Bhí géarchéim faisin agam aréir.
Bhuel, ní agam féin a bhí an ghéarchéim. Bhí mé sona sásta sa bhríste gearr gioblach a bhí orm. Ach bhí an bheirt phríomhcharachtar san úrscéal atá idir lámha agam ag dul amach ag damhsa i gclub oíche sna trópaicí. Céard a chaithfidís?!
Ach oiread le chuile radharc san úrscéal céanna, tá an radharc a bhí ag tabhairt trioblóide dom aréir ar pár agam le bliain nó dhó; i mbun eagarthóireachta atáim. Ar ndóigh bhí éadaí curtha agam ar na príomhcharachtair nuair a scríobh mé an radharc sin an chéad lá riamh, ach caithfidh sé go raibh seachrán éigin orm ag an am.
Bhí feisteas i bhfad róchosúil ar an mbeirt fhear: brístí Beirmiúdacha agus T-léinte. Tarlaíonn comhtharlúintí mar sin san fhíorshaol, ach níor cheart dóibh tarlú i saothar ficsin (mura mbíonn sé i gceist ag an scríbhneoir a léiriú go raibh brí dhomhain éigin taobh thiar den ‘chomhtharlúint’ – agus sa chás seo ní raibh.)
Ar ndóigh tá an cur síos ar éadaí ar cheann de na huirlisí is fónta atá ar fáil don scríbhneoir chun pearsantacht, aicme shóisialta, stíl agus go deimhin giúmar a chuid carachtar a léiriú. Mura dtéann tú thar fóir leis an gcleas, féadfaidh tú teachtaireachtaí scríofa ar nós ‘buachaill dána’ a chló ar a gcuid T-léinte, fiú amháin!
Ach cruthaíonn na deiseanna a thugann feisteas na gcarachtar duit deacrachtaí freisin: éiríonn chuile shórt siombalach, óir bíonn aigne an léitheora traenáilte chun brí éigin a bhaint as chuile bhlúirín eolais a thugann an scríbhneoir dó.
San fhíorshaol, caithimid T-léine bhán toisc go mbuaileann an fonn sin muid, nó toisc go bhfuil na T-léinte eile ar fad sa chiseán níocháin an lá sin. Ach i saothar ficsin ní mór fáth a bheith le chuile chinneadh faisin.
Sa deireadh, chuir mé bríste gearr airm agus T-léine bhán ar dhuine de na carachtair a bhí ag dul amach ag clubáil sa radharc a bhí ag tabhairt trioblóide dom; fear saghas géilliúil é seo a dhéanann an-iarracht cuma na fearúlachta a chur air féin – ach go fo-chomhfhiosach, bhí an bhratach bhán á hardú aige.
Ag caint ar an bhfo-chomhfhios, gach seans gur ar an leibhéal sin amháin a thabharfaidh an léitheoir suntas don chúis a bhí agam leis an mbríste airm agus leis an T-léine bhán úd – ach ní hé sin le rá nár chóir dom am agus dua a chaitheamh leis an gcur síos ar éadaí na gcarachtar sa radharc sin. Is é jab an scríbhneora ficsin a chinntiú go mbíonn feisteas cuí i vardrúis a chuid carachtar do chuile ócáid: éadaí a chuirfidh ar chumas aigne an léitheora pictiúr níos cruinne a chruthú de laochra an scéil.
Fág freagra ar 'Bhí géarchéim faisin agam aréir…'