Bagairt Ard-Chúirte faoin tseirbhís aeir go hÁrainn

Tá athbhreithniú cúirte á bhagairt ag comhlacht nár éirigh leo sa phróiseas tairisceana maidir le seirbhís aeir a sholáthar go hÁrainn

aerarann15-0073

Tá sé beartaithe athbhreithniú breithiúnach a lorg san Ard-Chúirt faoin bpróiseas tairisceana a bhain leis an aersheirbhís go hÁrainn, de réir eolais atá curtha ar fáil ag an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh. Dúirt an tAire gur thuig sé go raibh a leithéid i gceist ag comhlacht nár éirigh leo sa phróiseas tairisceana.

Dhiúltaigh Pádraig Ó Céidigh as Aer Arann a dheimhniú do Tuairisc.ie gurb eisean a bhí leis an athbhreithniú a lorg san Ard-Chúirt agus dúirt go raibh comhairle curtha air gan tada a rá leis na meáin chumarsáide i láthair na huaire.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, nach mbeadh sé cuí aon rud a rá faoin bpróiseas atá fós ar siúl agus go raibh an “an chomhairle dlí thar a bheith soiléir maidir leis seo”.

Dúirt an tAire Stáit go dtuigeann sé go maith an imní atá ar mhuintir Árann mar phobal oileánda agus an tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís aeir dóibh. Dúirt sé freisin go dtuigeann sé na deacrachtaí a bhaineann le haon athrú a dhéanamh ar sheirbhís dá leithéid.

Ag caint dó faoin gcruinniú a bhí aige leis an toscaireacht thar ceann mhuintir Árann in oifigí Roinn na Gaeltachta níos luaithe inniu, dúirt sé gur mhínigh sé dóibh “gurb é an seasamh a bhí agam ón tús ná go raibh mé ag iarraidh go mbeadh seirbhís aeir ann i gcónaí d’Oileáin Árann, le tacaíocht shuntasach airgeadais ón Rialtas, i gcomhréir le rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le seirbhísí faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí”.

Ní dhearna an toscaireacht thar ceann phobal Árann aon dul chun cinn sa chruinniú a bhí acu leis an Aire Stáit, a dúirt urlabhraí ar a son, Tarlach de Blácam, as Inis Meáin.

Tar éis breis agus uair a’ chloig de chruinniú in oifigí na Roinne, dúirt  de Blácam, thar ceann na toscaireachta nach raibh “tada nua ráite ag an Aire” agus gur “thimpeall i gciorcal” a bhí an comhrá ag dul.

“Leanann an troid ar aghaidh” a dúirt sé.

Bhí suas le 500 duine i mbun léirsiú lasmuigh de Roinn na Gaeltachta le linn don toscaireacht a bheith i mbun cainte taobh istigh.

Fág freagra ar 'Bagairt Ard-Chúirte faoin tseirbhís aeir go hÁrainn'