Briatharchath i Meiriceá Theas agus Maduro agus Bolsonaro in adharca a chéile

Thug uachtarán Veiniséala, Nicolás Maduro, ‘Hitler an lae inniu’ ar Jair Bolsonaro, a chomhghleacaí sa Bhrasaíl

Briatharchath i Meiriceá Theas agus Maduro agus Bolsonaro in adharca a chéile

Uachtarán Veiniséala, Nicolás Maduro, agus a chomhghleacaí sa Bhrasaíl, Jair Bolsonaro

Tá Veiniséala i gcroílár ‘cogadh domhanda’, dar le huachtarán na tíre, Nicolás Maduro, a insealbhaíodh – go conspóideach – dá dhara tréimhse in oifig aige an tseachtain seo caite.

Ag dul thar fóir a bhí Maduro, mar is dual do cheannairí pobalacha. Faoi láthair pé scéal é, níl rud ar bith cosúil le ‘cogadh domhanda’, nó fiú amháin cogadh armtha, ar siúl sa tír shóisialach ar chósta thuaidh Mheiriceá Theas. Tá géarchéim eacnamaíochta, pholaitíochta agus go deimhin dhaonna ann, tá sin – agus is é rialtas Maduro is cúis leis cuid mhór.

Ach ina dhiaidh sin uilig ní féidir a shéanadh, ar ndóigh, go bhfuil Veiniséala i gceartlár cogadh idé-eolaíoch atá á fhearadh ag pobalóirí de chuid na heite fíorchlé agus na heite fíordheise ar a chéile. Sa lá atá inniu ann is í tír Maduro, agus ní Cúba mhuintir Castro, a bhíonn mar phríomhshampla den ifreann cumannach ag ceannairí coimeádacha Mheiriceá Theas – tá Jair Bolsonaro, a insealbhaíodh sa Bhrasaíl Lá Caille, ar dhuine acu. D’fhéadfadh an cogadh focal seo dul ó smacht sna blianta beaga amach romhainn – ach dá dtarlódh sin bheadh cuid mhór den mhilleán ar Maduro féin.

Insealbhaíodh Maduro, a tháinig i gcomharbacht ar Hugo Chávez thiar in 2013, don dara tréimhse in oifig aige Déardaoin seo caite, ach ní aithníonn an freasúra ná go deimhin an chuid is mó de na tíortha eile i Meiriceá Theas agus Thuaidh dlisteanacht rialtas Maduro. Anuraidh, bhí an bua ag Maduro i dtoghchán uachtaránachta a raibh go leor conspóide ag baint leis: cuireadh caimiléireacht toghchánaíochta i leith an rialtais agus rinne an freasúra baghcat ar an toghchán.

Dé hAoine, lá tar éis an tsearmanais insealbhaithe, dúirt ceannaire an fhreasúra, Juan Guaidó, go mbeadh sé féin sásta áit an uachtaráin Maduro a thógáil dá dtabharfadh muintir Veiniséala tacaíocht dó. Mhaígh Guaidó, atá ina uachtarán ar thionól náisiúnta Veiniséala, go bhfuil an ceart sin aige de réir an bhunreachta, ós rud é go measann an freasúra go bhfuil uachtaránacht Maduro mídhlisteanach. 

Dé Sathairn, d’fhógair an Bhrasaíl go dtugann an tír sin tacaíocht do Guaidó.

Dé Domhnaigh, ghabh póilíní rúnda Veiniséala Guaidó ar feadh achair ghairid ach saoradh arís é.

Dé Luain, thug Nicolás Maduro ‘Hitler an lae inniu’ ar Jair Bolsonaro.

Idir an dá linn, níl stop leis an sruth teifeach as Veiniséala. Ó 2015 i leith tá ocras, bochtanas agus géarleanúint pholaitiúil tar éis tabhairt ar 2.3 milliún duine (os cionn 7 faoin gcéad den daonra) an tír a thréigean – nó sin a léiríonn figiúirí ó na Náisiúin Aontaithe. Sin é an líon céanna teifeach – nó gar go leor dó – a thug aghaidh ar an Eoraip ón Meánoirthear agus ón Afraic sa tréimhse chéanna.

Ní hionann agus san Eoraip is beag conspóid a chothaigh an sruth inimirceach seo i Meiriceá Theas go dtí le fíorghairid, ach tá sé sin ag athrú. Tá baic thaistil curtha i bhfeidhm ar mhuintir Veiniséala ag go leor de na tíortha in aice láimhe, agus anuraidh rinneadh ionsaí ar champa teifeach as Veiniséala i mbaile teorann sa Bhrasaíl. Tá athlonnú na scórtha míle teifeach as Veiniséala fud fad na Brasaíle tar éis go leor conspóide a chothú sa tír sin, agus an tseachtain seo caite d’fhógair Ernesto Araújo, an tAire Gnóthaí Eachtracha i rialtas Bolsonaro, go mbeidh an Bhrasaíl ag tarraingt amach as Conradh Domhanda na hImirce, comhaontú de chuid na Náisiún Aontaithe a shínigh 150 tír an mhí seo caite i gcathair Marrakesh i Maracó.

Pé rud a tharlóidh i Veiniséala, más in olcas a rachaidh an ghéarchéim pholaitiúil, eacnamaíochta agus dhaonna sa tír sin beidh impleachtaí tromchúiseacha aige sin don réigiún ar fad agus is baolach nach bhféadfaí a chur as an áireamh go bhfíorófaí an méid a mhaígh Maduro ina aitheasc ag an searmanas insealbhaithe.

Fág freagra ar 'Briatharchath i Meiriceá Theas agus Maduro agus Bolsonaro in adharca a chéile'