Cad a tharlóidh anois sa chogadh san Úcráin agus san aighneas idir an Rúis agus an t-iarthar?

San alt deo déantar plé ar roinnt rudaí éagsúla a d’fhéadfadh tarlú sa choimhlint san Úcráin

Cad a tharlóidh anois sa chogadh san Úcráin agus san aighneas idir an Rúis agus an t-iarthar?

Sa tsraith alt a bhí agam faoin Úcráin dhírigh mé go dtí seo go príomha ar fhaisnéis easnamhach, mhíchruinn agus bhréagach a cheartú faoin méid ata tarlaithe go dtí seo sa choimhlint idir an Rúis agus an Úcráin. Tá sé – de réir an nádúir – níos éasca bréagnú a dhéanamh ar fhaisnéis faoi rudaí atá tarlaithe ná mar atá sé scagadh a dhéanamh ar anailís faoi rudaí nár tharla fós. Ach úsáid a bhaint as fíricí agus foinsí iontaofa, is féidir a rá cad atá tarlaithe go dtí seo agus a bheith sách cinnte faoi. Is é nádúr na todhchaí ná nach féidir le héinne a rá go cinnte cad a tharlóidh.

Dar ndóigh, ní stopann sin tráchtairí a bheith ag maíomh go muiníneach go bhfuil a fhios acu conas mar a rachaidh cúrsaí sa chogadh san Úcráin agus an choimhlint idir an Rúis agus an tIarthar sna míonna amach romhainn. Tá tráchtairí a bhí ag fógairt cúpla mí ó shin nach raibh seans ar bith go raibh an Rúis chun ionradh a dhéanamh ar an Úcráin ina measc siúd is glóraí ag míniú cad atá chun tarlú anois. Feictear dom gur minic gurbh iad siúd is muiníní ag tuar na todhchaí is lú a bhfuil saineolas acu ar na hábhair ar a mbíonn siad ag trácht. Na saineolaithe míleata agus na heacnamaithe oilte, bíonn siad níos cúramaí ina gcuid anailíse agus cuireann siad fainicí lena gcuid réamhaisnéisí.

Agus é sin ar fad curtha san áireamh agam, táim chun plé a dhéanamh ar roinnt rudaí éagsúla a d’fhéadfadh tarlú sa choimhlint.

Ó thaobh an chogaidh san Úcráin féin tá an chuma ar an scéal faoi láthair go bhfuil inneall míleata na Rúise ina stad, nach mbeidh ar a gcumas aon chathair eile a ghabháil agus nach mbainfidh siad amach a sprioc ceantar iomlán Donetsk a ghabháil sna míonna romhainn amach. Tá dhá chúis leis seo. Ar an gcéad dul síos is léir go bhfuil difear mór á dhéanamh ag an líon beag diúracán fadraoin HIMARS atá curtha ar fáil ag Meiriceá d’fhórsaí an Úcráine. Cuireann siad ar chumas na hÚcráine spriocanna suas le 85 km uathu a bhualadh.

Tá ionaid stórais armlóin na Rúise á scriosadh ag an Úcráin, rud atá tar éis baint go mór den bhuntáiste ollmhór a bhí ag an Rúis ó thaobh airtléire agus diúracán de. Ba é an buntáiste sin thar aon rud eile a chuir ar chumas na Rúise tailte agus bailte a ghabháil ón Úcráin san oirthear. An chúis eile atá leis an maolú ar éifeacht fhórsaí na Rúise ná go bhfuil siad spíonta agus cuid mhór de na hacmhainní daonna agus míleata a bhí acu ag tús an chogaidh ídithe.

Tá caveat nó dhó ag gabháil leis an tuar seo, áfach. D’fhéadfadh cúrsaí athrú chun leas na Rúise arís dá bhfaigheadh siad cúnamh míleata substaintiúil ón tSín, rud nach bhfuil tugtha ag an tSín dóibh go dtí seo. Go pointe, mhéadaigh an fhearg a spreag cuairt Nancy Pelosi ar an Téaváin an baol go dtarlódh seo, ach, mar sin féin, is dócha nach dtarlóidh. An phríomhchúis atá le drogall na Síne dul sáite go díreach sa chogadh ná an baol go gcuirfeadh sé tús le cúlú eacnamaíochta sa tSín féin.

