Anocht Oíche Chultúir déanaimis ceiliúradh ar ár ndúchas – an fabhar agus an lútáil

An té a thabharfadh gal dom, thabharfainnse gal dó’ bunphrionsabal ghnó na polaitíochta

Anocht Oíche Chultúir déanaimis ceiliúradh ar ár ndúchas – an fabhar agus an lútáil

Dhá nath a bhí coitianta ar an teallach agus mé ag fás aníos ‘tá fabhar i dteach Dé’ agus ‘Nach beag an baol nach bhfuil Dia i bhfabhar leis/léi’ agus diabhal mé ar bhréagnaigh an saol iad ó shin. Cuireadh ar mo shúile dom luath go maith mura raibh cara sa gcúirt agat ná punt i do sparán go mbeadh gaineamh trí aon ghráinne coirce a thiocfadh i do bhealach.

Is léir nach ionann an port a bhí ar an teallach ag cuid mhaith de cholúnaithe is reacairí na polaitíochta agus iad ag déanamh a sáith iontais den láighínteacht agus an phláibistéireacht a bhí idir Coveney, Zappone agus Varadkar.

‘An té a thabharfadh gal dom, thabharfainnse gal dó’ bunphrionsabal ghnó na polaitíochta – clinicí agus cúntóirí oifige na bpolaiteoirí an comhartha is feiceálaí den chéipear.

Oibríonn sé sna meáin freisin – nuachtán mór amháin sa tír seo ba bheag duine a thuill punt ann nach raibh gaol nó cleamhnas eatarthu. Bíonn iriseoirí ag brath ar bhéalscaoilteacht agus seanspaidhteanna na polaitíochta le boladh scéal úr a aimsiú agus cé againn ar mian leis aon mhúisiam a chur ar an té a bhfuil muid ina thuilleamaí?

Is spéisiúla agus is náirí go mór na scéalta a bhíonn ag iriseoirí óna gcairde sa gcúirt nach n-insíonn siad go poiblí ná na cinn oifigiúla, bíodh sin i gcúrsaí gnó nó rialtais nó in earnáil chodlatach na teanga féin.

Ceannaire Chlann na Poblachta seachas Taoiseach an lae a d’iarr ar an Aire Sláinte Nollaig de Brún éirí as a phost i 1951. Agus é ag caint faoin aighneas ina dhiaidh sin, dúirt Seán Mac Giolla Bhríde ‘mise a d’ainmnigh ina Aire é agus ba léir gur ormsa a bhí an dualgas iarraidh air imeacht’.

Nach mór a athraíonn i 70 bliain!

Níor bhraith an Tánaiste, ceannaire Fhine Gael, go raibh aon dualgas airsean tópar a thabhairt d’Aire Gnóthaí Eachtracha na dtéacsanna scriosta agus na gcoincheap fostaíochta agus níor chuir sé a dhath mairg ar Leo Varadkar an Taoiseach Micheál Martin a scaoileadh chuig na leoin allta eile. Ar ndóigh sháigh an Tánaiste a smut féin i dtrach an Merrion freisin.

Is léir gur rialtas idirpháirtí eile é seo dáiríre seachas comhrialtas.

Agus Cumann na nGaedheal i gceannas an tsaorstáit nua beagnach 100 bliain ó shin dhaingnigh siad an finíochas a chleacht na coilínigh. Arb aon iontas Fine a bheidh in ainm an pháirtí a rinneadh díobh ina dhiaidh sin? Fuair seanbhean, nár thug folach d’aon Sinn Féiní sa gcogadh agus a raibh fabhar aici leis na Státairí dá bharr, start do mhac a hiníne ag briseadh clocha ar an mbóthar. An tseachtain dár gcionn a fuair an geaingear amach cérbh é an leaidín agus dúirt leis go gránna ‘ní bheidh aon duine de do bhreed-sa ag obair linne’.

Arb aon iontas gur cothaíodh dílseacht do Dev i gConamara?

Taca an ama chéanna bhí seantrodairí fireanna na saoirse ar a mine ghéire ag glanadh obair na mban as na leabhra staire agus ag ceilt aon chúiteamh orthu as a dtírghrá agus as reic a sláinte.

Tuigeann Tadhg Taidhgín.

Ní fabhar go dtí é nuair a fuair na fir greim ar an mBunreacht agus ar an Roinn Saothair. Mná ag obair, mná ag seachaint a ndualgas oibrithe a shaolú don phoblacht, mná ag ceilt a gcuid ar fhir agus ag sciobadh a bpostanna? A leithéid de mhuineál – ach múinfidh muid ceacht dlí do na maistíní sin.

1980idí agus mé os comhair bord agallaimh Choiste Gairmoideachais – cúigear fear meánaosta agus an chuma orthu nach tirim ná tur a bhí a lón. Déarfainn nach mór an Ghaeilge a bhí acu ach an oiread agus thit néal ar cheann acu agus pislíní leis. Nuair a fiafraíodh díom faoi chúram linbh, chaith mé isteach an tuáille agus dúirt go rabhthas chun clamhsán oifigiúil a dhéanamh faoina neamhghairmiúlacht mhídhleathach. Is léir gur bhíog sin duine acu agus dúirt: ‘Don’t worry, dear. We’ve a list as long as your arm wanting this lovely job.’

Ar ndóigh cheap fir an cheardchumainn gur scéal an-bharrúil a bhí ann.

Taidhgíní Teoranta.

Níor chuir seiftiú liom leat na nAirí agus an iarAire a dhath iontais ormsa agus is mór sa bhfreasúra a dhéanfadh an ghleacaíocht  chéanna ach an deis a fháil.

Anocht Oíche Chultúir 2021 déanaimis ceiliúradh ar chuid dhílis dár ndúchas – an fabhar agus an lútáil a leanann é.

Fág freagra ar 'Anocht Oíche Chultúir déanaimis ceiliúradh ar ár ndúchas – an fabhar agus an lútáil'