Bhain taisí a aimsíodh amach ó Inis Mór i 1996 le fear a bhí ar iarraidh le 25 bliain anuas

Bhí Denis Walsh á chuardach ag a theaghlach le 25 bliain ach deimhníodh dóibh gurbh iad a thaisí a fuarthas amach ó Inis Mór i 1996

Bhain taisí a aimsíodh amach ó Inis Mór i 1996 le fear a bhí ar iarraidh le 25 bliain anuas

Fear as Luimneach ar shíl a mhuintir é a bheith ar iarraidh le 25 bliain anuas, thángthas ar a chorp sa bhfarraige amach ó Inis Mór i 1996.

Chuir na Gardaí an t-eolas sin ar fáil an deireadh seachtaine seo do mhuintir an fhir, Denis Walsh, a síleadh a bhí ar iarraidh ó d’fhág sé an baile i gCathair Dháibhín i Luimneach, don uair dheiridh, ar an 9 Márta 1996. Bhí sé 23 bliain d’aois ag an am.

Dúirt a thuismitheoirí gur tháinig beirt Ghardaí chucu ag an deireadh seachtaine chun a insint dóibh go raibh eolas nua acu faoina mac. 

Dúirt na Gardaí leo go raibh sé deimhnithe anois gurbh iad taisí a mic a fuarthas i 1996. Bhí Denis á chuardach ag a theaghlach le 25 bliain.

I ráiteas ón nGarda Síochána, dúradh: “An 9 Márta, 1996, cuireadh an Garda Síochána i Stáisiún Gardaí Ascaill Chloch an Mhéara i Luimneach ar an eolas go raibh Denis Walsh, Cathair Dháibhín, Luimneach ar iarraidh. Bhí an comhad do dhuine atá ar iarraidh fós ar oscailt ó shin.

“I mí Aibreáin 1996, thángthas ar chorpán anaithnid amach ó Inis Mór, Oileáin Árann i gcontae na Gaillimhe agus tugadh é go dtí an mharbhlann in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

“Glacadh samplaí a seoladh ar aghaidh go dtí an tsaotharlann eolaíochta fóiréinsí féachaint an bhféadfaí an té a bhí marbh a aithint. Rinneadh na samplaí sin a athscrúdú trí huaire ó sin – Iúil 2008, Márta 2011 agus Meitheamh 2017, ach níor aithníodh an marbhán.

“An 5 Feabhra, 2021, cuireadh in iúl do na Gardaí in Ascaill Chloch an Mhéara go raibh na samplaí aitheanta a bhuíochas don dul chun cinn atá déanta i gcúrsaí DNA. Aithníodh gurbh ó chorp Denis Walsh na samplaí a tháinig leis na samplaí a tógadh óna thuismitheoirí. Cuireadh an teaghlach ar an eolas.”

Dúirt Denis Walsh, athair an té a bhásaigh, go raibh “croitheadh” bainte ag an scéal seo as féin agus as a bhean agus go raibh siad “trína chéile” ach “sásta” go raibh a mac faighte.

“Táimid trína chéile ag an scéal ar fad, is mór atá fulaingthe againn le 25 bliain, agus níor chodail mé néal le trí oíche. Níl a fhios againn fós cá bhfuil taisí Denis, ár mac,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Bhain taisí a aimsíodh amach ó Inis Mór i 1996 le fear a bhí ar iarraidh le 25 bliain anuas'