Bhí mé féin agus cara liom ón mBeilg ar ár mbealach chuig deireadh seachtaine spóirt i gcathair Bremen na Gearmáine.
Tháinig giodam orainn agus muid ag druidim leis an teorainn idir an Ísiltír agus an Ghearmáin.
‘An bhfuil do phas faoi réir agat?’ a d’fhiafraigh mise.
‘Ná bí buartha, tá mé cinnte go bhfuil muid sách bán le go scaoilfidh siad isteach muid,’ a d’fhreagair mo chara.
Drochjóc, ach ba é sin go díreach a tharla: bhreathnaigh beirt oifigeach de chuid an Bundespolizei isteach tríd an ngaothscáth, chonaic ár n-aghaidh bhán, choinnigh a gcuid raidhfilí uathoibríocha dírithe ar an tarmac agus d’fhógair go bhféadfaimis coinneáil orainn gan stopadh.
Ach le taobh an bhealaigh, bhí carranna eile á scrúdú agus píosa beag taobh thiar díobh sin bhí colún toite ag éirí chun na spéire agus rinne mise drochjóc eile.
Léiriú iad na drochjócanna a bhí á ndéanamh agam féin agus ag mo chara ar an míshuaimhneas a bhí orainn maidir leis na srianta taistil atá á gcur i bhfeidhm ní hamháin sa Ghearmáin ach i dtíortha Eorpacha eile in iarracht (fhánach) dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht.
Ní raibh pasanna á seiceáil ar an teorainn idir an Ísiltír agus an Ghearmáin le nach mór 30 bliain anuas ó chuaigh conradh Schengen i bhfeidhm i 1995, ach ón 16 Meán Fómhair ar aghaidh tá siad á seiceáil arís ag an nGearmáin. Dhá eachtra sceimhlitheoireachta a tharla le deireanas inar sháigh sceimhlitheoirí Ioslamacha daoine le sceana i gcathracha Mannheim agus Solingen a spreag an cinneadh sin.
Ach níl an Ghearmáin léi féin. Ón 1 Deireadh Fómhair ar aghaidh, beidh ar dhaoine a thabharfaidh cuairt ar an Spáinn liosta mór fada de shonraí pearsanta a chur ar fáil má bheartaíonn siad fanacht in óstán nó lóistín éigin eile nó má fhaigheann siad carr ar cíos.
Ó mhí Aibreáin na bliana seo chugainn ar aghaidh beidh cead isteach leictreonach cosúil leis an ESTA atá á éileamh ag na Stáit Aontaithe le blianta fada anuas á éileamh ag an Ríocht Aontaithe (beidh eisceacht do mhuintir na hÉireann.)
Agus tar éis eachtra sceimhlitheoireachta, cosúil leis na cinn a tharla in Mannheim agus in Solingen, a tharla i gcathair Rotterdam Déardaoin seo caite, tá páirtithe de chuid na heite deise san Ísiltír ag moladh go seiceálfaí pasanna arís ag teorainneacha Schengen na hÍsiltíre freisin.
An eachtra sin a tharla in Rotterdam Déardaoin seo caite a bhí ar m’aigne féin agus ar aigne mo chara nuair a thrasnaigh muid teorainn na Gearmáine. Díreach mar a tharla i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna anuraidh, nuair a chuir inimirceach ón mBrasaíl, Caio Benício, stop le sceanairt ar Chearnóg Pharnell, duine a bhfuil cúlra inimirceach aige agus a tharla a bheith i láthair a chuir stop leis an eachtra sceimhlitheoireachta in Rotterdam.
Bhí an teagascóir cicdhornálaíochta Reniël Litecia, arb as oileán Curaçao i Muir Chairib dá mhuintir, ag traenáil le dalta dá chuid nuair a chonaic sé go raibh ionsaí á dhéanamh le dhá scian mhóra ag Ayoub M., fear 22 bliain d’aois as cathair Amersfoort san Ísiltír, ar Ghearmánach óg fir a bhí ag dul an bealach, agus a fuair bás san ionsaí.
