An réiteoidh athruithe eacnamaíochta i Veiniséala an ghéarchéim imirce is mó dá bhfacthas riamh i Meiriceá Theas?

Tá pacáiste beartas eacnamaíochta curtha i bhfeidhm ag an uachtarán Nicolás Maduro chun dul i ngleic leis an ngéarchéim bhoilscithe agus sholáthair i Veiniséala, ach an dtiocfaidh deireadh leis an sruth imirceach ón tír?

An réiteoidh athruithe eacnamaíochta i Veiniséala an ghéarchéim imirce is mó dá bhfacthas riamh i Meiriceá Theas?

Táthar ann fós – ar imeall na heite fíorchlé san Eoraip – a déarfadh gur útóipe shóisialach í Veiniséala. Bheadh mórchuid de mhuintir Veiniséala féin ar mhalairt tuairime. 

Ó 2015 i leith tá ocras, bochtanas agus géarleanúint pholaitiúil tar éis tabhairt ar 2.3 milliún duine (os cionn 7 faoin gcéad den daonra) teitheadh ón tír – nó sin a léiríonn figiúirí ó na Náisiúin Aontaithe. Sin é an líon céanna teifeach – nó gar go leor dó – agus a thug aghaidh ar an Eoraip ón Meánoirthear agus ón Afraic sa tréimhse chéanna.

Ní hionann agus san Eoraip áfach, is beag conspóid a chothaigh an sruth inimirceach seo i Meiriceá Theas go dtí le fíorghairid. 

Ach tá sé sin ag athrú. 

Ag an deireadh seachtaine, rinneadh ionsaí ar champa inimirceach ó Veiniséala i mbaile beag Pacaraima i dtuaisceart na Brasaíle, áit a dtrasnaíonn os cionn 500 Veiniséalach an teorainn idir an dá thír chuile lá. De bharr na dteifeach, tá brú ollmhór ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta an bhaile, nach bhfuil thar mholadh beirte pé scéal é. Cuireadh an lasair sa bhairille nuair a rinne roinnt Veiniséalach fear gnó áitiúil a robáil. Dé Sathairn, chuir buíon de mhuintir na háite campa de chuid na n-inimirceach trí thine agus theith 1,200 teifeach ar ais thar teorainn go Veiniséala.

Ní bhíodh pas ag teastáil ó shaoránaigh Veiniséala chun taisteal chuig mórchuid na dtíortha eile i Meiriceá Theas, ach ón tseachtain seo caite tá pas á éileamh ar mhuintir Veiniséala ag Peiriú agus Eacuadór, rud a d’fhág na sluaite Veiniséalach a bhí gan phasanna sáinnithe ar theorainneacha na dtíortha sin. Tá bac taistil curtha i bhfeidhm ar mhuintir Veiniséala ó thús na bliana seo ag an gColóim agus an tSile.

Tá géarchéim na n-inimirceach as Veiniséala ina hábhar imní, leis, ar oileáin Aruba, Curação agus Bonaire, nach bhfuil ach dhá scór ciliméadar amach ó chósta Veiniséala ach ar cuid den Ísiltír iad (agus, dá réir sin, den Aontas Eorpach). Tá 5,000 teifeach ar Aruba cheana féin, nó ionann is 4.5 faoin gcéad de dhaonra iomlán an oileáin, agus 6,000 ar oileán Curação, nó ionann is 4 faoin gcéad de dhaonra iomlán an oileáin sin.

Dé Luain, chuir uachtarán Veiniséala, Nicolás Maduro, pacáiste beartas eacnamaíochta i bhfeidhm in iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim bhoilscithe agus sholáthair bhia sa tír. Baineadh cúig náid de luach airgeadra na tíre (ar baisteadh ainm nua air lena chois, bolívar soberano), tháinig méadú 3,000 faoin gcéad ar an íosphá, agus fógraíodh go gcuirfí deireadh leis an bhfóirdheontas don ola a fhágann go mbíodh an peitreal is saoire ar domhan ar fáil i Veiniséala.

Ba bheag an mhuinín a chuir muintir Veiniséala sna beartais, de réir dealraimh. Bhí agóidí móra sna cathracha agus scuainí ollmhóra ag na hollmhargaí agus faitíos ar an bpobal go rachaidh géarchéim an tsoláthair bhia i ndonas. Más é sin a tharlóidh, is cinnte go rachaidh géarchéim na himirce as Veiniséala – atá ar an ngluaiseacht imirce is mó dá bhfacthas riamh i Meiriceá Theas cheana féin – in olcas, leis.

Fág freagra ar 'An réiteoidh athruithe eacnamaíochta i Veiniséala an ghéarchéim imirce is mó dá bhfacthas riamh i Meiriceá Theas?'

  • Luke Callinan

    Cé hiad an dream seo ar an eite chlé atá den tuairim “gur útóipe shóisialach í Veiniséala” nó aon tír eile? Aithrím caint go leor orthu ach ní furasta teacht ar aon duine acu. Shílfeá nach raibh an oiread sin de lucht leanúna fágtha ag Saint-Simon, Fourier agus Owen sa lá atá inniu ann…