Ar leas na hiomána nó na Gaillimhe é go mbeadh foirne faoi aois an chontae i gCúige Laighean?

B’fhéidir gurb í an fhadhb is mó ná go bhfuil an iomad cumhachta ag comhairlí na gcúigí. Tá siad go léir agus córais dhifriúla á rith acu…

Seán Loftus, captaen fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Mionúr na hÉireann i 2015. INPHO/Ryan Byrne
Seán Loftus, captaen fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Mionúr na hÉireann i 2015. INPHO/Ryan Byrne

Anois teacht an earraigh beidh na laethanta ag dul chun síneadh agus sara i bhfad beimid ag freastal ar chluichí tábhachtacha iomána arís. 

Mar is gnáth, bhí rabharta mór cruinnithe cinn bliana aimsir na Nollag agus caint agus cúiteamh faoi réimse fairsing d’ábhair éagsúla.

Léigh mé alt le déanaí ag tagairt do chomhrá a tharla ag dhá cheann de na cruinnithe a bhí ag Cumann na Sáirséalach agus Bealach an Doirín na Gaillimhe. Moladh ag na cruinnithe sin go bhfuil sé in am d’fhoirne mionúir agus foirne faoi-21 an chontae a bheith ag imirt i gCraobh Laighean.

Faraor, rialaigh Comhdháil Bhliantúil an chontae go raibh an moladh as ord mar nár ‘rún dleathach ceart’ é. Dúradar go ndéanfaidís dreas cainte faoi ag an gcéad chruinniú eile de choiste an chontae.

Dar ndóigh tá caint faoin bhfadhb seo, más fadhb í, le tamall. Agus dála argóint ar bith dá leithéid, is ann don fhírinne mar a fheictear domsa í, an fhírinne mar a fheictear duitse í agus an fhírinne mar atá. Nó b’fhéidir nach bhfuil aon leagan fírinneach den chás seo agus nach bhfuil ann ach dearcadh pearsanta na ndaoine ar na taobhanna éagsúla den díospóireacht.

Ar thaobh amháin den scéal, is fíor go bhfuil Craobh Mionúr na hÉireann buaite sé huaire ag Gaillimh ó thosach na mílaoise agus an chraobh buaite trí huaire ag iománaithe faoi-21 an chontae. Ar a shon sin uile, níl oiread is craobh sinsear amháin buaite ag an gcontae le linn na tréimhse céanna. Agus, dar ndóigh, bhuaigh na foirne faoi aois gan iad a bheith ag imirt i gCúige Laighean. As sin a thagann an cheist: ‘cén fáth go bhfuil cuid de chlubanna na Gaillimhe ag áiteamh go mbeadh na foirne faoi aois, agus an iomáint sa chontae i gcoitinne, níos fearr as dá mbeadh na hiománaithe óga ag imirt i gCúige Laighean’.

An rud is mó, dár ndóigh, atá ag dó na geirbe ag lucht leanúna na Gaillimhe ná nár chrochadar siar leo Corn Liam Mhic Cárthaigh ó 1988 .

Thosnaíodar ag glacadh páirte i gCraobh Sinsear Laighean i 2009 ach níor athraigh aon rud dóibh. Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil siad ag fanacht anois le 28 mbliana ar Chraobh na hÉireann.

Mar sin an cuma ann nó as iad? Ceist eile a eascraíonn as an gceist sin ná an mbeadh an méid atá buaite ag an gcontae faoi aois buaite acu dá mba rud é go raibh na foirne sin ag imirt i gCúige Laighean? 

Ar ndóigh, níl cuid mhór de mhuintir Chúige Laighean ag iarraidh go mbeadh imreoirí óga na Gaillimhe ag feidhmiú sa chúige sin. Agus cén fáth a mbeadh fáilte ag Ceatharlach, Laois nó an Iarmhí rompu?

Níl réiteach na ceiste seo agamsa, ach ag féachaint ar na craobhacha idirchontae bheadh ceist eile agam. An bhfuil sé ceart go mbíonn foirne faoi aois na Gaillimhe ag dul isteach sna comórtais náisiúnta chomh déanach san gach bliain ? Agus freagra na ceiste sin: cén rogha atá acu?

B’fhéidir gurb í an fhadhb is mó ná go bhfuil an iomad cumhachta ag comhairlí na gcúigí. Tá siad go léir agus córais dhifriúla á rith acu. Arbh fhearr go mbeadh córas amháin ann agus gan bacadh leis na comórtais chúige faoi aois?

Sin smaoineamh anois agus Lá Fhéile Bríde buailte linn agus na seolta ardaithe againn don séasúr amach romhainn.  

Fág freagra ar 'Ar leas na hiomána nó na Gaillimhe é go mbeadh foirne faoi aois an chontae i gCúige Laighean?'