Binse tiomnaithe do Chaitlín Maude ag Ollscoil na Gaillimhe

Tá dán de chuid an fhile scríofa ar an mbinse, atá i gcruth leabhair, agus tá sé curtha anois ar Chonair Filíochta na Gaillimhe

Binse tiomnaithe do Chaitlín Maude ag Ollscoil na Gaillimhe

Tháinig grúpa le chéile ó Ollscoil na Gaillimhe agus ó Chonair Filíochta na Gaillimhe chun an binse a thiomnú go hoifigiúil do Chaitlín Maude in éineacht lena mac agus gariníon. Ina suí, tá gariníon an fhile, Fiadh Ní Luain. Ina seasamh (ó chlé), tá an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, James Harrold, an Dr Jeannine Woods, mac an fhile Caomhán Ó Luain, an tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Tom Kenny, May agus John Caulfield. Pic: Aengus McMahon

Tá binse nua curtha ar champas Ollscoil na Gaillimhe in ómós don fhile Caitlín Maude.

Céimí de chuid na hollscoile ab i Maude, a bhásaigh in 1982.

​​Bhí ócáid tiomnaithe don bhinse nua san ollscoil ag an deireadh seachtaine agus mac an fhile, Caomhán Ó Luain, agus a iníon Fiadh, i láthair.

Baill de Bhothán na bhFear, Cluain Cearbán i gCo Mhaigh Eo a rinne an binse a dhearadh i gcruth leabhair agus a thóg é le snáithínghloine. Tá an dán Gaeilge ‘Na Blátha’ le Caitlín Maude le léamh ar an mbinse, chomh maith le h-aistriúchán Béarla leis an scríbhneoir clúiteach, Nuala Ní Chonchúir.

Tá an dán ‘Na Blátha‘ le Caitlín Maude le léamh ar an mbinse nua, chomh maith leis an aistriúchán Béarla a rinne Nuala Ní Chonchúir air. Pic: Aengus McMahon

Tá an binse suite i nGairdín Mháirín de Valéra ar an taobh ó thuaidh de Chearnóg na hOllscoile agus tá sé curtha ar Chonair Filíochta na Gaillimhe. Is é an ceathrú suíomh ollscoile ar an gconair timpeall na cathrach, agus tá dánta le Terry McDonagh, Louis de Paor agus Micheál D. Ó hUigínn le léamh in áiteanna eile ar an gcampas.

“Tá thart ar 30 dán againn anois ar Chonair Filíochta na Gaillimhe atá suite ar fud na cathrach,” a dúirt Tom Kenny, comhbhunaitheoir na Conaire. “Is iontach deas an dán le Caitlín Maude a fheiceáil ar champas na hollscoile agus tá mé cinnte go léifidh na mílte daoine amach anseo é.”

“Bean láidir Ghaeltachta,” a bhí i Maude a bhfuil a hoidhreacht fós le brath i bhfilíocht an lae inniu, a dúirt an tOllamh Rióna Ní Fhrighil, Ceann Disciplín na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.

“Bhí Caitlín Maude fréamhaithe sa dúchas, ach scríobh sí ina glór féin faoi anáil litríochta na hEorpa. Labhair sí amach faoi fhadhbanna sóisialta a linne rud a théann i bhfeidhm ar scoláirí an lae inniu. Bean láidir Ghaeltachta a bhí inti a thug misneach do na filí a tháinig ina diaidh agus spreagann a cuid dánta filí óga na Gaeilge fós sa lá atá inniu ann.”

Sna Doiriú i gConamara a rugadh Caitlín Maude sa mbliain 1941. Chomh maith lena cumas filíochta, bhí cáil uirthi mar fhonnadóir agus mar aisteoir.

Thug Fiadh agus Caomhán Ó Luain, gariníon agus mac Chaitlín Maude, cuairt ar champas Ollscoil na Gaillimhe le binse nua a thiomnú go hoifigiúil don fhile. Pic: Aengus McMahon

Fág freagra ar 'Binse tiomnaithe do Chaitlín Maude ag Ollscoil na Gaillimhe'