Bheadh an Common Noun agus Pound i lár na páirce ar scothfhoireann na leasainmneacha…

Gné dár n-oidhreacht atá ag síogú léi is ea na leasainmneacha

Bheadh an Common Noun agus Pound i lár na páirce ar scothfhoireann na leasainmneacha…

Lá breá de shagart a bhí thiar i mbaile áirithe in Iarthar Duibhneach lá. Bhí sé de theist air ná sásódh a raibh de fhreagraí ar domhan a fhiosracht. “Cé hé sin?”, agus “Ca’il sí siúd a’ dul?” agus míle ceist nach iad, ba ea port fhir an challair bháin.

Bhí sé seasta le hais an bhóthair lá, agus é ag crá feirmeora, nuair a ghabh an tríú fear tharstu beirt agus struip siúil fé. Agus é dulta siar an bóthar tamall, chaith an sagart an cheist a chur.

“Cé hé sin?” arsa é. 

“Sin Fox.” a dúradh leis.

“Agus cé hé Fox?”, a deir an sagart.

“Cliamhain a’ Traonaigh.”

Bhí an t-eolas cruinn beacht ceart ag an bhfeirmeoir, ach bhí sagairtín na gceist chomh dall le geansaí ar an gcúram.

Ba bheag duine a bhí in éagmais leasainm anso roimh theacht na glúine seo, agus go deimhin féin is mó Duibhneach gur fearr aithne orthu ar leasainmneacha ná a n-ainmneacha baiste. Bhí leasainmneacha clainne ann, leasainmneacha aonair, leasainmneacha a bhain le tuismitheoirí nó le seantuismitheoirí agus leasainmneacha gur dheacair a dhéanamh amach cén bun nó barr a bhí leo.

Cuirim i gcás, dá seasfá thiar ag Carraig a’ Chinn i gCeann Sléibhe, agus caid id’ ghlaic agat, d’fhéadfá TinPin Sheáin Uí Shé a aimsiú le haon phas amháin. Thabharfadh TinPin do Mhicil na gCnámh é, agus ar aghaidh go Feoil Bó. Seo chughainn Gudgil anois (ní Goozil. Townie é siúd). Bheadh Peaidí ’n Dúna i lár na himeartha, bí siúrálta dho, agus sinn fós i gCom Dhineol.

D’fhéadfadh muintir an Choma challenge a chur ar mhuintir an oileáin istigh. Bheadh An Lítheach (nach Lítheach in aon chor é ach Cearnach) ar an bhfoireann, agus Filí agus Faeilí ina theannta is dócha. Bheadh, agus Seáisí, Bofar, Codaí, Cuainí, agus Ceaist, gan trácht ar an bPoncán, Muiris na Tinte, Hínan (gur Duinnsléibheach é), agus Callaghan (gurbh Guithíneach é).

N’fheadar arb é An Fíogach nó an Rí a bheadh ina bhainisteoir orthu, ach bheadh tarrac ar mhaoir uisce acu idir Phléit, Flint, Graibí agus Faight.

Ní fhéadfadh muintir Dhún Chaoin fanacht socair. Bheadh Kruger agus an Colonel á mbainistiú san. Bheadh An Mine Geaig sa bháide agus an Baidhlear os a chomhair. Tull agus Deáí ar gach ara taobh do. Babú, Bailt agus Billy an líne leathchúil, agus An Common Noun agus Pound i lár na páirce.

Muinitir Bhaile an Ghleanna chun tosaigh acu gan dabht. Bheadh Deibhinn ann (Pádraig de Mórdha), agus Dheip (Pádraig de Mórdha chomh maith), agus An Seargaint leo sa líne leath-thosaigh. Bheadh na bacaigh a bhíodh coitianta i mBaile an Ghleanna, Johnny Ate-A-Bite, Suatha agus Pádraig Suatha andainséarach sa líne lántosach.

Bheadh sé ina ghráscar fén dtráth seo agus gá le hionadaithe. Seo chughainn Charlie (Seán ab ainm do le ceart agus Frank (Tomás ó cheart). Neaic. Peidhlí. An Cóta. Deaingil. Pidí. Neoidin. Micil na nGabhar. An Craipí. Braidhm. An Boy Bill. An Pápa.

Ní choimeádfadh An Bomber, Aeroplane, Gega, Ogie agus an Gooch coinneal leo.

Gné dár n-oidhreacht atá ag síogú léi, ar nós scata gnéithe eile.

Caithfead dul soir an bóthar tamall. N’fheadar an mbuailfidh an Lacha leis an bPónaí, Pip, nó le Neilí é féin?

Fág freagra ar 'Bheadh an Common Noun agus Pound i lár na páirce ar scothfhoireann na leasainmneacha…'

  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Seán na Pípe, Dé-mhaoin, Boysey Chiobhâin, an Beithíoch, an Stomaí, an Brúsar, Boc a’ Mhāma,Jeací a’ Chounty,Mary an Dath, Āine Phapa, Liam a Chúinne, Brandon a Bhoc…bhíodar ann go rābach beannacht Dë lena n-anam.
    Nāch ait gurb fhusa leasainm a bhaisteadh orthu nā a n-ainm ceart a thabhairt orthu.
    An le dímheas nó díomhaointeas nó le deisbhéalacht a tugadh orthu iad.
    Sin ceist nā freagrófar go fuirist.

  • Emer Ní Ronáin

    B’shin nós a bhí coitianta sna triochadaí agus sna caogadaí i nGaeilge agus i mBéarla chomh maith. Mar shampla bhíodh an bhean áirithe seo ar an mbóthar seo ‘gainne agus níor tugadh riamh uirthí ach ‘the Queen’. Ní raibh amhras ar bith orainn riamh cé bhí i gceist ag an gcainteoir. Nós atá imithe.