Gan aon dul chun cinn déanta ag cruinniú leis an Aire Stáit, Joe McHugh – muintir Árann

Níor ghlac an tAire McHugh le cuireadh teacht amach chun cainte leis an slua de 500 duine a bhí bailithe taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta ag éileamh seirbhís eitleáin go hÁrainn

An tAire Stáit Joe McHugh agus Tárlach de Blácam ag ofigí Roinn na Gaeltachta trathnóna
An tAire Stáit Joe McHugh agus Tarlach de Blácam ag ofigí Roinn na Gaeltachta trathnóna

Ní dhearna an toscaireacht thar ceann phobal Árann aon dul chun cinn tráthnóna sa chruinniú a bhí acu le hAire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh agus oifigigh na Roinne faoin tseirbhís aeir go hÁrainn.

Tar éis breis agus uair a’ chloig de chruinniú in oifigí na Roinne, dúirt Tarlach de Blácam, as Inis Meáin, thar ceann na toscaireachta, nach raibh “tada nua ráite ag an Aire” agus gur “thimpeall i gciorcal” a bhí an comhrá ag dul.

“Leanann an troid ar aghaidh” a dúirt sé.

Bhí suas le 500 duine i mbun léirsiú lasmuigh de Roinn na Gaeltachta le linn don toscaireacht a bheith i mbun cainte taobh istigh. Theastaigh ón toscaireacht go gcuirfí ar ceal an tairiscint a bhí déanta le Executive Helicopters Ltd. agus go gcuirfí tús le próiseas nua tairisceana le seirbhís aeir a sholáthar go hÁrainn. Seirbhís eitleáin seachas seirbhís héileacaptair a theastaíonn ó mhuintir Árann agus is mian leo gur ó Aerfort na Minne in Indreabhán a rithfí an tseirbhís seachas as Aerfort an Chairn Mhóir i nGaillimh.

Níor ghlac an tAire McHugh le cuireadh ón toscaireacht teacht amach chun cainte leis an slua a bhí bailithe taobh amuigh. Ba é a thuiscintsean ar an scéal gur cruinniú a bhí iarrtha leis seachas go labhródh sé go poiblí leis an slua. Tá ráiteas le heisiúint ag an Aire go luath faoin scéal.

Ag preasagallamh in Óstán Chois Fharraige, sular bhuail an toscaireacht leis an Aire McHugh, labhair ionadaithe thar ceann mhuintir Árann agus ionadaithe tofa pobail. Bhíodar siúd a labhair ar fad ar aon intinn gur cheart seirbhís eitleáin a choinneáil do phobal na n-oileán.

Tar éis an phreasagallaimh, shiúil an slua chomh fada le hoifig Roinn na Gaeltachta mar chomhartha tacaíochta don toscaireacht a bhí ag casadh leis an Aire.

Ag freagairt ceiste ó Tuairisc.ie faoi thuairim lucht dlí nach bhféadfaí tarraingt siar ón tairiscint a bhí déanta ar chonradh a bhronnadh ar Executive Helicopters Ltd., dúirt Tarlach de Blácam nach raibh aon rud le rá aige faoin tuairim sin ach go raibh “an próiseas tairisceana lochtach”.

Dheimhnigh sé freisin go leanfar den fheachtas.

Fág freagra ar 'Gan aon dul chun cinn déanta ag cruinniú leis an Aire Stáit, Joe McHugh – muintir Árann'