Ag baint úsáid as barra iarainn a bhí in úsáid sa rang spóirt, chuir an teagascóir cicdhornálaíochta stop leis an ionsaí sular éirigh leis an sceimhlitheoir (a bhí tar éis an mana ‘Allahu Akbar’ a scairdeadh in ard a ghlóir, de réir daoine a chonaic an eachtra), sular éirigh leis sin tuilleadh daoine a chur den saol.
Díreach mar a tharla i gcás Bhaile Átha Cliath, daoine a raibh cónaí orthu le fada an lá sa tír inar sháigh siad daoine a bhí sna sceimhlitheoirí a chuir daoine den saol sna heachtraí a tharla i Mannheim agus i Solingen agus i Rotterdam.
Ní bheadh agus ní bheidh éifeacht ar bith ag pointí seiceála ar an teorainn ina gcoinne, ná ag na bearta atá le cur i bhfeidhm sa Spáinn agus sa Bhreatain. Níl sna bearta sin ach freagraí meargánta, gan smaoineamh – iarrachtaí de chuid na bpolaiteoirí vótóirí atá ag dul níos faide agus níos faide ar dheis a choinneáil sásta, ach a chuirfidh isteach ar na vótóirí céanna ag deireadh an lae.
Na hoifigigh sin de chuid an Bundespolizei atá ag seiceáil na bpasanna ag teorainneacha na Gearmáine faoi láthair, níl an obair a bhíonn á déanamh de ghnáth acu á déanamh acu anois, agus cuirfidh na bearta atá le cur i bhfeidhm sa Spáinn agus sa Bhreatain isteach ar thionscal na turasóireachta.
Níos measa ná sin, b’fhéidir, ná go n-ídeoidh bearta dá leithéid tacaíocht mhuintir na hEorpa do thogra an Aontais Eorpaigh tuilleadh. Tá an tsaoirse taistil ar cheann de na buntáistí is mó agus is feiceálaí a bhaineann leis an Aontas – ach má bhíonn scuainí tráchta ag na teorainneacha arís agus foirmeacha fada le líonadh isteach gach uair a thugann tú cuairt ar thír Eorpach eile?
Tharla gur ag tabhairt aghaidh ar dheireadh seachtaine jú-jiotsú Brasaíligh (BJJ) a bhí mé féin agus mo chara ón mBeilg agus go bhfuil taithí againn ar ealaíona comhraic eile lena chois. An mbeadh an misneach againne stop a chur le heachtra sceimhlitheoireachta, mar a rinne an teagascóir cicdhornálaíochta sin i gcathair Rotterdam? Ba í sin an cheist a bhí ag dó na geirbe againn agus muid ag sciurdadh thar an Autobahn i dtreo Bremen.
B’fhéidir go mbeadh. Ceapann Reniël Litecia, an cicdhornálaí a chuir deireadh leis an eachtra sceanairte in Rotterdam, go bhfuil daoine níos láidre agus níos misniúla ná mar a cheapann siad féin. ‘Dúisítear rud éigin in aigne daoine atá sláintiúil [ó thaobh na meabhrach de] agus a bhfuil coinsias acu nuair a fheiceann siad go bhfuil duine nach bhfuil in ann é féin a chosaint i mbaol,’ a dúirt Litecia in agallamh leis an gcraoltóir NOS.
Ach an dóigh is fearr le deireadh a chur le heachtraí sceimhlitheoireachta den chineál seo, gan dabht, ná a chinntiú nach mbeidh fonn ar éinne iad a chur i gcrích. Chuige sin, caithfear a chinntiú gur áit í an Eoraip ina mbeidh fáilte roimh chách – ach ar an drochuair a mhalairt de thionchar a bheidh ag na bearta atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair sa Ghearmáin, agus sa Spáinn is sa Bhreatain agus cá bhfios i dtíortha eile amach anseo.
Fág freagra ar 'An tsaoirse taistil á tástáil ag teorainneacha na hEorpa '