FÍSEÁN: A chéad cheist faoin nGaeilge freagartha ag an Taoiseach nua sa Dáil…

D'fhreagair an Taoiseach nua ceisteanna sa Dáil inniu faoi theideal 'Roinn na Gaeltachta' agus faoin Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh a bheith as láthair inné do cheisteanna Dála

FÍSEÁN: A chéad cheist faoin nGaeilge freagartha ag an Taoiseach nua sa Dáil…

Tá an Taoiseach Leo Varadkar “muiníneach” go mbeidh ‘An Ghaeltacht’ mar chuid de theideal na Roinne a mbeidh cúram na Gaeltachta, na Gaeilge agus na nOileán uirthi.

Agus a chéad cheist faoin nGaeilge á freagairt aige mar Thaoiseach sa Dáil inniu, theip ar Leo Varadkar míniú a thabhairt ar cén fáth nach raibh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i láthair sa sa Dáil inné chun ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí Gaeltachta mar a bhí socraithe ar ord na Dála.

Nuair a chuir an Teachta Dála Peadar Tóibín ceist ar an Taoiseach cén fáth a raibh an tAire Joe McHugh os cionn daichead nóiméad déanach do cheisteanna Dála inné, dúirt Leo Varadkar gurbh amhlaidh go raibh an tAire Sinsearach sa Roinn, Heather Humphreys, tinn inné agus go raibh sí as láthair dá bharr.

Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty, Sinn Féin, nárbh í sin an cheist a cuireadh ar an Taoiseach agus nár éirigh leis míniú a thabhairt ar an gcúis go raibh Aire Stáit na Gaeltachta as láthair. Ghabh Joe McHugh leithscéal sa Dáil inné as a bheith déanach ach níor thug sé aon mhíniú ar an scéal ach an oiread.

Thug an Leas-Cheann Comhairle, Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir, le fios, áfach, gur ag freastal mar Phríomh-Aoire ar chruinniú de chuid Choiste Gnó an Oireachtais a bhí Joe McHugh nuair a bhí sé in ainm is a bheith sa Dáil inné. Agus gan aon radharc ar Aire Stáit na Gaeltachta, d’iarr an Leas-Cheann Comhairle ar aon duine in oifig an Phríomh-Aoire “a bheadh ag éisteacht” le himeachtaí na Dála scéal a chur go dtí an Aire Stáit go raibh sé ag teastáil sa Dáil le ceisteanna a fhreagairt.

Dúirt Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, sa Dáil inniu gur “uafásach an rud é” nach raibh an tAire Stáit i láthair nuair ba cheart dó a bheith ag freagairt ceisteanna sa Dáil.

Maidir le teideal na Roinne a bhfuil cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta uirthi, dúirt Joe McHugh inniu go raibh “comhrá” ar bun inné faoin scéal agus go mbeadh cinneadh déanta “go gairid” faoi cé acu an mbeadh ‘An Ghaeltacht’ áirithe i dteideal na Roinne nua Cultúir nó nach mbeadh.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, d’fhógair an Taoiseach sa Dáil an tseachtain seo caite gurbh é an Roinn Cultúir a thabharfaí feasta ar an roinn a mbeadh cúram na Gaeltachta uirthi. Ba é seo an chéad uair nach raibh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.

I ndiaidh fhógra an Taoisigh, thug an tAire Stáit nua do Ghnóthaí Pobail Seán Kyne gur phléigh sé an cheist le Leo Varadkar agus go raibh súil aige go mbeadh athrú poirt aige maidir le teideal na Roinne Cultúir.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie go raibh sé “scannalach” nach mbeidh an Ghaeltacht luaite i dteideal na Roinne nua agus gur léiriú é an cinneadh ar “drochmheas agus easpa tuisceana an Taoisigh nua ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeltachta”.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: A chéad cheist faoin nGaeilge freagartha ag an Taoiseach nua sa Dáil…'