Cén seans atá ag ‘An Cailín Ciúin’ ar Oscar?

Agus An Cailín Ciúin roghnaithe le dul sa ghleo ar son na hÉireann do na gradaim Oscar, an bhfuil seans ag an bhfadscannán Gaeilge ar an duais mhór?

Cén seans atá ag ‘An Cailín Ciúin’ ar Oscar?

Cad iad na céimeanna eile atá roimh ‘An Cailín Ciúin’ ar bhóthar na nOscar?

Tá an próiseas vótála don Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr saghas casta. Agus é roghnaithe ag IFTA mar iontráil na hÉireann don ghradam cuirfear an scannán Gaeilge ar fhadliosta le hiontrálacha na dtíortha eile go léir. 

Beidh nach mór 100 iontráil ar an liosta seo. (93 a bhí anuraidh ann, an méid is mó riamh). Coiste na Scannán Idirnáisiúnta den Academy a roghnaíonn an gearrliosta ina dhiaidh sin. 

Tá roinnt céadta ar Choiste na Scannán Idirnáisiúnta agus roinntear i ngrúpaí iad chun féachaint ar na scannáin éagsúla a bhíonn ar an bhfadliosta. Tugann siad marc idir 6-10 do na scannáin agus beidh áit ar an ngearrliosta ag an 15 scannán leis an líon is mó vótaí. Ar an 21 Nollaig a fhógrófar an gearrliosta sin.

Cuirfear an 15 scannán sin faoi bhráid na mball go léir ar an Academy –thart ar 9,000 duine – agus tá cead ag aon duine acu vótáil don chúig ainmniúcháin dheireanacha, fad is go bhféachann siad ar na scannáin go léir ar an ngearrliosta. 

Fógrófar na cúig ainmniúcháin don Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr in éineacht leis na hainmniúcháin sna 22 catagóir eile ar an 24 Eanáir. Ar an nDomhnach an 12 Márta a bhronnfar na gradaim Oscar don 95ú huair.

An bhfuil sé luath mar sin a bheith ag fógairt iontráil na hÉireann?

Tá – An Cailín Ciúin an chéad iontráil a fógraíodh do ghradaim 2023. 

Déarfá, áfach, gurb é sin an plean a bhí ag lucht An Cailín Ciúin agus ba dheacair easaontú lena gcur chuige i bhfianaise a ngaisce ó thaobh na bolscaireachta go nuige seo. Chinntigh an tseift is déanaí acu gur ghnóthaigh An Cailín Ciúin a thuilleadh ceannlínte agus léirigh sé an mhuinín atá ag lucht scannáin in Éirinn as iontráil na bliana seo. 

Ní haon hiontas go mbeadh muinín acu as An Cailín Ciúin a bhfuil léirmheasanna fíormholtacha faighte aige agus duaiseanna go leor buaite cheana aige. Is é an scannán Gaeilge is mó rath riamh go bog é agus é ag déanamh thart ar €900,000 ag oifig na dTicéad in Éirinn agus i Sasana. 

Tarlaíonn sé uaireanta i gcás na nOscar go ndéantar dearmad ag uair na cinniúna ar na scannáin is luaithe a raibh bús fúthu, ach ní raibh An Cailín Ciúin i bpictiúrlanna Mheiriceá go fóill. Agus na cearta dáileacháin idirnáisiúnta don scannán Gaeilge de chuid na scéime Cine4 ceannaithe ag Bankside Films, is cinnte go mbeidh margadh le dáilitheoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar bharr an liosta acu. Dúirt Variety gur ‘unstoppable force’ a bhí sa scannán go dtí seo. An dúshlán is mó anois ná an soiscéal a scaipeadh ar an dtaobh eile den Atlantach.

Cé chomh tábhachtach is atá Meiriceá do na Oscair?

Chun go mbeadh sé cáilithe do ghradaim Oscar eile chaithfí An Cailín Ciúin a thaispeáint sna pictiúrlanna in áiteanna áirithe i Meiriceá ar feadh tréimhse áirithe roimh spriocdháta áirithe. Níl lucht léirithe an scannáin cinnte an éireoidh leo na critéir sin a shásamh in am ach tá sé i gceist feachtas poiblíochta a chur ar siúl i Meiriceá agus an scannán a thaispeáint thall. An aidhm a bheadh leis an bhfeachtas sin ná an pobal, léirmheastóirí agus lucht vótála a chur ag caint faoin scannán agus iad a choimeád ag caint faoi de réir mar atá na Oscars ag teannadh linn. Meiriceánaigh formhór mór bhaill an Academy.

An bhfuil seans ag An Cailín Ciúin Oscar a bhuachan?

Seo an tríú bliain as a chéile a roghnaíodh scannán Gaeilge don Oscar agus an séú huair ar fad. Scannán amháin ó Éirinn ar éirigh leis áit a bhaint amach ar an ngearrliosta don ghradam idirnáisiúnta agus i Spáinnis a bhí an scannán sin, Viva le Paddy Breathnach.

Níl aon amhras ach go bhfuil níos mó dóchais as An Cailín Ciúin ná aon iontráil eile a bhí ag an tír seo. Is furasta an dóchas sin a thuiscint ach sracfhéachaint a thabhairt ar na léirmheasanna cúig réalta go léir agus na hadmhálacha ó Oifig na dTicéad. 

‘Míorúilt bheag de scannán’ a thug léirmheastóir Tuairisc ar An Cailín Ciúin, a scríobh agus a stiúraigh Colm Bairéad, agus míorúilt bheag eile a bheadh ann áit a bhaint amach ar an ngearrliosta 15 scannán, gan trácht ar áit i measc na gcúig ainmniúcháin dheireanacha.

Míorúilt mhór a bheadh ann Oscar a bhuachan. Tá claonadh ann le tamall an gradam don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr a bhronnadh ar scannán a fhaigheann ainmniúchán chomh maith don Scannán is Fearr. Tharla sé i gcás Drive My Car anuraidh agus tharla sé roimhe sin i gcás scannán amhail Amour, Roma agus Parasite, an t-aon scannán riamh a bhuaigh an dá dhuais. Ní fios faoi láthair an mbeidh An Cailín Ciúin i dteideal fiú a bheith san iomaíocht d’Oscar An Scannán is Fearr. 

Ach maidir leis an ngearrliosta, tá dea-chomhartha amháin ann cheana ó Mheiriceá agus An Cailín Ciúin luaite i measc na mboc mór ar liosta atá curtha le chéile ag an léirmheastóir seanbhunaithe Anne Thompson. Is é atá ar an liosta ná an 20 scannán ar dóichí le Thompson faoi láthair go mbeidh siad san iomaíocht don Oscar don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr. 

Tá ocht gcinn áirithe aici mar rogha na coitiantachta agus seans maith á thabhairt aici do 12 ceann eile a bheith san iomaíocht, An Cailín Ciúin ina measc.

Seans maith ar an ngearrliosta mar sin.

Agus cá bhfios ina dhiaidh sin?

Fág freagra ar 'Cén seans atá ag ‘An Cailín Ciúin’ ar Oscar?'