An bhfuil mórán dochair á dhéanamh ag na smachtbhannaí don Rúis? Tá an fhianaise sách soiléir…

An fíor na tuairimí atá á gcraobhscaoileadh ag tráchtairí agus meáin áirithe san iarthar mar gheall ar thionchar an chogaidh ar gheilleagar na Rúise?

An bhfuil mórán dochair á dhéanamh ag na smachtbhannaí don Rúis? Tá an fhianaise sách soiléir…

Níl mórán dochair á dhéanamh ag na smachtbhannaí don Rúis. Tá siad ag déanamh níos mó dochair don Eoraip ná don Rúis. Tá an Rúis ag tuilleamh níos mó airgid ó ola agus gás anois ná mar a bhí roimh an gcogadh. Agus tá an tSín agus an India ag déanamh suas don ghnó atá caillte ón Eoraip.

An fíor na tuairimí sin atá á gcraobhscaoileadh ag tráchtairí agus meáin áirithe san iarthar? Cén bunús atá leo? Cad a deir an fhianaise linn?

An fíor go bhfuil an Rúis ag tuilleamh níos mó airgid ó ola agus gás anois ná mar a bhí roimh an gcogadh?

Tá an tuairim seo bunaithe ar statisticí ón Rúis sa tréimhse luath tar éis tús an ionraidh nuair a bhí praghsanna ola agus gáis imithe in airde mar gheall ar an gcogadh ach sula raibh smachtbhannaí agus aistarraingt na ngnóthaí idirnáisiúnta curtha i bhfeidhm i gceart. Mar shampla thuairiscigh Bloomberg i Meitheamh: ‘Even with some countries halting or phasing out energy purchases, Russia’s oil-and-gas revenue will be about $285 billion this year, according to estimates from Bloomberg Economics based on Economy Ministry projections. That would exceed the 2021 figure by more than one-fifth’.

Bhí moill ar fhoilsiú fhigiúirí rialtas na Rúise do mhí na Bealtaine ach nuair a tháinig siad amach ar deireadh léirigh siad go raibh Bloomberg mícheart. Thit an t-ioncam ó ola agus gás breis agus 50% i mí na Bealtaine. D’fhógair an Chreimil ansin nach mbeadh siad ag foilsiú aon fhigiúirí d’ioncam ola agus gáis feasta. Dá mbeadh na figiúirí go maith, an roghnóidís gan iad a fhoilsiú? Tá lucht Bloomberg tar éis an nua-shonrú is déanaí a dhéanamh ar na fíricí ach ní hamhlaidh an scéal i gcás go leor de na meáin nach bhfuil saineolas ar leith acu i gcúrsaí gnó.

Nach bhfuil an tSín agus an India ag líonadh na bearna atá fágtha ag an Iarthar?

Is fíor go bhfuil an tSín agus an India ag ceannach níos mó ola ón Rúis anois. Ach tá an scéal casta. Is ó staitisticí na Síne atá fianaise againn go bhfuil an tSín ag ceannach níos mó ola mar ar ndóigh níl an Rúis á bhfoilsiú. Ach léiríonn na statisticí céanna go bhfuiltear á ceannach ar lascaine substaintiúil $36 in aghaidh an bhairille ón bpraghas ar an margadh idirnáisiúnta, atá thart fá $100 agus seo á scríobh. Agus tá seo níos measa fós don Rúis mar gur táirgeoir ardchostais ola agus gáis í an Rúís cheana féin i gcompáird leis an Araib Shádach agus táirgeoirí breoslaí iontaise eile. I bhfocla eile bhí an brabús a dhéanann an Rúis as díol a cuid ola agus gáis níos lú ná táirgeoirí eile, fiú roimh an lascaine seo. Cén fáth an lascaine? Mar go bhfuil an tSín ag teacht i dtír ar laige na Rúise.

Ach an bhfuil ag éirí leis an Rúis an teicneolaíocht agus na hearraí riachtanacha atá á séanadh uirthi ag an iarthar a cheannach ón tSín anois? Léiríonn staitisticí oifigiúla na Síne gur a mhalairt atá ag tarlú. Laghdaigh easpórtálacha na Síne chun an Rúise breis agus 50% ó thús na bliana go dtí mí Aibreáin – titim thubaisteach tráth a bhfuil géarghá ag an Rúis le teicneolaíocht, páirteanna agus ambhábhar eachtrannach.

