An Ghaeltacht le bheith luaite i bplean tithíochta nua an rialtais, ach súil le gníomh

Tá an plean nua le seoladh ag an Aire Tithíochta James Browne ar maidin agus súil ann go gcabhróidh sé le tabhairt faoin ngéarchéim thithíochta in Éirinn

An Ghaeltacht le bheith luaite i bplean tithíochta nua an rialtais, ach súil le gníomh

An tAire Tithíochta James Browne

Tuigtear do Tuairisc go mbeidh ráiteas sonrach faoi chúrsaí tithíochta agus pleanála sa nGaeltacht sa bplean nua tithíochta a fhoilseoidh an rialtas inniu, ach deir lucht feachtais go bhfuil gá le beart soiléir chun tabhairt faoin ngéarchéim sna ceantair a bhfuil an teanga fós á labhairt mar theanga phobail.

Tuigtear go ndéanfar moladh sa phlean nua go ndéanfaí scagadh ar conas go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta agus páirtithe eile úsáid a bhaint as suíomhanna atá ag an Údarás cheana chun tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá an plean nua, Delivering Homes, Building Communities, le seoladh ag an Aire Tithíochta James Browne ar maidin agus súil ann go gcabhróidh sé le leigheas a fháil ar an ngéarchéim thithíochta in Éirinn.

Tá Conradh na Gaeilge agus an brúghrúpa tithíochta Bánú ag iarraidh go ndéanfaí tagairt shonrach d’fhadhb na tithíochta sa nGaeltacht sa gcáipéis agus go mbeidh bearta sa bplean a chabhróidh le cainteoirí dúchais Gaeilge tithe a fháil ina gceantar féin.

Tuigtear go dtabharfaidh an ráiteas faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht sa phlean nua aitheantas ar leith do chás na Gaeltachta agus na teanga sa phleanáil, ach ní léir an bhfuil aon ghníomh ná sprioc shonrach beartaithe. Ní cosúil ach oiread go mbeidh aon ní ann faoi chumhachtaí breise a thabhairt don Údarás, faoi mar atá á éileamh ag Bánú, mar shampla.

Dúirt Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, an mhí seo caite go raibh sé mar “thosaíocht” aige go mbeadh soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht luaite sa phlean nua agus is cosúil gur éirigh leis sa mhéid sin.

Dúirt an tAire Calleary an uair sin go raibh roinnt cruinnithe aige leis an Aire Tithíochta i mbliana inar phléigh siad cás na Gaeltachta agus go raibh cainteanna ar bun idir an dá roinn faoin scéal.

Tá na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, atá á n-ullmhú le blianta anois, le foilsiú roimh dheireadh na bliana, a dúirt an tAire Gaeltachta an mhí seo caite..

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go dtabharfaí ról sonrach d’Údarás na Gaeltachta maidir le tógáil tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Molltar go bhféadfadh an tÚdarás comhordú a dhéanamh idir na húdaráis áitiúla agus forbróirí chun tithe a thógáil.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc go raibh sé ag iarraidh go mbeadh na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht luaite go sonrach sa phlean nua tithíochta agus go mbeadh an Ghaeilge curtha san áireamh sna scéimeanna tacaíochta a chuireann an rialtas ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh teach a thógáil nó a cheannach.

“Tá muid ag iarraidh go mbeadh an Ghaeltacht luaite go sonrach sa phlean tithíochta nua agus go mbeadh soláthar sásúil déanta sa phlean don Ghaeltacht,” a dúirt de Spáinn.

Agus é ag labhairt le Tuairisc sa mBruiséil, dúirt an Feisire Eorpach Barry Cowen go gcaithfeadh an rialtas beart de réir a bhriathair a dhéanamh maidir leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht agus na treoirlínte pleanála.

“Tá an fhéidearthacht ann déileáil leis [an fhadhb], agus caithfidh siad siúd a bhfuil an fhreagracht orthu cloí lena bhfocal maidir le hamlínte agus spriocamanna,” a dúirt an Feisire de chuid Fhianna Fáil.

Gheall an t-iarAire Tithíochta Darragh O’Brien na treoirlínte ar dtús in 2021 ach níl siad foilsithe go fóill. Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfoilseofar iad roimh dheireadh na bliana seo.

In aighneacht a cuireadh faoi bhráid an Aire Tithíochta le gairid, tá an grúpa Bánú ag iarraidh go dtabharfaí treoir d’Údarás na Gaeltachta seirbhísí a bheadh riachtanach don tithíocht a chur ar fáil sa nGaeltacht.

Deirtear, mar shampla, go gcuireann easpa ionaid cóireála fuíolluisce bac ar fhorbairt tithíochta i roinnt mhaith ceantair Ghaeltachta agus go bhféadfaí treoir agus maoiniú a thabhairt don Údarás chun mionscéimeanna cóireála fuíolluisce a thógáil.

Deir Bánú go bhféadfadh drochthionchar fadtéarmach a bheith ag an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht ar thodhchaí na Gaeilge mar theanga an phobail má bhíonn ar an gcéad ghlúin eile tuismitheoirí le Gaeilge, an Ghaeltacht a fhágáil le háit chónaithe a aimsiú.

Is é an plean nua seo an ceathrú plean tithíochta náisiúnta a bheidh foilsithe ó 2013. Bhí an plean le foilsiú i rith an tsamhraidh ach cuireadh moill air.

Deir an rialtas go bhfuil sé i gceist os cionn 300,000 teach nua a sholáthar faoi dheireadh na bliana 2030.

Ina measc, beidh 90,000 “teach tosaigh” do dhaoine a bheidh ag ceannach tí den chéad uair.

Meastar go bhféadfaí suas le 12,000 teach sóisialta agus 15,000 teach ar phraghas réasúnta a sholáthar in aghaidh na bliana faoin phlean chomh maith.

Tá €2.5 billiún de mhaoiniú breise le cur ar fáil chomh maith don Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus cumhachtaí breise le tabhairt di chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta.

Déanfaidh an plean níos éasca é d’údaráis áitiúla tithe folmha a cheannach trí ordú ceannaigh éigeantaigh chomh maith.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin faoin bplean tithíochta “nach bhfacthas a leithéid seo d’infheistíocht i dtithíocht riamh cheana”.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht le bheith luaite i bplean tithíochta nua an rialtais, ach súil le gníomh'