú air mar Mheisias nó Fuascailteoir, mar tairngríodh é sa litríocht i bhfad siar go dtiocfadh duine ón gcoigríoch lena leithéid de chomhartha chun pobal na hÉireann a fhuascailt ón daorsmacht. Ghlac idir chléir, aos léinn agus thuath leis mar cheannaire agus laistigh d’achar gearr bhí slua mór de lucht leanúna aige chun dul i mbun catha i Luimneach.

Gan amhras níl sa cheangal ‘dearg’ idir cúrsaí Seacaibíteacha na hÉireann agus cúrsaí cumannacha comhaimseartha na Síne ach comhtharlú agus imeartas focal. Ach is ionann ina lán slite an tnúth, an dóchas agus an mhuinín a chuirfeadh an file (agus an pobal dar de é) in iúl san amhrán gaelach, an aisling pholaitiúil anallód, agus an laochadhradh atá á bhronnadh ar Xi na laethanta seo.

Tá cáil amuigh air mar dhuine uasal íseal. Uasal sa mhéid is go bhfuil fís uaillmhianach aige don tír, agus é á cur i bhfeidhm go dícheallach ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Agus uasal chomh maith de bharr a chúlra féin. Ceapadh a athair ina leasphríomh-aire i rith réimeas Mao Tse-tung agus bhain clú amach dó féin as an tseirbhís agus an tírghrá a thaispeáin sé.

Ach in ainneoin na folaíochta uaisle a fuair sé mar oidhreacht, aithnítear an uirísle atá ann chomh maith agus é go maith ábalta caidreamh pearsanta a dhéanamh leis an ngnáthdhuine – a bhuíochas sin, ceaptar den am a chaith sé ina óige ag obair go crua i bhfad óna mhuintir agus pluais mar áit chónaithe aige. Polasaí de chuid Mao ab ea é sin, an t-aos óg ó na bailte a chur ag obair in áit iargúlta, agus taithí ar chúinsí deacra dúshlánacha a thabhairt dóibh. Ón dtaithí seo a d’eascair an fhealsúnacht agus an pholaitíocht atá ag seasamh leis anois. Fuineadh agus fáisceadh é ar bheagán de mhaoin an tsaoil, ach ar mhórán den uaillmhian dá shaol féin agus do shaol na tíre. ‘Xi beag, Xi mór,’ mar a déarfá. 

Is iomaí slí a chuirtear an laochadhradh in iúl go laethúil. Téann daoine ar cuairt, mar shampla, go dtí an baile beag seo inar chaith sé a óige, Liangjiahe, mar a bheadh oilithreacht ar thobar beannaithe, agus stádas naofa bronnta ar dhuine atá fós ina bheatha. Tá ionaid eile ainmnithe ina onóir mórthimpeall na tíre chomh maith céanna.

Sampla eile is ea an raidhse beathaisnéisí atá foilsithe, agus an méid ama a chaitear sna meáin chumarsáide go laethúil ag cur síos go hadhmholtach ar a ghaiscí agus a bhriathra. Nó cad faoi na ceithre nóiméad de bhualadh bos a fuair sé (a craoladh ina iomláine), agus é ag beannú do na sluaite an lá a ceapadh é don dara téarma i mí Dheireadh Fómhair?

Díol spéise chomh maith is ea an comórtas a bhí ar siúl le déanaí chun an nath nó mana is fearr atá ráite aige in aon cheann de na hóráidí atá tugtha aige a roghnú. Cuireann sé seo i gcuimhne an leabhairín dearg de chuid Mao Tse-tung, ina gcoimeádadh sé nathanna réabhlóideacha mar ábhar spreagtha. 

Ach luann roinnt tráchtairí an dainséar atá ann go rachadh an t-adhradh seo ó smacht, mura  bhfuil sé tarlaithe cheana féin. Tá an cheist curtha cheana féin: cad a tharlóidh nuair a thagann a dhara téarma chun críche in 2022. Mar beidh sé d’iachall air éirí as ansin de réir coinníollacha nua sa bhunreacht. 

Idir an dá linn, tá clár fada oibre leagtha amach ag an rialtas, agus mórán roghanna agus riachtanais le cur san áireamh. An bhfuil ré glórmhar i ndán don tSín sa chaibidil seo atá á scríobh? Agus an mbeidh ról dearfach ag an Sín i gcúrsaí reatha na hÁise agus sa domhan trí chéile?

Nó a mhalairt? Chun filleadh ar an aisling pholaitiúil, agus ar línte ón aisling Mac an Cheannaí, leis an Rathaileach, an bhfágfar cuid den phobal ‘gan cheol ag caoi na ndeor …i bpian go mór’? Mar beidh cuimhne ag mórán sa tSín agus sna tíortha máguaird ar réimeas an Chathaoirligh Mao siar sna caogaidí agus ó shin. Dul chun cinn nó dul ar gcúl? Inseofar dúinn ar ball.

Fág freagra ar 'Cás na nGael agus na Síneach. ‘Gan cheol ag caoi na ndeor …i bpian go mór’?'