Cad chuige an tost seo i leith na cinedheighilte sa Phalaistín?

Ó ghlac arm Iosrael seilbh ar an mBruach Thiar i 1967, tá os cionn 600,000 lonnaitheoir Iosraelach tar éis dul chun cónaithe sa cheantar

Cad chuige an tost seo i leith na cinedheighilte sa Phalaistín?

Samhlaigh, más féidir, tír chumhachtach ag déanamh ionradh armtha ar a comharsa agus ag glacadh flaitheas na tíre sin (nó sciar maith di) chuici féin i ndiaidh an choncais. Ní deacair a leithéid a shamhlú ar na laethanta seo, mar gurb in a tharla nuair a d’fhear an Rúis cogadh ar an Úcráin i mí Feabhra na bliana seo.

Ba ghasta an freagra a thug an domhan ar an ionradh sin agus is cuimsitheach an réimse smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm i gcoinne na Rúise faoi seo, ag an Aontas Eorpach ach go háirithe. Léiríonn na bearta seo gur féidir leis an bpobal idirnáisiúnta gníomhú i ndlúthpháirtíocht le tír atá curtha faoi chois nuair is toil leis é, ach léiríonn siad freisin an fhimíneacht a chleachtann cuid mhaith tíortha, agus Éire ina measc, i leith na Palaistíne.

Tá an lá inniu, an 29 Samhain, ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar Lá Idirnáisiúnta Dlúthpháirtíochta le Muintir na Palaistíne (#PalestineDay). Ó ghlac arm Iosrael seilbh ar an mBruach Thiar i 1967, tá os cionn 600,000 lonnaitheoir Iosraelach tar éis dul chun cónaithe sa cheantar. De réir Choinbhinsiún na Ginéive, is coir chogaidh í coilíniú a dhéanamh ar thalamh a gabhadh le lámh láidir, agus dar leis na Náisiúin Aontaithe tá na lonnaíochtaí Iosraelacha ar an mBruach Thiar agus in oirthear Iarúsailéim go hiomlán mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta.

Ina thuairisc bhliantúil chuig Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an mhí seo caite, níor chuir an Rapóirtéir Speisialta ar Chearta Tithíochta fiacail ann. Cinedheighilt ar bhonn córasach agus ciníoch atá ar bun ag údaráis Iosrael sna críocha gafa, ar sé, rud atá á rá ag eagraíochtaí cearta daonna le fada an lá. Ina measc siúd atá ar aon fhocal leis an Rapóirtéir tá Amnesty International, Human Rights Watch agus an eagraíocht Iosraelach B’tselem.

Cad chuige an tost seo i leith beartas a ghlactar leis go forleathan go bhfuil sé éagórach agus mídhleathach, go háirithe i bhfianaise na ngníomhartha iomadúla atá curtha i bhfeidhm i gcoinne na Rúise? An mbeadh baint ar bith ag cúrsaí airgeadais leis? Is iomaí fordheontas a fhaigheann tionscal an ‘chosanta’ in Iosrael ón Aontas Eorpach le taighde agus forbairt a dhéanamh ar tháirgí chomh héagsúil óna chéile le dróin agus ballaí slándála. Táirgí iad seo, ní foláir, a bheidh ag teastáil go géar san Eoraip amach anseo.

In 2018 rith Dáil Éireann An Bille um Ghníomhaíocht Eacnamaíoch a Rialú (Críocha faoi Fhorghabháil), ‘do dhéanamh cion de dhuine d’allmhairiú nó do dhíol earraí nó seirbhísí ar de bhunadh críoch faoi fhorghabháil iad, nó acmhainní a asbhaint as críoch faoi fhorghabháil in imthosca áirithe.’  Dá n-achtófaí an bille seo is cinnte go gcuirfí deireadh le haon trádáil idir Éirinn agus na lonnaíochtaí mídhleathacha ar an mBruach Thiar, ach go dtí seo tá an rialtas ag diúltú dó.

Idir an dá linn, leantar ar aghaidh ag tógáil tithe ar na críocha faoi fhorghabháil seo. Faoi láthair, tá níos mó ná seasca faoin gcéad de limistéar an Bhruaigh Thiar go hiomlán faoi smacht ag arm Iosrael. Ar an Údarás Palaistíneach, an rialtas de shórt atá ag muintir na Palaistíne, a thiteann ceannas na gcathracha amháin. I gcás chathair Heabróin, tá rudaí níos casta arís. Thart faoi seacht gcéad lonnaitheoir Iosraelach a chónaíonn sa chathair seo in éineacht le dhá chéad míle Palaistíneach. An réiteach osréalach atá ag rialtas Iosrael ar an scéal ná go bhfuil seilbh glactha ag an arm ar an gcúigiú cuid den chathair. Cúpla míle saighdiúir in ainm is a bheith ag cosaint cúpla céad lonnaitheoir, lonnaitheoirí a shiúlann na sráideanna go mínáireach agus meaisínghunnaí ina lámha acu. Ní osréalachas go dtí é.

