‘Ná bac an fuilibiliú!’ – comhairle faoi na Oscars ag athair Chillian Murphy d’éisteoirí RnaG

Ní fear mór fuilibiliú Cillian Murphy a deir athair an aisteora, Corcaíoch agus cainteoir líofa Gaeilge a chaitheann cuid mhór dá shaol i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

‘Ná bac an fuilibiliú!’ – comhairle faoi na Oscars ag athair Chillian Murphy d’éisteoirí RnaG

Bhí comhairle ag athair an aisteora Cillian Murphy d’éisteoirí An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo – ná bímis ag imeacht le brothall leis an bhfuilibiliú faoi na gradaim Oscar.

Dúirt Breandán Ó Murchú, a bhfuil a mhac Cillian ainmnithe don Oscar don aisteoir is fearr dá shárthaispeántas sa scannán Oppenheimer, gur chóir cuimhneamh, go háirithe agus a bhfuil ag tarlú sa domhan faoi láthair, nach bhfuil san aisteoireacht ach post.

Ní fear mór fuilibiliú a mhac ach oiread, a dúirt Breandán Ó Murchú, Corcaíoch a chaitheann cuid mhór dá shaol i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

“Tá sé chomh maith agam a rá leat gur chóir dom a bheith ciallmhar mar gheall ar an rud ar fad…mar tá an t-uafás bolscaireachta agus fuililiú ag baint leis. Sin ar leibhéal amháin agus ansin tá an obair agus is rud eile ar fad é sin.

“Measctar an dá rud is dóigh liom…Tá na meáin ana-ghafa leis an rud fé láthair agus tá sé sin go breá ach ní hé an scéal ar fad é, an dtuigeann tú?

“Agus rud eile, tá an méid sin rudaí ag titim amach ar an ndomhan go mba chóir a bheith ciallmhar mar gheall air… Agus tá sé féin á rá sin chomh maith, cé go bhfuilimid ana-shásta ar fad leis agus ana-áthas orainn go bhfuil ag éirí go maith leis. Ach ag an am céanna…”

Tá muintir Chillian Murphy an-bhródúil as a shaothar, ach dírithe ar an obair aisteoireachta féin a bhíonn siad.

ÉIST ANSEO

“Tá post aige faoi mar atá ag aon duine eile agus an t-aon difríocht atá ann ná go bhfaigheann sé an-chuid poiblíochta. Tá mic agus iníonacha ag daoine eile agus tá siad ag déanamh go hiontach agus ní fhaigheann siad siúd aon phoiblíocht, tá a fhios agat!”

Dúirt sé go bhfuil a mhac “lán chomh mórálach” as a chéad scannán eile, Small Things Like These, scannán beag as Éirinn bunaithe ar leabhar le Clare Keegan, is atá sé as Oppenheimer, eipic Christopher Nolan a shaothraigh beagnach billiún dollar ag Oifig na dTicéad.

Agus é faoi agallamh ag Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas inné, dhein Breandán Ó Murchú cur síos ar a mhac nuair a bhí sé óg. Bhí sé ina “duine beag gleoite” a bhí “lán de spiorad agus beocht agus samhlaíocht” agus bhíodh suim mhór aige sa bhFiannaíocht agus i scéalta amhail Diarmuid agus Gráinne.

Ba é an rud ba thábhachtaí ag Cillian Murphy ná “rud éigin a dhéanamh agus é a dhéanamh ceart”.

“Sin an fáth gur luas an fuilibiliú mar ní chuige sin a bhí sé riamh,” arsa Breandán Ó Murchú.

Nuair a chuir Helen Ní Shé ceist air faoi shúile Chillian Murphy, atá “chomh gorm leis an spéir an lá is breátha sa dúthaigh seo”, dar leis an láithreoir aitheanta, bhí scéal grinn aige faoi eachtra le bean i siopa i mBaile Átha Cliath nach raibh chomh tógtha céanna leis an gcaint go léir faoina ghoirme is atá na súile céanna.

Níor thug sé féin faoi deara riamh “cé chomh gorm” is a bhí súile Chillian, a dúirt sé.

Ach cá bhfuair sé iad?

“Óna athair, cé eile!” arsa Breandán Ó Murchú.

Fág freagra ar '‘Ná bac an fuilibiliú!’ – comhairle faoi na Oscars ag athair Chillian Murphy d’éisteoirí RnaG'