An Ghaeltacht fágtha ‘gan Roinn’ den chéad uair ó 1956 agus an Roinn Cultúir le bunú

Tá sé ‘scannalach’ nach mbeidh an Ghaeltacht luaite i dteideal Roinne den chéad uair ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956

An Ghaeltacht fágtha ‘gan Roinn’ den chéad uair ó 1956 agus an Roinn Cultúir le bunú

Ní bheidh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais den chéad uair ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.

Dheimhnigh Tuairisc.ie aréir gur faoi roinn nua, an Roinn Cultúir, a bheidh cúram na Gaeltachta feasta.

Ní bheidh ‘an Ghaeltacht’ luaite ach an oiread i dteideal an aire shinsearaigh, Heather Humphreys, an tAire nua Cultúir, a bheidh i gceannas ar an roinn a mbeidh cúram na Gaeltachta uirthi.

Bhí seacht gcinn de theidil éagsúla ar an roinn a raibh cúram na Gaeltachta uirthi ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956 (Féach léaráid thíos), rud a fhágann gurb é seo an chéad uair le 61 bliain nach mbeidh an focal ‘Gaeltacht’ i dteideal roinne.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil aréir gur chóir go mbeadh roinn cultúir ar leith sa tír seo, mar atá i dtíortha eile.

“I have long believed that Ireland should have a dedicated Department of Culture, as other countries do. I want the Minister, Deputy Heather Humphreys, to continue her excellent work in this area.

“I want there to be new emphasis and importance attached to the promotion of arts, culture and heritage in Ireland, matched with an appropriate budget. It is our creativity that makes Irish men and Irish women different and we need to foster it,” a dúirt an Taoiseach nua.

Is í Heather Humphreys a bheidh ina hAire sinsearach sa roinn nua agus Joe McHugh a bheidh mar Aire Stáit na Gaeilge, na nOileán agus na Gaeltachta sa roinn chéanna. Beidh McHugh mar Phríomh-Aoire Rialtais freisin.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir go raibh sé “scannalach” nach mbeidh an Ghaeltacht luaite i dteideal na Roinne nua agus gur léiriú é an cinneadh ar “drochmheas agus easpa tuisceana an Taoisigh nua ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeltachta”.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur cheart go mbeadh “aitheantas tugtha don Ghaeltacht agus do chúrsaí Gaeilge i dteideal na Roinne mar a bhíodh ann i gcónaí”. “Ní fheicim aon chúis go mbainfí an t-aitheantas sin den Ghaeltacht agus beidh an scéal á fhiosrú againn” a dúirt de Spáinn le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht fágtha ‘gan Roinn’ den chéad uair ó 1956 agus an Roinn Cultúir le bunú'

  • Glór Í Eo

    Tá an Taoiseach nua báúil don Ghaeilge mar is léir óna chéad óráid sa Dáil. Bímis dearfach leis ionas go ndéanfaidh sé beart de réir a bhriathair agus gan a bheith ar an diabhail cantal agus crá chroí i gcónaí. Cuir polasaithe agus smaointí dearfacha os a chóir agus feicimid linn.

  • Éanna Ó Cróinín

    Nach beart in aghaidh a bhriathra í an méid sin? Caint le gaoth maidir leis an teanga, ach an oiread le Enda Kenny.

  • Mánus

    Cén “Gaeltacht”? Ceantracha lánBhéarla ar nós Sràidbhaile Bhéil a Mhuirthéid? Tír Oileán, Baile Chláir na Gaillimhe?

  • Concubhar

    Is mó an dochar a rinne Éamon Ó Cuív don Ghaeltacht is don Ghaeilge le linn do a bheith ina ‘Aire Gaeltachta’ le ciorruithe tubaisteacha do bhuiséid Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ná mar a shamhlóinn bheith mar thoradh ar bheartas an Taoisigh Varadkar sa chás seo. Is é Ó Cuív a gheall go leor ach a lig síos an Ghaeilge agus an Ghaeltacht thar aon Aire Gaeltachta roimhe nó ina dhiaidh.

  • Mise Áine

    @Bímis dearfach leis ionas go ndéanfaidh sé beart de réir a bhriathair agus gan a bheith ar an diabhail cantal agus crá chroí i gcónaí. Cuir polasaithe agus smaointí dearfacha os a chóir agus feicimid linn.

    Aontaím!

  • Harriet P.

    @ Nach beart in aghaidh a bhriathra í an méid sin? Caint le gaoth maidir leis an teanga, ach an oiread le Enda Kenny.

    Aontaímse!

  • Braoin Ó Braoin

    An Ghaeltacht curtha ina streoille ar dhrioball ainm na roinne… agus anois an Ghaeltacht gearrtha ar fad den ainm. De réir a chéile ní bheidh a fhios ag pobal na tíre seo gurb ann don Ghaeltacht chéanna ar chor ar bith. Is ansin a bheas an deis ag an rialtas Fine Gaelach sin tosaí i gceart dáiríre ar an jab, atá sna scoileanna acu cheana, deireadh a chur leis an teanga agus leis na háiteanna fánacha ina labhartar fós í… i ngan fhios go ciúin.