A fhaid is atá dul chun cinn eacnamaíochta á dhéanamh sa tSín agus feabhas ag teacht ar chaighdeán maireachtála fhormhór an phobail, tá riail an pháirtí Chumannaigh slán. Ní dhéanfadh sé ciall don lucht ceannais rud ar bith a dhéanamh a chuirfeadh a riail agus a stádas féin i mbaol. Agus má tá siad chun an seans sin a thógáil is ar mhaithe leis an Téaváin a ghabháil a dhéanfaidh siad é – ní ar mhaithe leis an Rúis a tharrtháil.

An fhorbairt eile a d’fhéadfadh an tuar seo a chur ó mhaith ná go stopfadh an tIarthar agus Meiriceá go háirithe ag tabhairt tacaíocht mhíleata don Úcráin. Níl seans ar bith go dtarlóidh sé seo sna míonna romhainn. Ach má éiríonn leis an Rúis na tailte atá gafa acu go dtí seo a choimeád ar feadh dhá bhliain d’fhéadfadh athrú mór teacht ar thírdhreach na polaitíochta san iarthar. D’fhéadfadh Donald Trump nó Poblachtánach ‘America First’ eile a bheith ar ais sa Teach Bán, agus gan fonn air na billiúin d’airgead cháiníocóirí Mheiriceá a chaitheamh ar chogadh i dtír i bhfad i gcéin. Ní haon rún meas an Trumpaigh ar Putin. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh níos mó páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis a bheith tofa i dtíortha áirithe san Eoraip, rud a chothódh tuilleadh scoilteanna sa fhronta aontaithe a bhí ann ag tús an chogaidh.

Fágann seo gur ceist fhíorthábhachtach í an mbeidh ar chumas na hÚcráine tailte a ghabháil ar ais ón Rúis sna míonna romhainn amach. Thóg an Úcráin cuid mhaith tailte i dtuaisceart na tíre ar ais ón Rúis níos luaithe sa chogadh ach i ndáiríre bhí praiseach cheart á déanamh an uair sin ag an Rúis ó thaobh a straitéise míleata de. Tá na Rúisigh tar éis foghlaim óna gcuid botún, áfach. Tá atheagar curtha acu ar a bhfórsaí agus iad dírithe ar spriocanna níos teoranta in oirthear agus i ndeisceart na tíre. Agus ó rinne siad é sin níl fianaise ar bith againn go mbeadh sé ar chumas na hÚcráine cathair nó réigiún mór a athghabháil.

Is cinnte go gcuirfí go mór le seans na hÚcráine bua mór a fháil ar na Rúisigh dá mbeadh Meiriceá sásta níos mó córas diúracáin HIMRS le raon níos faide fós -suas le 150km – a sholáthar. Tá a lán polaiteoirí in Washington ag stocaireacht go ndéanfaí sin agus is mó an seans go ndéanfaidh Meiriceá rud ar an Úcráin mar gheall ar an leas atá bainte acu as na diúracáin a tugadh dóibh roimhe seo.  Mar a dúradh cheana, tá sé cruthaithe ag an Úcráin gur féidir leo úsáid an-éifeachtach a bhaint as a leithéid d’airm agus chloígh siad leis an gcoinníoll nach n-úsáidfí iad chun an Rúis féin a ionsaí – rud a bheadh ina ábhar imní mór do Mheiriceá.

Níl sé soiléir agus seo á scríobh cad ba chúis le scrios bhunáit aerfhórsa na Rúise sa Chrimé, ach is cinnte gur buille trom míleata agus siombalach a bhí ann don Rúis. Breathnaíonn muintir na Rúise ar an gCrimé mar chuid inmheánach dá dtír féin é ach tá ráite ag Meiriceá leis an Úcráin nach bhfuil aon chosc orthu é a ionsaí le hairm Mheiriceá. Má thosaítear ag ionsaí spriocanna sa Chrimé go rialta, nó go fiú dá scriosfaí an droichead idir an Chrimé agus an Rúis, thabharfadh sin lámh i bhfad níos láidre le himirt don Úcráin sa chogadh agus in aon chainteanna síochána amach anseo. Agus dá n-éireodh leis an Úcráin cathair Kherson a athghabháil bheadh smacht acu ar sholáthar uisce leithinis na Crimé.

