Ceangal dlí ar an Stát conradh a bhronnadh ar Executive Helicopters Ltd

Ní féidir an conradh d’aersheirbhís go hÁrainn a tharraingt siar díreach mar gheall nach dtaitníonn an cinneadh le daoine áirithe, a deir foinsí dlí

Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Bheadh sé ionann agus dodhéanta ag an Stát cúlú anois ón gconradh atá tairgthe do Executive Helicopters Ltd. le seirbhís aeir a sholáthar d’Árainn, de réir foinsí údarásacha dlí a labhair le Tuairisc.ie.

Bheadh an baol ann go ndéanfaí éileamh ar chúiteamh dá dtriailfeadh an Stát cúlú ón gcinneadh atá déanta conradh a bhronnadh tar éis próiseas iomaíoch tairisceana, dar leis na saineolaithe dlí.

Dá ainneoin sin, éileoidh toscaireacht thar ceann mhuintir Árann, a chasfaidh leis an Aire Stáit Joe McHugh inniu, an conradh a aistharraingt agus tús a chur le próiseas úrnua tairisceana chun aersheirbhís a sholáthar do na hoileáin. Tá muintir Árann ag éileamh gur le heitleán seachas le héileacaptar a chuirfí an tseirbhís ar fáil agus go mbeadh sí lonnaithe in Aerfort na Minne in Indreabhán seachas in Aerfort an Chairn Mhóir i nGaillimh.

Idir an dá linn, tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta do Tuairisc.ie gur “cúis imní agus díomá don Údarás” a bheadh ann dá gcaillfí poist i gceantar Chonamara de bharr an tsocraithe nua seo. “Aithníonn an tÚdarás gur cailliúint mhór do phobal Chonamara, do lucht gnó an cheantair agus dóibh siúd atá ag feidhmiú san earnáil turasóireachta aistriú na seirbhíse aeir as Na Minne go hOirthear na Gaillimhe”, a dúirt urlabhraí an Údaráis.

Bhí an próiseas faoinar socraíodh an conradh a bhronnadh ar Executive Helicopters Ltd. bunaithe ar threoracha dochta atá leagtha síos ag Aontas na hEorpa maidir le córais tairisceana. Mheas abhcóidí agus dlíodóir a labhair le Tuairisc.ie aréir go gcaithfeadh an Stát “cúis an-mhaith a bheith aige” sula bhféadfaí dul siar ar an gcinneadh. Dá mbeadh lúb ar lár éigin sa chóras a bhain leis an bpróiseas tairisceana, d’fhéadfaí go mbeadh cúis ann tarraingt siar as ach gan sin, ba dheacair leis na saineolaithe dlí aon bhealach éalaithe eile a shamhlú. “Ní féidir an conradh a tharraingt siar díreach mar gheall nach dtaitníonn an cinneadh le daoine áirithe”, a dúirt abhcóide sinsearach amháin.

Beidh mioneolas faoi na tairiscintí ar fad a rinneadh chun an aersheirbhís a sholáthar go hÁrainn le foilsiú in iris oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh sna seachtainí seo romhainn.

Éilítear i rialacháin na hEorpa go bhfoilsítear laistigh de 48 lá ó bhronntar conradh go dtabharfaí cuntas in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJEU) faoin gcineál conartha atá ann, an nósmhaireacht agus na critéir a bhain leis; ainm an té a fuair an conradh, luach an chonartha nó an réimse praghsanna a luadh sna tairiscintí éagsúla; agus an chúis ar roghnaíodh iarratas ar leith.

Ní thabharfar aiseolas do na hiarratasóirí eile nó go mbeidh an fógra oifigiúil sin déanta. 

Ag a trí a chlog inniu, tionólfar preasagallamh sna Forbacha agus beidh ionadaithe as Oileáin Árann atá in aghaidh bhronnadh an chonartha ar an gcomhlacht héileacaptair i láthair.

Is as Aerfort na Minne in Indreabhán a bhí seirbhís Aer Arann á soláthar le breis agus scór blianta. Ba as Aerfort an Chairn Mhóir a bhíodh an tseirbhís á cur ar fáil roimhe sin agus bhí cuid mhaith gearán ag muintir Árann faoi chinneadh Tim Kilroe, úinéir Aer Arann ag an am, aerfort a fhorbairt sna Minna mar gurbh fhearr a d’fheil aerfort na cathrach dóibh.

Fág freagra ar 'Ceangal dlí ar an Stát conradh a bhronnadh ar Executive Helicopters Ltd'

  • Colmán

    Tá sé in am dlíthe an Aontais Eorpaigh a athrú nó tarraingt amach as ar fad. Níor cheart go mbeadh gnóthaí áitiúla faoi stiúir ag dream fear i gculaithe sa Bhruiséil nach bhfuil cur amach ar bith acu ar an cheantar ná ar na daoine.

  • Réamonn Ó Ciaráin

    Cuma ar an scéal go bhfuil coinníollacha an chonartha níos tábhachtaí na cineál na seirbhíse.

    Daoine roimh dhlíthe a ba chóir a bheith ann.