‘Ba dhóigh le duine go raibh eagla ar na meáin go bhfuil daoine ag scríobh fós as Gaolainn’

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean, phléigh ceathrar scríbhneoirí Gaeilge na dúshláin a bhíonn rompu

‘Ba dhóigh le duine go raibh eagla ar na meáin go bhfuil daoine ag scríobh fós as Gaolainn’

Tuilleadh léirmheasanna leabhar, níos mó feiceálachta agus aitheantais do leabhair Ghaeilge, cúrsaí airgid agus cúrsaí oiliúna do scríbhneoirí aitheanta cuid de na ceisteanna is mó a bhí á bplé ag Comhchoiste na Gaeilge i dTeach Laighean an tseachtain seo. Bhí ceathrar scríbhneoirí, Mícheál Ó Laoghaire, Réaltán Ní Leannáin, Celia de Fréine agus Sadhbh Devlin os comhair Chomhchoiste na Gaeilge an tseachtain seo agus iad ag plé na ndúshlán a bhaineann le bheith ag scríobh go cruthaitheach i nGaeilge. 

Bhí gach scríbhneoir ar aon intinn nach ndéantar dóthain léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge sna meáin agus dúirt siad uilig go bhfuil an-tábhacht ag baint leis na léirmheasanna céanna.

“Foilsíodh cúig úrscéal liom ó 2017. Níor deineadh léirmheas ach ar aon cheann amháin díobh go bhfios dom,” a dúirt an scríbhneoir Mícheál Ó Laoghaire. 

“Murach breithiúna an Oireachtais agus an léirmheas a scríobhann siadsan faoi gach aon leabhar a chuirtear chucu, bheinn taobh le carthanacht san na gcarad amháin chun aon bhreith a thabhairt ar mo chuid iarrachtaí. Ba gheall le hór dom léirmheasanna a fheiscint ar na leabhair sin.”

Chuir na scríbhneoirí go léir béim ar thábhacht na léirmheasanna agus dúirt go raibh léirmheasanna agus criticeoireacht ar ardchaighdeán ag teastáil go géar. 

“Tá caighdeán na criticeoireachta thar a bheith íseal in irisí agus sna meáin,” a dúirt an scríbhneoir Celia de Fréine.

Dúirt Mícheál Ó Laoghaire nach ar mhaithe leis an airgead a bhíonn scríbhneoirí ag scríobh i nGaeilge, agus nár theastaigh uaidh an iomarca aird a tharraingt ar chúrsaí airgid, ach gur dúshlán é mar sin féin.

“Ní scríobhann duine ar bith leabhar Gaolainne chun a shaibhreas a dhéanamh ach ní cóir go mbeadh éinne thíos leis ach chomh beag céanna. Nuair a foilsíodh an chéad leabhar uaimse thiar i 1990, fuaireas thart ar £700 punt as. Faighim idir €750 agus €900 anois ar leabhar, tríocha bliain níos déanaí,” ar sé.

“In ainm Dé conas is féidir linn a áiteamh ar dhaoine óga, daoine go bhfuil postanna acu, muirear orthu b’fhéidir agus morgáiste nó cíos le díol acu, an cineál sin dua agus ama a chaitheamh leis an scríbhneoireacht mura bhfuil ach airgead chomh suarach san acu as?” 

Labhair an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin amach go láidir faoin gceist chéanna agus dúirt nach “caitheamh aimsire” atá sa scríbhneoireacht má dhéantar i gceart í.  Dúirt gur gá go leor “ama agus dua” a chur isteach chun leabhar a scríobh.

“Ní íocaim na billí trí leabhair a scríobh,” a dúirt Ní Leannáin. “Múinim daoine fásta, agus saothraím airgid ar bhealaí eile ar nós cónaitheachtaí agus mar sin de. Ceannaíonn sé sin am duit.”

Mhol sí freisin go gcuirfí cúrsaí oiliúna ar fáil do scríbhneoirí a bhfuil saothair foilsithe leo cheana, agus go mbeadh an deis acu a gcuid scríbhneoireachta a fhorbairt.

“Tá an Scéim Meantóireachta á reáchtáil ag Clár na Leabhar Gaeilge, agus is maith ann é, ach tá sé sin dírithe ar scríbhneoirí nua atá ag tosú amach. Ba cheart Scéim eagarthóireachta nó comhairleoireacht liteartha a bhunú do scríbhneoirí níos aitheanta,” a dúirt sí.

