FÍSEÁN: Aire na Gaeltachta as láthair do cheisteanna Dála agus cúraimí an Phríomh-Aoire air

Ghabh Aire Stáit na Gaeltachta leithscéal as a bheith os cionn daichead nóiméad déanach do bhabhta ceisteanna sa Dáil tráthnóna

FÍSEÁN: Aire na Gaeltachta as láthair do cheisteanna Dála agus cúraimí an Phríomh-Aoire air

Ní raibh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i láthair sa Dáil inniu chun ceisteanna a fhreagairt faoi ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta, toisc go raibh sé ag freastal mar Phríomh-Aoire ar chruinniú de choiste gnó an Oireachtais.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín gur mór an “náire” é nach raibh Joe McHugh i láthair “ar a chéad lá” chun ceisteanna a fhreagairt mar Aire Stáit Gaeltachta.

Agus os cionn leathuair a chloig caite gan aon radharc ar an Aire Stáit, d’iarr an Leas-Cheann Comhairle go gcuirfeadh “oifigeach éigin” scéala chomh fada leis an gcruinniú den choiste gnó go raibh Joe McHugh ag teastáil sa Dáil.

Thart ar dheich nóiméad ina dhiaidh sin bhain an tAire Stáit an Dáil amach agus ghabh sé leithscéal as gan a bheith i láthair agus thug sé le fios nach raibh ar chumas an Aire nua Cultúir Heather Humphreys a bheith i láthair inniu ach oiread.

Ba é an tAire nua do Gnóthaí Pobail agus Tuaithe Michael Ring a chuir in iúl don Dáil nach mbeadh ar chumas Aire Stáit na Gaeltachta a bheith i láthair in am chun ceisteanna a fhreagairt agus d’iarr sé go gcuirfí siar na ceisteanna a bhain le cúram Joe McHugh.

Thug an Leas-Cheann Comhairle, Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir,  le fios go raibh Aire Stáit na Gaeltachta ag freastal ar chruinniú den Choiste Gnó a leagann amach ord gnó na Dála gach seachtain.

Bhí cruinniú speisialta den choiste sin ann tráthnóna toisc gur chuir ceannaire Fhianna Fáil i gcoinne ord gnó na Dála inniu agus é ag iarraidh go bpléifí anocht ceapachán Máire Whelan chun na Cúirte Achomhairc.

Ó ceapadh Joe McHugh mar Phríomh-Aoire agus Aire Stáit Gaeltachta an tseachtain seo caite tá imní léirithe ag daoine go bhfágfar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht in áit na leathphingine toisc na cúraimí sin a bheith curtha ar an té a bheidh ina Phríomh-Aoire Rialtais chomh maith.

Is cinnte gur i dtreise a rachaidh an imní seo i bhfianaise an scéil nach raibh ar chumas Joe McHugh a bheith i láthair in am inniu chun ceisteanna a fhreagairt den chéad uair mar Aire Stáit nua na Gaeltachta.

Tá aird tarraingthe cheana féin ar an scéal ag an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Peadar Tóibín sa Dáil agus ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Aire na Gaeltachta as láthair do cheisteanna Dála agus cúraimí an Phríomh-Aoire air'