Tá foireann na Community Peacemaker Teams (cpt.org) lonnaithe i Heabrón le nach mór tríocha bliain anois, iad ag feidhmiú mar fhinnéithe ar an bhforghabháil agus mar chosantóirí síochánta do pháistí na cathrach, á dtionlacan chun na scoile sna ceantair atá faoi smacht ag arm Iosrael. Is iomaí páiste a chaill lá scoile an mhí seo caite, fiú sa chúpla seachtain a chaith mise ina measc. Tá os cionn fiche seicphointe ar fud na cathrach faoi seo ach dúntar gan choinne iad ó am go chéile, nó ní thugtar cead dul tríothu ar an gcúis is neafaisí. De bharr gur ar rothar a bhí sé ag taisteal a coisceadh páiste amháin, lá áirithe. É dhá bhliain déag d’aois nó mar sin, buachaill teann téagartha, ach na deora i gceann a shúile aige agus é ag filleadh ar an mbaile.

Lasmuigh den chathair, is achrannaí arís iad cúrsaí scolaíochta. Sa dúiche seo caithfear cead a lorg ar arm Iosrael sula dtógtar foirgneamh ar bith, cead, go hiondúil, a diúltaítear do Phalaistínigh. Scoil scairte í scoil Umm Al Khair, scoil gan díon ná ballaí i sráidbhaile gan soláthar rialta uisce ná aibhléise. In aice láimhe tá soilse agus uisce ag feirm sicín na lonnaitheoirí seacht lá na seachtaine, agus painéil mhóra ghréine ar a dtithe nua-thógtha.

In ainneoin gach buille a bhuailtear orthu, is láidre ná riamh í meanma an phobail seo. Tá seachtó faoin gcéad de dhaonra na Palaistíne faoi bhun tríocha bliain d’aois, agus is ar an nglúin sin a bhraithfidh todhchaí na tíre. Iad lán diabhlaíochta agus spraoi, mar a bhíonn an t-aos óg i gcónaí, ach iad cróga agus stuama chomh maith céanna.

Cé go bhfuil roinnt des na fir óga tar éis dul i muinín an fhoréigin faoin tráth seo, tá a bhformhór acu ag seasamh an fhóid go diongbháilte síochánta. Múinteoir scoile é Anas, fear óg a chonaic beirt dá chol ceathracha á marú ag fórsaí Iosrael nuair nach raibh sé féin ach ina pháiste. Le déanaí tháinig díorma saighdiúirí go geata na scoile s’aige agus iad sa tóir ar chuid dá dhaltaí a bhí, dar leo, tar éis clocha a chaitheamh leo. Fiú agus a ngunnaí dírithe air, chuir Anas geataí na scoile faoi ghlas orthu. Fiú agus iad ag maíomh go gcaithfidís é mura n-osclódh sé na geataí dóibh.

‘Ar aghaidh libh,’ ar sé, ach ar deireadh thiar bhailigh siad leo as an áit.

Tá muintir na Palaistíne bailithe de shaol liom leat na forghabhála, bailithe de neamhshuim an domhain agus chomh bailithe céanna d’easpa gnímh an Údaráis Phalaistínigh. Níl teorainn, mar sin féin, le misneach na hóige.

Tá léirithe go minic ag muintir na hÉireann go bhfuil siad lánsásta dul i ndlúthpháirtíocht leis an bPalaistín, beag beann ar sheasamh aon rialtais. Le déanaí ritheadh rún d’aon ghuth i gComhairle Chathrach Chorcaí a dhéanfadh Limistéar Saor ó Chinedheighilt den chathair, rud a choiscfeadh ar an gComhairle bheith ag trádáil leis na lonnaíochtaí mídhleathacha ar an mBruach Thiar.

Gníomh beag ann féin, ach teachtaireacht neamhbhalbh i leith na forghabhála mar sin féin, go háirithe dá leanfadh gach údarás sa tír a sampla. Chomh maith leis sin, d’iarr baill na comhairle ar an rialtas bille 2018 (na Críocha faoi Fhorghabháil) a achtú. Gan ach cúpla bliain le dul go dtí an chéad olltoghchán eile, b’fhéidir nár mhiste an cheist chéanna sin a tharraingt anuas le gach iarrthóir a ghlaonn chuig ár ndoirse ag lorg vóta uainn.

Fág freagra ar 'Cad chuige an tost seo i leith na cinedheighilte sa Phalaistín?'