An víreas rábach sa Tuaisceart ach doicheall roimh an vacsaín

Dá mbeadh méadú 5% ar líon na ndaoine a gheobhadh an chéad instealladh den vacsaín laghdófaí na cásanna go dtína leath

An víreas rábach sa Tuaisceart ach doicheall roimh an vacsaín

Bhí an teachtaireacht neamhbhalbh, an t-athraitheach Delta den choróinvíreas ag scaipeadh go rábach, brú ar na hospidéil arís ach titim ar an éileamh ar vacsaíniú. Tá an tAire Sláinte, Robin Swann agus an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dochtúir Michael McBride fíorbhuartha faoi ráig eile den phaindéim, go háirithe ó tá lear mór daoine nár dhrann leis an vacsaín go fóill, an sciar is mó díobh i measc na n-óg ach scata maith freisin de na daoine is goilliúnaí ar fad.

Údar gaisce ab ea é i dTuaisceart Éireann cé chomh luath is a cuireadh an clár vacsaínithe in aghaidh Covid-19 i bhfeidhm agus an rath a bhí air i dtús aimsire. Ceannródaí ab ea an Tuaisceart a raibh go leor áiteanna eile in éad leis. Ní hamhlaidh an scéal anois. Is ag an Tuaisceart atá an ráta vacsaínithe is ísle san Ríocht Aontaithe agus tá an Phoblacht a bhí i bhfad ar gcúl ag treabhadh léi.

Ní hiontas é imní a bheith ar fheidhmeannaigh sláinte phoiblí. Tá cuid den phobal agus ionadaithe an DUP ag iarraidh sampla Shasana a leanúint d’ainneoin ‘Lá na Saoirse’ ansin a bheith corrach agus conspóideach. Tá feachtas glórach ar siúl chun clubanna oíche chomh maith le hionaid siamsaíochta is fóillíochta eile a oscailt ach is I measc na ndaoine a mbeadh a dtriall ar a leithéid atá an aicíd ag leathadh.

Níl na sluaite othar faoi dhianchúram le Covid 19 faoi láthair ach tá an líon ag méadú go seasta le tamall, uimhreacha á ndúbailt i gcaitheamh seachtaine. Deir feidhmeannaigh sna hospidéil gur baolach nach mbeidís in ann ag an dúshlán dá leanfadh an víreas ag scaipeadh mar atá. Ní hamháin go raibh drochbhail ar an gcóras sláinte roimh an bpaindéim ach cuireann cúram Covid brú ar sheirbhísí eile. Deir na húdaráis go bhfuil an brú ar ospidéil mar a bheadh sé sa gheimhreadh. Sa mullach air sin tá altraí agus dochtúirí tuirseach traochta de bharr na paindéime agus ní bhfuair siad aon bhriseadh.

Tá daoine óga nach bhfuair vacsaín agus mná atá ag súil le páiste i measc na ndaoine gan vacsaín a bhfuil cóir leighis á cur orthu. Ceapadh i dtosach nár cheart do bhean thorrach an vacsaín a fháil. Tá an chomhairle sin athraithe ach ní léir go ndeachaigh an teachtaireacht i bhfeidhm ar gach duine; is furasta a thuiscint go mbeadh máithreacha faiteach.

Táthar ag treisiú ar an mbolscaireacht chun tathant ar an dá dhream sin vacsaín a fháil. Tá cásanna gach áit d’iarmhairtí an Covid-19 a bheith ag dul chun ainsil (Covid fadmharthanach) agus fianaise ar fáil gur i measc na n-óg is measa é. Airíonn na húdaráis sláinte go bhfuil práinn leis an teachtaireacht sin a chur i gcion ar an óige. Beifear ag faire go géar ar an scéal ó dheas féachaint cén tóir a bheidh ag na daoine óga ansin ar vacsaíniú.

Abhus tá 18% den phobal fásta nár iarr agus nach bhfuair vacsaín ar bith go fóill. Tá breis is 30% nach bhfuair an dara hinstealladh. Ina theannta sin, ní bhfuair ach 56% de dhaoine faoi 30 bliain d’aois an chéad dáileog. Fágann sin 44% díobh sin idir 18 agus 30 gan vacsaín ar bith. Bheadh sé an-éasca ag na daoine sin instealladh a fháil da mba mhian leo é mar tá ionaid vacsaínithe ar fud an Tuaiscirt ar féidir siúl isteach iontu gan aon choinne a dhéanamh roimh ré.

Thug an tAire Robin Swann foláireamh go mbeadh na stáisiúin ‘buail isteach’ á ndúnadh ag deireadh na míosa. D’achainigh sé ar dhaoine óga leas a bhaint astu chun iad féin agus daoine eile a chosaint. Ba léir go raibh imní ar an Dr Michael McBride, ar an bpríomhchomhairleoir Eolaíochta, an tOllamh Ian Young, agus ar go leor eile go raibh líon mór den dream óg ag diúltú don vacsaín.

Chuir an Dr McBride fainic ar dhaoine gan aird a thabhairt ar bhréaga ná baothchaint ar mheáin shóisialta in aghaidh vacsaíní. De réir na meastachán is deireanaí, d’fhéadfadh 2,000 cás Covid-19 a bheith i dTuaisceart Éireann faoi dheireadh na míosa seo agus idir 3,000-4,000 i lár mhí Lúnasa. Ach, arsa McBride, dá mbeadh méadú 5% ar líon na ndaoine a gheobhadh an chéad instealladh den vacsaín laghdófaí na cásanna go dtína leath.

Is mór idir 2,000 agus 1,000. Deir na sceiptigh nach bhfuil ann ach scéal chailleach an uafáis agus gur chualathas áibhéil cheana. Bheadh sé amaideach neamhshuim a dhéanamh den bhfoláireamh go háirithe nuair atá sciath chosanta ar fáil gan dua – vacsaíniú.

Fág freagra ar 'An víreas rábach sa Tuaisceart ach doicheall roimh an vacsaín'