“Tá géarghá le scéim meantóireachta nó a leithéid trí Ghaeilge do scríbhneoirí atá ag iarraidh a gceird a fhorbairt, a bheith ag scríobh i slite nua nó i genres nua, nó scéim meantóireachta do scríbhneoirí cruthanta atá ag iarraidh aischothú gairmiúil a fháil, rud nach bhfuil am ná airgead ag foilsitheoirí a thairiscint,” a dúirt Ní Leannáin.

Mhol an scríbhneoir do pháistí, Sadhbh Devlin, go mbunófaí cúrsa traenála do dhíoltóirí agus do cheannaitheoirí leabhar Gaeilge freisin.

“Go minic bíonn na leabhair Ghaeilge thuas ar an tseilf is airde nó thíos ar an tseilf is ísle,” ar sí. “Creidim go mbíonn cineál eagla ar go leor de na siopaí aird a tharraingt ar na leabhair Ghaeilge mar nach bhfuil eolas acu ar na leabhair. Dá gcuirfí traenáil ar fáil dóibh maidir leis na leabhair, seans go mbeadh siad níos muiníní agus níos dearfaí ina leith agus go mbeadh meon difriúil acu i dtaobh na leabhar.”

Ag trácht ar easpa feiceálachta na leabhar Gaeilge i siopaí leabhar ar fud na tíre, dúirt Míchéal Ó Laoghaire go mbíonn an leabhar “ann agus as ag an am céanna”.

“Rud a ghoilleann orm mar scríbhneoir ná easpa feiceálachta,” ar sé. “Foilsítear leabhar agus seoltar é ach is fíor-annamh a chítear riamh ina dhiaidh sin é. Ní bhíonn sé le feiscint sna siopaí, ní bhíonn sé ar an teilifís, ní phléitear ar an raidió é ach amháin ar Raidió na Gaeltachta; bíonn sé ann agus as ag an am céanna. Ba dhóigh le duine go raibh eagla ar na meáin agus bunaíocht an chultúir agus na n-ealaíon abhus a admháil go bhfuil daoine ag scríobh fós as Gaolainn.”

Luaigh Réaltám Ní Leannáin Scéim na gCoimisiún freisin, scéim eile a bhíonn á reáchtáil ag Clár na Leabhar Gaeilge ach nach raibh ann ó 2019. Níl aon dáta fógartha don chéad bhabhta eile. “Ba mhaith linn Scéim na gCoimisiún a fháil ar ais, agus go mbeadh sí á reáchtáil go rialta,” ar sí.

Moladh eile a bhí ag Réaltán Ní Leannáin ná oiliúint a chur ar scríbhneoirí Gaeilge dul i ngleic leis na meáin shóisialta. 

“Caithfear comhairle nó cúrsa a chur ar fáil,” ar sí. “Is rí-léir gur beag scríbhneoir Gaeilge atá oilte ar an taobh seo den ghnó, agus tá gá le hoiliúint a chur ar fáil sna réimsí sin.”

Imeoidh foilsitheoirí Gaeilge eile ‘le gaoth’ ceal plean agus maoinithe

Mhol Micheál Ó Laoghaire go mbunófaí áisíneacht náisiúnta a dhíreodh ar dháileadh agus poiblíocht leabhar “áisínteacht nach ndéanfadh dáileadh na leabhar amháin a ghlacadh chucu ach poiblíocht agus feiceálacht na leabhar chomh maith”. 

“Tá áisínteacht lárnach ag teastáil agus í maoinithe i gceart,” a dúirt sé.

Dúirt Celia de Fréine go raibh cúrsaí dáileacháin “go dona i gcónaí” agus gurb é “an seanscéal céanna” é.

Luadh ag an gcruinniú nach bhfuil suíomh gréasáin ag Áis, a bhíonn i mbun dáileachán na leabhar Gaeilge, agus dúradh gur cheart maoiniú ar leith a chur ar fáil do Áis ionas gur féidir leis feidhmiú mar ba cheart. Is ceist í seo atá tagtha aníos arís agus arís eile ag cruinnithe de chuid an Chomhchoiste le roinnt seachtainí anuas.

Tá Celia de Fréine mar bhall de choiste Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, a bhfuil 150 ball acu agus a bunaíodh seacht mbliana ó shin.

“Táimid iontach láidir mar ghrúpa,” ar sí. “An aidhm atá againn ná litríocht na Gaeilge a chur chun cinn, ach tá an ualach oibre rómhór anois. Tá gá le maoiniú d’obair chléireachais agus mar sin de.”

Bhí na scríbhneoirí go léir an-dearfach i dtaobh Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona atá á reáchtáil ag an Rialtas faoi láthair.

Beidh deontais á thabhairt do 2000 scríbhneoir faoin scéim, agus chuir 9000 scríbhneoir iarratas isteach.

