Chaitheas ‘an cúpla focal’ a mhíniú do scata teangeolaithe idirnáisiúnta le déanaí, daoine nach raibh mórán cur amach acu ar chás na Gaeilge. Bhíos i láthair ag comhdháil mhór idirnáisiúnta ar an dátheangachas i Luimneach nuair a ceapadh Leo Varadkar ina Thaoiseach. Bhain mo léacht leis an mbeartas teanga agus chonacthas dom go raibh sampla beo den scoth agam de mheon an chúpla focal le cur os comhair an tslua: úsáid shiombalach na Gaeilge sa Dáil an lá a toghadh an Taoiseach, an sliocht Gaeilge in óráid an Taoisigh agus an chonspóid a bhain le ‘Gaeltacht’ in ainm na Roinne nua.
Braitheann go leor de mhuintir na hÉireann go bhfuil dualgas orthu tacú leis an nGaeilge ar shlí éigin. Comhlíonann siad an dualgas sin trí ghníomhartha siombalacha ar son na Gaeilge ach ní bhíonn sé i gceist acu mórán eile seachas an cúpla focal a fuaireadar ar scoil a fhoghlaim.
Eascraíonn an dualgas sin as nach mór 100 bliain de bheartas teanga ó aimsir an neamhspleáchais i leith: is teanga náisiúnta í an Ghaeilge, baineann sí linn go léir, is í an chomhartha féiniúlachta is láidre dá bhfuil againn í agus tá dualgas orainn í a labhairt agus a chur chun cinn. B’in é an beartas teanga a dearbhaíodh i mblianta luatha an stáit agus maireann iarsmaí na féiniúlachta agus an dualgais fós, cé nach gcuirtear an úsáid i gcrích de ghnáth ach ar shlí an-teoranta. Is iad na hiarsmaí sin is bun leis an bhfeiniméan a dtugaimse ‘meon an chúpla focal’ air: an tuiscint gur leor cúpla focal Gaeilge a úsáid chun d’fhéiniúlacht mar Éireannach a chur in iúl agus an seandualgas sin a chomhlíonadh.
Is fuirist caitheamh anuas ar an gcúpla foclachas. Cuireann sé an conach dearg ar go leor cainteoirí líofa Gaeilge. Is geall le hinstitiúidiú an chúpla focal í Seachtain na Gaeilge agus téitear ag magadh faoi fhoghlaimeoirí a bheith rite amach ón gcairt ag iarraidh an beagán a labhairt. Dúirt mac léinn géarchúiseach liom uair amháin gur cheart ‘Seachtain an G(h)aeilge’ a bhaisteadh uirthi mar aitheantas ar dhroch-Ghaeilge na bhfoghlaimeoirí. Dúirt cara as Corca Dhuibhne liom go searbhasach go mbíonn Seachtain an Bhéarla aici féin gach aon tseachtain den bhliain. Tuigim an cáiseamh sin ach chaitheas féin an teanga a fhoghlaim chomh maith, faoi mar ab éigean do go leor de na daoine nach dtaitníonn Seachtain na Gaeilge leo anois. Ach is í an áit a bhfuil an deacracht nuair a úsáidtear an cúpla focal chun easpa gnímh ar son phobal na Gaeilge – cainteoirí líofa agus rialta, sa Ghaeltacht agus in áiteanna eile – a cheilt.
Féachaimis ar chuid dá ndúirt an Taoiseach faoi na socruithe nua maidir le cúram polaitiúil na Gaeilge an lá a toghadh é. Agus athcheapachán Joe McHugh ina Phríomh-Aoire agus ina Aire Stáit Gaeltachta á fhógairt aige, dúirt Varadkar: ‘I am tasking him with the role of promoting the learning and use of Irish in all parts of Ireland and to be a voice at the Cabinet table for our first national language’. Níor thógtha ar dhuine a cheapadh gur post lánaimseartha é sin ach beidh McHugh gafa le cúraimí an Phríomh-Aoire an chuid is mó den tseachtain, go háirithe agus dualgas air rialtas mionlaigh a choimeád le chéile agus Fianna Fáil a shásamh. Ní fhéadfaidh sé muintir Dhún na nGall Thoir-Thuaidh a ligint i ndearmad ach oiread agus mar sin an mbeidh lá amháin féin sa tseachtain aige chun éacht a dhéanamh ar son na Gaeilge? Beidh aistear foghlama nua á dhéanamh ag Joe McHugh ach is le polaitíocht an rialtais mionlaigh seachas leis an nGaeilge a bhainfidh sé an babhta seo.
Tá ranganna Gaeilge á ndéanamh ag an Taoiseach le tamall agus is léir gur éirigh leis dul chun cinn a dhéanamh. Labhair sé Gaeilge nuair a sheol sé a fheachtas ar son cheannaireacht an pháirtí, agus arís nuair a thogh an Dáil ina Thaoiseach é. Is maith go dtuigfí do cheannaire polaitiúil go bhfuil cumas sa Ghaeilge tábhachtach agus go gcuirfeadh sé roimhe í a athfhoghlaim. Má éiríonn le Varadkar nuachainteoir a dhéanamh de féin – nó daoine eile a spreagadh sa treo céanna – beidh leas na Gaeilge déanta aige. Ach ní leor an siombalachas agus go deimhin ní fios an é an leas nó an t-aimhleas a dhéanfadh sé. Léiriú gléineach ar fhíorbheartas teanga an rialtais seo is ea dualgas chomh hilghnéitheach le cur chun cinn na Gaeilge a fhágaint ar Aire Stáit a mbeidh cúram polaitiúil i bhfad níos mó air. Ní bhaineann an oiread sin tábhachta i ndáiríre le hainm na Gaeltachta i dteideal na Roinne Cultúir. Dá mbunódh Varadkar roinn as an nua – Roinn na Gaeilge – le foireann iomlán státseirbhíseach, Aire sinsearach le líofacht sa Ghaeilge agus Aire Stáit a mbeadh cúram na Gaeltachta amháin air nó uirthi, ansin a d’fhéadfaí a mhaíomh go raibh éacht déanta. Útóipeachas baoth? B’fhéidir é, ach an taibhreamh gan dealramh í beagnach céad bliain tar éis bhunú an stáit a raibh athbheochan na Gaeilge chomh fite fuaite sin leis?
– Is léachtóir sinsearach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an Dr John Walsh.
Mánus
Tá moltaí coincréideacha maidir le slánú na teanga náisiúnta ag teastáil ag an staid seo.
Seán Mac Gearailt
Tá an sprioc aimsithe ag Leo anois. Ní fada go mbeidh an Ghaeilge ar ais in áit na leathphingne arís. Ní fada a bheidh sí mar chloch (fiú an ceann is lú ) ar a phaidrín. Ach le cothrom na Feinne a thabhairt dó céard tá déanta ag aon Taoiseach eile go dtí seo.
Liam Mac Lochlainn
Is anailís an-mhaith ar chliseadh athbheochan na Gaeilge é seo.Tá cúiseanna eile ann ar ndóigh. Ba chóir don Rialtas aird a thabhairt ar na moltaí ag an deireadh.
Cordelia Nic Fhearraigh
…Roinn na Gaeilge – le foireann iomlán státseirbhíseach, Aire sinsearach le líofacht sa Ghaeilge agus Aire Stáit a mbeadh cúram na Gaeltachta amháin air nó uirthi,…
Go díreach an rud atá de dhith ach níl na balltaí ag polaiteoirí a leithéid a dhéanamh!
Agus coinníoll Gaeilge d’achan ceantar Gaeltachta sa tír.