Cén fáth go bhfuil seo ag tarlú nuair nach bhfuil smachtbhannaí i gcoinne na Rúise ag an tSín? Is geilleagar agus margadh an-bheag í an Rúis do lucht gnó na Síne i gcomparáid le Meiriceá agus an Eoraip. Anuraidh b’fhiú tuairim is €500 billiún trádáil na Síne le Meiriceá. B’fhiú $130 billiún trádáil na Síne le tír amháin san Aontas Eorpach – an Ísiltír. Bhí an Rúis san 11ú háit ar liosta na dtíortha is mó a ndearna an tSín trádáil leo agus níobh fhiú ach tuairim is $70 billiún an trádáil sin. Is amhlaidh go bhfuil lucht gnó na Síne níos buartha faoina sciar de mhargadh Mheiriceá agus na hEorpa a chailliúnt trí theacht salach ar smachtbhannaí an iarthair i gcoinne na Rúise, ná mar atá siad faoin sciar beag dá ngnó leis an Rúis a chailliúnt.

An bhfuil na smachbhannaí ag déanamh níos mó dochair don Eoraip ná don Rúis?

De réir gach slat tomhais oibiachtúil atá againn tá geilleagar na Rúise i dtrioblóid i bhfad níos mó go dtí seo ná geilleagar na hEorpa. Roimh an gcogadh b’ionann iompórtálacha agus 20% d’olltáirge náisiúnta na Rúise. Tá geilleagar na Rúise spleách ar iompórtálacha i go leor tionscal éagsúil, agus d’uireasa na n-iompórtálacha sin ní féidir le cuid mór de thionscail na Rúíse feidhmiú. Tá an Rúis féin tar éis éirí as staitisticí a fhoilsiú ach léiríonn scrúdú a rinne eacnamaithe as Ollscoil Yale ar staitisticí phríomhpháirtnéirí trádála na Rúise go bhfuil laghdú ar a laghad 50% tagtha ar easpórtálacha na dtíortha sin chun na Rúise – luadh cás na Síne mar shampla roimhe seo. Níl aon rud mar sin tarlaithe san Eoraip.

Mar gheall ar an nganntanas iompórtálacha riachtanacha, tá tionscail Rúiseacha a bhraitheann ar na hiompórtalacha sin ina stad. Fágann seo go bhfuil ganntanas go leor earraí sa Rúís, rud atá tar éis an ráta boilscithe a thiomáint suas go dtí 20%, i bhfad níos airde ná an ráta boilscithe 8.6% san Eurozón, mar shampla. Léiríonn figiúirí oifigiúla na Rúise go bhfuil laghdú breis agus 20% ar chaiteachas tomhaltóirí na Rúise le bliain anuas, i gcomparáid le laghdú 1.3% san Eurozón. Sampla maith den fheiniméan seo is ea an méid atá ag tarlú sa mhargadh i gcomhair gluaisteán nua san Rúis. Roimh an gcogadh díoladh ar an meán 100,000 carr nua in aghaidh na míosa sa tír ach thit sin go dtí 27,000 carr i mí an Mheithimh.

Tá neart toisí agus fianaise eile ar fáil a thugann léargas ar na fadhbanna móra atá ag geilleagar na Rúise nach bhfuil ag géilleagar na hEorpa nó atá ag leibhéal i bhfad níos lú ag geilleagar na hEorpa. An fhianaise dó sin go bhfuil Rúisigh shaibhre ag aistriú suimeanna móra airgid go tearmainn shábháilte ar nós Dubai, in ainneoin cosc oifigiúil ar shaibhreas a thógáil as an tír. Fianaise eile an leibhéal ard caiteachais phoiblí atá ag teacht ó chúltaiscí an stáit chun an geilleagar a choimeád ar snámh, leibhéal caiteachais nach bhfuil inmharthanach go fadtéarmach, agus laghdú 50% ar luach stocmhargadh Mhoscó.

Ach cad faoi cheist an gháis? Go dtí seo fuair an Eoraip 46% dá soláthar gáis ón Rúis ach ar an dtaobh eile den scéal ba leis an Eoraip a dhíol an Rúis 83% dá cuid gáis. Is léir nach bhfuil ceist an gháis tar éis dochar mór a dhéanamh do gheilleagar na hEorpa go dtí seo ach an cheist mhór ná cad a tharlóidh an geimhreadh seo chugainn, go háirithe sa Ghearmáin?

Tá an-chuid tuairimí éagsúla á gcur chun cinn ag tráchtairí, ón dream a deir gur féidir leis an Eoraip agus an Ghearmáin déileáil go héasca leis seo agus go ndéanfaidh sé níos lú dochair don gheilleagar ná mar a rinne Covid-19 go dtí an dream a deir go mbeidh círéibeacha ar na sráideanna agus go gcaillfidh na milliúin a bpostanna.

