Beidh scáthdhornálaíocht agus cleasaíocht arís againn, ach tá tábhacht áirithe leis an tsraith i mbliana

Agus athrú le teacht ar leagan amach na sraithe an bhliain seo chugainn, tá sé tábhachtach d’fhoirne go mbeadh feachtas maith acu i Roinn 1 i mbliana

Beidh scáthdhornálaíocht agus cleasaíocht arís againn, ach tá tábhacht áirithe leis an tsraith i mbliana

Tosnóidh an tSraith Náisiúnta Iomána an deireadh seachtaine agus cé gur bheag tábhacht a bhain leis an tsraith le roinnt blianta anuas, beidh sprioc ar leith ag na foirne sa phríomhroinn i mbliana.

Tá athrú le teacht ar leagan amach na sraithe an bhliain seo chugainn agus ní bheidh ach seacht bhfoireann ag imirt i Roinn 1A in 2025, rud a chiallaíonn go mbeidh cúig chontae dícháilithe ó phríomhroinn na bliana seo. An phríomhsprioc atá ag foirne an t-earrach seo mar sin ná críochnú sna chéad trí áit i Ranna 1A agus 1B. Má dhéantar sin, beidh siad sa phríomhroinn arís an bhliain seo chugainn, mar a bheidh an fhoireann is fearr a chríochnóidh sa cheathrú háit i mbliana.

Tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith sa phríomhroinn sin an bhliain seo chugainn má tá sé mar aidhm agat a bheith san iomaíocht do Chorn Mhic Cárthaigh in 2025.

As seo go dtí cluiche ceannais na sraithe, tabharfar deis do chuid mhaith imreoirí nua agus bainfear triail as teaicticí nua anois agus arís ach feicfear an scáthdhornálaíocht, an cur i gcéill agus na seanchleasanna freisin agus foirne ag iarraidh an dallamullóg a chur ar a chéile roimh thús na craoibhe.

Cuirfear tús leis an aicsean inniu ach níl mórán fuilibiliú (focal a bhíodh ag mo sheanathair agus atá i mo cheann arís tar éis d’athair an aisteora Cillian Murphy é a úsáid le déanaí ar An Saol Ó Dheas ar RnaG) faoi na cluichí.

Ar a dó a chlog inniu, beidh an Iarmhí ag dul chun páirce i Staid an Phiarsaigh i gcoinne na Gaillimhe. Caithfidh nach raibh bainisteoir na Gaillimhe Henry Shefflin róshásta leis an taispeántas ná an toradh nuair a chailleadar cluiche ceannais Chorn an Bhreathnaigh i gcoinne Loch Garman Dé Domhnaigh seo caite. Níor scóráladar ach naoi gcúilín ón imirt, ní rabhadar chun tosaigh ag aon phointe agus taobh amuigh de chorrphíosa dea-imeartha ó Kevin Cooney agus Tom Monaghan, ní raibh mórán sa taispeántas a shásódh na leantóirí. Bheifeá ag ceapadh go mbeadh an bua acu tráthnóna mar sin féin.

Bheinn ag súil le coimhlint beagáinín níos fearr i bPáirc Parnell níos déanaí nuair a thiocfaidh Tiobraid Árann ar cuairt chun na hardchathrach. D’aimsigh na Tiobraid Árannaigh an t-uafás, 3-27, i gcoinne Luimnigh seachtain ó shin i gcluiche dúshláin d’fhondúireacht Dillon Quirke ach, é sin ráite, thug John Kiely deis do scata mór imreoirí nua sa chluiche sin.

Beidh sé suimiúil an chéad radharc ceart a fháil ar an dá fhoireann i bPáirc Parnell. Seo í an dara bliain ag Liam Cahill agus ag Micheál Donoghue i bhfeighil agus leis sin caithfidh go bhfuil i bhfad níos mó eolais acu ar na himreoirí is fearr sna contaetha.

Ar an Domhnach, feicfimid dhá fhoireann a bhí an-fheiceálach i gCraobh na Mumhan anuraidh. Faraor, ag an deireadh theip ar Chorcaigh teacht amach as an gcúige agus bhí cuid den mhí-ádh ag baint le taispeántas an Chláir i gcoinne Chill Chainnigh nuair a buaileadh iad i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann.

D’fhéadfaí argóint a dhéanamh gurb í ceann an Chláir an dara foireann is fearr sa tír le dhá shéasúr anuas. Deirtear go mbeidh siad d’uireasa Tony Kelly don fheachtas sraithe ar fad. Gan dabht tabharfaidh sé sin seans d’imreoirí eile ach nuair a thiocfaidh aimsir na craoibhe beidh géarghá le Kelly.

Tá scata imreoirí óga, cumasacha anois ag Corcaigh agus tá súil agam go bhfaighidh siad seans iad féin a shá isteach ar an bpainéal don chraobh. Beidh an chéad chuid den fhianaise againn ar an Domhnach.

Sa bhaile a bhí Luimneach ceaptha a bheith amárach ach is ag dul chuig Staid Semple a bheidh siad chun imirt in aghaidh Aontroma agus obair athchóirithe fós ar bun ar Pháirc na nGael.

Tá Aontroim ag taisteal aduaidh agus ag deireadh an chluiche seo beidh níos mó eolais ag an mbainisteoir Darren Gleeson faoina chuid imreoirí agus an caighdeán atá acu.

Bhí Loch Garman gan Matthew O’Hanlon, Conor McDonald, Liam Óg McGovern, Rory O’Connor agus Diarmuid O’Keeffe nuair a bhuadar Corn an Bhreathnaigh an Domhnach seo caite ach bhí na Carmannaigh fós an-chumasach agus chruthaigh an réalta Lee Chin, go háirithe, ar fheabhas ar fad. Beidh seans acu cur leis an mbua sin nuair a rachaidh siad go Páirc Uí Nualláin. Dar ndóigh beidh fonn ar Derek Lyng, ina dhara bliain i gceannas ar Chill Chainnigh, marc a leagan síos i gcoinne na gcomharsan agus na sean-naimhde.

Sa chluiche deireanach i Roinn 1, beidh an-suim ag lucht tacaíochta Uíbh Fhailí cuid de na himreoirí óga atá tagtha tríd le cúpla bliain a fheiceáil agus iad i gcoinne Phort Láirge.

Mar fhocal scoir, tá sé aontaithe anois idir SuperValu agus bord CLG Chorcaí go dtabharfar SuperValu Páirc Uí Chaoimh ar an staid ar feadh tréimhse deich mbliana. ‘De Park’ a bheidh agamsa agus ag mo ghlúinse uirthi i gcónaí.

Fág freagra ar 'Beidh scáthdhornálaíocht agus cleasaíocht arís againn, ach tá tábhacht áirithe leis an tsraith i mbliana'