Maidir leis an gcoimhlint eacnamaíoch idir an tIarthar agus an Rúis níl aon amhras ann, mar a léirigh mé i m’alt deireanach, go bhfuil i bhfad níos mó dochair déanta ag an gcoimhlint sin don Rúis ná mar atá déanta aici don Eoraip. Agus is léir go gcreideann formhór mór saineolaithe eacnamaíochta agus airgeadais go mbeidh geilleagar na Rúise i bhfad níos measa as ná geilleagar na hEorpa sna míonna romhainn amach, fiú sa chás go gcuirfeadh an Rúis stop iomlán lena soláthar gáis don Eoraip.

Tá amhras ann, áfach, an mbeidh na polaiteoirí agus pobal na hEorpa agus an iarthair sásta cur suas san fhadtéarma leis an suaitheadh eacnamaíochta a bheidh ann de bharr an chogaidh eacnamaíochta seo. Ar an dtaobh eile den scéal, má leanann rudaí orthu ag dul in olcas go mór sa Rúis, d’fhéadfadh sin fadhbanna a chruthú do Putin in ainneoin a smacht ar na meáin chumarsáide agus aon fhíorfhreasúra polaitiúil a bheith curtha faoi chois aige.

Is é mo léamh féin ar an scéal ná go bhfuil gach dealramh ar chúrsaí go bhfuil an buntáiste ag an iarthar ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus míleata sa choimhlint i gcoinne na Rúise. Tá geilleagar thíortha an iarthair i bhfad níos láidre agus níos ábalta do chogadh eacnamaíoch fadtéarmach ná mar atá geilleagar na Rúise. D’fhéadfaí chomh maith cúnamh míleata breise a chur ar fáil don Úcráin a d’fhéadfadh taoide an chogaidh a chasadh i gcoinne na Rúise. Ach is ceist i bhfad níos suibiachtúla í an bhfuil an toil pholaitiúil san iarthar an fód a sheasamh i gcoinne na Rúise.

Agus cé gur dócha go bhféadfaí an cogadh a chasadh i bhfabhar na hÚcráine le cabhair mhíleata gan srian, caithfidh an Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, an baol go spreagfaí coimhlint dhíreach leis an Rúis a chur sa mheá. Méadóidh ar an mbaol go n-úsáidfeadh an Rúis airm núicléacha má thosaíonn siad ag cailliúint an chogaidh, má bhíonn an Chrimé i mbaol nó má ionsaítear an Rúis féin le diúracáin a tháinig as Meiriceá.

Sa chás sin, dhéanfaí baol beag de bhaol beag bídeach – abair ó gar do .01% go dtí b’fhéidir 5%. Ach sin seans 5% go bhféadfadh cogadh núicléach tarlú má thugtar gach cabhair mhíleata atá uathu do na hÚcránaigh. Shamhlóinn go dtagann sin idir Joe Biden agus codladh na hoíche.

Fág freagra ar 'Cad a tharlóidh anois sa chogadh san Úcráin agus san aighneas idir an Rúis agus an t-iarthar?'

  • Sean Ó Floinn

    ‘Feictear dom gur minic gurbh iad siúd is muiníní ag tuar na todhchaí is lú a bhfuil saineolas acu ar na hábhair ar a mbíonn siad ag trácht.’ Nach mbaineann sé sin leis na tubaistí atá á dtuar i leith na haeráide freisin? Bíonn léithéidí Greta Thunberg agus reacairí uafáis eile ag rá go bhfuil Lá an Bhreithiúnais romhainn agus go mbeidh droch-chríoch i ndán don chine daonna mura n-athraímid ár gcuid nósanna ó thaobh úsáid an fhuinnimh de. Is cosúil go dtugann an t-Uasal Ó Drisceoil aird ar chuid de na reacairí uafáis sin ar ‘Mír na haeráide’ ar a chlár raidió. Dá bharr sin tá easpa comhleanúnachais ann in anailís Uí Dhrisceoil – ní mór dúinn neamhaird a thabhairt ar na reacairí uafáis is cuma cén fort ina dtreabhann siad.