Tugaim dhá rud faoi deara faoi na réamhaisnéisí seo. Tríd is tríd ní eacnamaithe iad formhór na dtráchtairí atá ag tabhairt na réamhaisnéisí is apacailiptí. Níl eacnamaithe ag tuar go mbeidh fadhbanna eacnamaíochta na hEorpa baol ar chomh dona agus atá le feiceáil againn sa Rúis, fiú má chuirtear stop iomlán le soláthar gáis na Rúise. Síleann Goldman Sachs, mar shampla, sa chás is measa go mbainfeadh stop iomlán le soláthar gáis na Rúise 2.2% ó olltáirgeacht intíre na hEorpa. Athrú suntasach gan amhras, ach ní athrú chomh mór é leis an gcúlú eacnamaíochta idir 10% -15% atá á thuar ag institiúidí airgeadais éagsúla sa Rúis i mbliana.

An dara rud a thugaim faoi deara ná nach gcuireann a lán de na tuartha is diúltaí san áireamh an dochar a dhéanfadh stop iomlán le soláthar gáis na Rúise do gheilleagar na Rúise fhéin, geilleagar atá faoi bhrú mór mar atá. Thógfadh sé dhá bhliain nó trí agus infheistíocht mhór ón Rúis píblínte a thógáil a chuirfeadh ar a gcumas an gás a théann chun na hEorpa faoi láthair a dhíol leis an tSín. Idir an dá linn bheadh an t-ioncam sin ón Eoraip caillte go hiomlán acu.

An chonclúid atá le baint as seo ar fad ná go mbíonn tábhacht le scála i gcúrsaí eacnamaíochta, agus go bhfuil an Rúis faoi mhíbhuntáiste sa chogadh eacnamaíoch seo mar gheall ar mhéid fíorbheag a ngeilleagair i gcomparáid le geilleagar na dtíortha atá ag troid cogadh eacnamaíoch léi. Tá an choimhlint seo ag cur isteach go mór ar gheilleagar na Rúise, i bhfad Éireann níos mó ná mar atá sí ag cur as do gheilleagar na hEorpa go dtí seo. Ní féidir a rá go cinnte cad a tharlóidh an geimhreadh seo chugainn ach síleann formhór eacnamaithe go mbeidh geilleagar na Rúise buailte níos measa ná geilleagar na hEorpa i gcónaí, fiú má chuirtear stop iomlán le soláthar gáis na Rúise.

Ní hionann sin, áfach, agus a rá go bhfuil an t-iarthar chun an cogadh eacnamaíoch seo a bhuachan ná go mbeidh ar an Rúis géilleadh i ndeireadh na dála.

Dúirt an réabhlóidí Éireannach Traolach Mac Suibhne: ‘It is not those who can inflict the most, but those who can suffer the most who will conquer.’ Uaireanta ní ag an dream is láidre ar pháipéar a bhíonn an bua. Chonaiceamar é sin go pointe in iarracht na Rúise féin seilbh a ghlacadh ar Chív agus ar an Úcráin ar fad ag tús an chogaidh. Theip ar an iarracht sin in ainneoin go raibh gach buntáiste ó thaobh airm agus méide de ar thaobh na Rúise. Is amhlaidh an cás sa choimhlint eacnamaíoch idir an t-iarthar agus an Rúis. Is beag amhras atá ann má bhíonn an toil chéanna ag an Iarthar is atá ag an Rúis leanúint ar aghaidh leis an gcoimhlint eacnamaíoch, gurbh í an Rúis is mó a bheidh thíos leis.

Ach an bhfuil an toil sin san iarthar? Beidh an geimhreadh seo chugainn an-dian san Eoraip agus caithfidh polaiteoirí an iarthair a bheith i bhfad níos buartha faoin gcéad toghchán eile ná mar is gá do Putin a bheith. Tá níos mó taithí ag muintir na Rúise ar an gcruatan ná mar atá ag cuid mhór de mhuintir na hEorpa. Agus má éiríonn leis an Rúis an fód a sheasamh dhá bhliain eile, b’fhéidir go mbeadh Biden imithe agus Trump, nó Poblachtach cosúil leis a bheadh i bhfad níos fabhraí don Rúis, ar ais sa Teach Bán. Cad a tharlóidh? Ní féidir le staitisticí eacnamaíochta an cheist sin a fhreagairt.

Fág freagra ar 'An bhfuil mórán dochair á dhéanamh ag na smachtbhannaí don Rúis? Tá an fhianaise sách soiléir…'