FÍSEÁN: Béim mhór curtha ag Leo Varadkar ar an nGaeilge ina chéad óráid mar Thaoiseach nuathofa

Leag Leo Varadkar béim mhór ar an nGaeilge ina chéad óráid tar éis do Dháil Éireann vótáil ar son a ainmniúcháin mar Thaoiseach tráthnóna

FÍSEÁN: Béim mhór curtha ag Leo Varadkar ar an nGaeilge ina chéad óráid mar Thaoiseach nuathofa

Gheall Leo Varadkar go mbainfeadh sé úsáid gach lá as an nGaeilge dá dtoghfaí ina Thaoiseach é agus rinne sé beart de réir a bhriathair ina chéad óráid sa Dáil inniu.

Agus é ainmnithe ag Dáil Éireann mar Thaoiseach, ba i nGaeilge a chuir sé tús lena óráid. Dúirt sé gur “onóir” dó a bheith ainmnithe mar Thaoiseach. “Tá a fhios agam go mbeidh go leor dúshláin náisiúnta agus idirnáisiúnta romhainn sna laethanta atá le teacht. Tá muid réidh dóibh,” a dúirt sé.

D’iompaigh sé ar an nGaeilge arís ina dhiaidh sin agus cás na Gaeilge féin faoi chaibidil aige. Dúirt sé go mba mhaith leis gur mhaith leis níos mó “gnó” agus “díospóireachtaí” a dhéanamh as Gaeilge lena chomhghleacaithe sa Dáil  agus dúirt sé go raibh súil aige go spreagfadh a chuid iarrachtaí féin “níos mó daoine” le Gaeilge a labhairt.

Ní raibh sé chomh líofa sa Ghaeilge agus ba mhaith leis go fóill, a dúirt sé, ach mhaígh sé go raibh iarracht mhór á déanamh aige an teanga a fhoghlaim.

Dúirt ceannaire nua Fhine Gael le Tuairisc.ie cheana go raibh sé an-sásta leis an dul chun cinn a rinne sé le linn an chúrsa Gaeilge a chríochnaigh sé le déanaí agus go bhfuil sé i gceist aige cúrsa eile a dhéanamh.

“Bhain mé taitneamh as an gcúrsa agus chuir sé go mór le mo mhuinín. Tá rún agam coinneáil leis,” a dúirt ceannaire Fhine Gael.

Chríochnaigh Varadkar le déanaí Leibhéal 4 den chúrsa a chuireann Gaelchultúr ar fáil d’fhostaithe san earnáil phoiblí.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Béim mhór curtha ag Leo Varadkar ar an nGaeilge ina chéad óráid mar Thaoiseach nuathofa'

  • mánus

    Beidh le feiceáil. Bhí ceannairí le Gaeilge againn cheana Cowan, Gilmore, Kenny, Lynch, Haughey, De Valera srl agus ní dhearna siad aon iarracht (nó iarracht lag i gcás Kenny) an Ghaeilge a chur á labhairt ar bhonn laethúil sa Dáil ná sa Seanaid. Is leor an “cúpla focal i nGaeilge” chun an pabhsae siombalach oidhreachtúil a thaispeáint don saol Fódhla.
    Is féidir í a chur chun cinn i dtithe an Oireachtais ach an toil polaitiúil do bheith ann. Mar shampla “Lá na Gaeilge” sa Dáil cúpla bliain bhliain ó shin bhí Martin, Kenny, Gilmore, Adams agus Joe Higgins ag spalpadh Gaeilge.

  • Seán Mag Leannáin

    Cothrom na féinne dó – rinne sé beart de réir a bhriathair ina chéad óráid mar Thaoiseach. Go n-éirí go geal leis san oifig sin agus go dtuga sé spreagadh do dhaoine eile an Ghaeilge a chur chun cinn i saol poiblí na tíre. Tús maith ar aon chuma.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Dé mhéad ceannairí, roimhe seo, a rinne iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn na ar bord ós comhair Dáíl Éireann. Béalghrá atá i gceist an t-am go léir. Má thá ar dTaoiseach i ndáiríre ar cheist na Gaeilge – béidir gur féidir leis briseadh isteach agus amach i nGaeilg agus é á labhairt .
    Beatha teanga í labhairt ! Tabharfar cuireadh oscailte do Leo cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht na Rinne againne agus ‘chat’ i nGaeilg linn aon uair.