Breis is €1 milliún déanta sna pictiúrlanna ag an scannán Gaeilge ‘An Cailín Ciúin’

Tá 22 seachtain caite sna pictiúrlanna ag an gcéad fhadscannán ag Colm Bairéad, scannán atá ag dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar

Breis is €1 milliún déanta sna pictiúrlanna ag an scannán Gaeilge ‘An Cailín Ciúin’

Tá breis is €1 milliún déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain.

Ó cuireadh amach é i lár mhí na Bealtaine, 22 seachtain ó shin, os cionn milliún a ghnóthaigh an scannán teacht in aois ina dtéann cailín óg chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil.

Roghnaigh IFTA an chéad fhadscannán ag Colm Bairéad le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar. Is é seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán Gaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 roghnaithe. Foscadh agus Arracht a roghnaíodh in 2021 agus 2022.

Roimhe seo ba é Arracht, an scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, an scannán Gaeilge ba mhó a thuill airgead ag oifig na dticéad.

€164,000 a ghnóthaigh Arracht in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe anuraidh.

Tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh na cearta dáileacháin do An Cailín Ciúin ceannaithe ag comhlacht i Meiriceá.

An comhlacht Super atá ag dáileadh an scannáin ar phictiúrlanna i Meiriceá. Craobh é Super de chuid an chomhlachta Neon, a rinne scannán mór le rá ar nós I, Tonya agus Parasite a dháileadh sna Stáit Aontaithe.

Bhí An Cailín Ciúin le feiceáil in thart ar 70 pictiúrlann in Éirinn agus i 30 ceann sa Bhreatain.

Cén seans atá ag ‘An Cailín Ciúin’ ar Oscar?

Fuair an scannán de chuid na scéime Cine 4 léirmheasanna cúig réalta ó nuachtáin in Éirinn agus i Sasana.

‘Míorúilt bheag de scannán” a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Chomh maith leis sin, tá an iliomad duaiseanna buaite ag An Cailín Ciúin, ina measc ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Rinne Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 comhghairdeachas le lucht léirithe An Cailín Ciúin, Inscéal, as a ngaisce ag oifig na dticéad. Dúirt sé gur “scannán álainn” a bhí ann “faoi theanga, faoi chiúnas agus faoin ngrá a chruthú” agus go bhfuil sé áirithe cheana féin “ar fud an domhain” mar cheann de “mhórscannáin na hÉireann”.

Dúirt Nell Roddy agus Robert McCann Finn, Comhstiúrthóirí Bainistíochta Break Out Pictures, a chuir an scannán amach in Éirinn agus sa Bhreatain, gur “iontach an gaisce” é ag “scannán ar bith” breis is €1 milliún a shaothrú ach go raibh sé “níos iontaí fós i bhfianaise chomh deacair is atá cúrsaí leis an margadh, agus é ag éirí níos deacra i gcaitheamh an ama”.

Fág freagra ar 'Breis is €1 milliún déanta sna pictiúrlanna ag an scannán Gaeilge ‘An Cailín Ciúin’'