“Is é an scéim seo an rud is mó atá tarlaithe le blianta fada,” a dúirt Sadhbh Devlin.

Dúirt Sadhbh Devlin freisin go bhfuil sé tugtha faoi deara aici agus í ag tabhairt cuairteanna ar scoileanna, go gcailleann na páistí spéis sna leabhair Ghaeilge i rang a cúig agus i rang a sé.

“Is gá dúinn na páistí sin a chothú,” ar sí. “Is iad sin a bheidh mar scríbhneoirí agus léitheoirí na Gaeilge amach anseo. Ag an aois sin tosaíonn siad ag cailleadh suime sna leabhair agus smaoiníonn siad orthu mar obair bhaile nó mar obair scoile amháin. Tá obair le déanamh ach tá go leor féidearthachtaí ann.”

Tá sraith cruinnithe faoi chúrsaí foilsitheoireachta i nGaeilge á reáchtáil le tamall ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Ba dhóigh le duine go raibh eagla ar na meáin go bhfuil daoine ag scríobh fós as Gaolainn’'

  • Gabriel Rosenstock

    Bhí Duais Oireachtais ann le haghaidh léirmheasanna ar an bhfilíocht. Mé féin a chuir tús leis an duais sin nuair a bhíos im’ Chathaoirleach ar Éigse Éireann. Thuigeas go raibh gá le léirmheasanna tathagacha macánta (seachas grúpa beag ag moladh a chéile ad nauseam).
    Cuireadh deireadh leis an duais sin. Mholas don eagraíocht Éigse Éireann maoiniú a dhéanamh arís ar an duais sin. Chuadar i gcomhar leis an Oireachtas. Chuireadar duais le haghaidh dáin ann ina áit. Níl níos mó dánta uainn. Níos mó léirmheasanna ar chnuasaigh atá uainn agus duaiseanna substaintiúla ar dhuaisléirmheasanna substaintiúla!

  • KH

    Tá sé thar am ag scríbhneoirí agus ag foilsitheoirí na Gaeilge dul i dtreo na gclosleabhar.

    D’éist na mílte leis an gcóiriú raidió a rinne Johnny Chóil Mhaidhc, Maidhc P. Ó Conaola agus Tadhg Ó Béarra de Chré na Cille sna seachtóidí, agus sa lá inniu, is fada lucht an Bhéarla ag éisteacht le leabhair á léamh os ard ar leithéidí Audible – daoine nár léigh riamh cheana san áireamh.

    Dhéanfaí léitheoirí d’éisteoirí leis an aimsir agus chuideodh a leithéid le daoine an teanga a shealbhú, ach cainteoirí maithe a bhfuil blas ar a gcuid Gaeilge a fháil le saothair a léamh. Cuimhním go háirithe ar an dream a bhíodh sa raidió, atá sa raidió, agus na daoine a bhíonn nó a bhíodh ag teagasc, ó ghlúin Ghearóid Denvir agus Mhíchíl Uí Shé anall go dtí glúin Damien Uí Dhónaill, gan ach cuid an bheagáin a lua.

  • Aislínn

    Aontaím go dteastaíonn níos mó léirmheastóireachta. Go háirithe toisc go mbíonn daoine ag brath níos mó ar an cheannach ar líne. Toisc go bhfuil léitheoirí na Gaeilge scaipthe ar fud an domhain is annamh a bhíonn deis ag daoine bualadh isteach i siopa agus leabhair a mheas trí spléachadh a thabhairt ar chinn éagsúla, cúpla lch a léamh agus leabhair a chur i gcomparáid lena chéile. Má theastaíonn uait leabhar a cheannach ar líne ní mór ainm an leabhair a bheith agat lena chuardach ar an chéad dul síos.

    Is maith liom Mír na leabhar ar Tús Áite ach bíonn sé iontach gairid. Foilsítear corr-léirmheas anseo ar ndóigh, in Comhar agus ar aistriúlitríochta.ie ach lasmuigh de sin ní fheiceann tú mórán. Bhíodh clár maith ag Cathal Póirtéir (an Comhluadar na Leabhar an t-ainm a bhí air?) ach ní heol dom aon rud mar sin a bheith ann a thuilleadh. An bhfuil?

    Rud eile: is annamh a chloiseann tú aon rud diúltach faoi leabhair Ghaeilge sna léirmheasanna a bhíonn ann. Ní féidir go bhfuil gach leabhar a fhoilsítear ar fheabhas, nó gur maith le gach duine é ar aon nós. Is iomaí leabhar ar bhain mise sult as ach nár thaitin le daoine eile agus a mhalairt. Ba dheas tuairimí níos ionraice a fheiceáil agus daoine ag caint ar leabhair as Gaeilge.