Pobal Árann i mbun léirsiú ag oifigí Roinn na Gaeltachta

Tá toscaireacht ó Árainn i mbun cainte leis an Aire Stáit, Joe McHugh fad is atá na céadta ag léirsiú lasmuigh d’oifigí na Roinne, a deir ár dtuairisceoir sna Forbacha

aerarann15-0117
Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Tá ar a laghad 400 duine ó Oileáin Árann agus ó Chonamara den chuid is mó, chomh maith le hionadaithe poiblí an cheantair, bailithe lasmuigh d’oifigí Roinn na Gaeltachta agus iad ag tacú leis an bhfeachtas chun seirbhís eitleáin a fháil ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar sheirbhís héileacaptair as cathair na Gaillimhe.

Tá feachtas na nÁrainneach ag bailiú nirt le seachtain anuas ó d’fhógair an tAire Stáit, Joe McHugh, gur ag Executive Helicopters Ltd. a bheadh an conradh nua seachas ag Aer Arann, a bhí i mbun an chúraim le blianta fada.

Shocraigh pobal Árann toscaireacht a chur chuig na Forbacha inniu le casadh leis an Aire Stáit, Joe McHugh. Dhá bhunéileamh atá acu: gur le heitleán a dhéanfaí freastal orthu seachas le héileacaptar; agus go mbeadh an tseirbhís lonnaithe ag Aerfort na Minne seachas ar an gCarn Mór i nGaillimh.

Aire Stát na Gaeltachta Joe McHugh agus oifigigh ó Roinn na Gaeltachta ag caint le toscaireacht ó mhuintir Árann. Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Aire Stát na Gaeltachta Joe McHugh agus oifigigh ó Roinn na Gaeltachta ag caint le toscaireacht ó mhuintir Árann. Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Teastaíonn uathu go dtarraingeofaí siar an tairiscint atá déanta le Executive Helicopters Ltd. agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn.

Dúirt Tarlach de Blácam as Inis Meáin nár cuireadh riachtanas na n-oileánach san áireamh nuair a bhí an cinneadh á dhéanamh.

“Níl i léirsiú an lae inniu ach an tús agus leanfar den fheachtas seachtain i ndiaidh seachtaine,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Pobal Árann i mbun léirsiú ag oifigí Roinn na Gaeltachta'