Bealach an tuaiscirt á thógáil ag teifigh – ar rothair

Tá na céadta teifeach ón tSiria tar éis taisteal ón Rúis go dtí an Iorua le seachtain anuas - ar rothair

Screen Shot 2015-10-15 at 18.59.20

Tá carn seanrothar meirgeacha ina luí in aice le hoifig custaim Storskog, ar thaobh na hIorua den teorainn idir an tír sin agus an Rúis, timpeall is 400 ciliméadar taobh ó thuaidh den Chiorcal Artach. Tá na céadta rothar ar an gcarn.

Is é an chaoi nach gceadaítear an teorainn idir an Rúis agus an Iorua a thrasnú de shiúl na gcos. Ar rothair – a áirítear mar fheithiclí agus atá á ndíol ar luach 240 euro an ceann ag mangairí ar thaobh na Rúise den teorainn – a dhéanann teifigh ón tSiria atá tar éis teacht ar bhealach úrnua go dtí an Eoraip an 200 méadar a scarann oifig chustaim na Rúise agus oifig chustaim na hIorua a chur díobh.

Ó thús na bliana, tá 1,200 teifeach, Siriaigh nach mór gach uile dhuine acu, tar éis teacht chun na hEorpa ar an mbealach seo. Sin a thuairiscíonn craoltóir náisiúnta na hIorua, NRK.

Ní mór an méid é sin i gcomparáid leis na céadta míle a tháinig bealach na Meánmhara nó bealach na mBalcán, a déarfá.

Ach is le seachtain anuas a tháinig nach mór leath den 1,200 teifeach a bhain an Iorua amach ón Rúis i mbliana. Is é sin le rá, tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil an feiniméan seo ach ina thús.

Tá dhá cheann den cheithre óstán i mbaile Kirkenes, 15 chiliméadar siar ón teorainn, ag feidhmiú anois mar ionaid shealadacha d’iarrthóirí tearmainn, ach tá siad lán go béal cheana féin. Tá ionad nua d’iarrthóirí tearmainn le tógáil. Ag an reophointe atá an teocht mheánach sa bhaile sin faoi láthair, ach titfidh sí go seacht gcéim faoin reophointe as seo go ceann míosa.

Ní ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh í an Iorua, ach is cuid í an tír de limistéar Schengen, rud a chiallaíonn go bhféadfadh teifigh a thagann isteach san Iorua taisteal ar aghaidh chuig tír ar bith eile sa limistéar sin gan aon bhac teorann eile orthu – dá mba mhian leo.

Ar ndóigh, tá an Iorua ar cheann de na tíortha is saibhre ar domhan agus luífeadh sé le réasún go mbeadh ráchairt uirthi mar cheann scríbe i measc teifeach, mar atá ar an tSualainn agus ar an nGearmáin.

Tír í an Iorua leis, áfach, a bhfuil ceist na hinimirce tar éis go leor conspóide agus trioblóide a chothú ann. Is ann, sa bhliain 2011, a tharla ceann de na heachtraí sceimhlitheoireachta is brúidiúla a tharla le cuimhne na ndaoine agus a bhaineann leis an gceist seo, nuair a dhúnmharaigh Anders Breivik 77 ógánach ag campa samhraidh de chuid Pháirtí an Lucht Oibre. Mheas Breivik gurbh iad polasaithe an pháirtí sin ba chiontsiocair leis an inimirce Moslamach go dtí an Iorua.

Tá páirtí frithinimirce, an Fremskrittspartiet (‘Páirtí an Dul Chun Cinn’) ar an tríú páirtí is mó sa tír.

Ó thús na bliana, tá tearmann iarrtha ag 49,000 duine i gceann de thrí thír i dtuaisceart Chríoch Lochlann, an tSualainn, an Iorua agus an Fhionlainn. An tSualainn a thóg isteach mórchuid na ndaoine seo.

Fág freagra ar 'Bealach an tuaiscirt á thógáil ag teifigh – ar rothair'