An Ghaeilge – an crann is daingne fréamh, ní cás leis gaoth ná anfa  

Maidir leis na micri-theangacha, is í fírinne an scéil nár éirigh le hAontas na hEorpa an ceart a dhéanamh ar a son – ach amháin i gcás na Gaeilge b’fhéidir

An Ghaeilge – an crann is daingne fréamh, ní cás leis gaoth ná anfa  

An é go bhfuil port an duine seinnte? An díothú atá i ndán dúinn – díothú nó athbhiseach? Tá an dá thuairim ann. Ach rud amháin is follas: an méid atá ag tarlú lenár linn féin, tharla a leithéid cheana: impireacht ar lár, galar agus plá; truailliú an aeir.

469 AD: sin í an bhliain ar thit an tóin as Impireacht na Róimhe. An bhliain ar tháinig deireadh leis an pax romana ón Meán-Oirthear go hAlbain anoir. An bhliain ar thosaigh imirce mhór na dtreibheanna Slavacha agus Gearmánacha anoir agus aduaidh san Eoraip. An bhliain ar cuireadh teanga chaighdeánach idirnáisiúnta na Laidine de dhroim seoil. An bhliain ar thosaigh teangacha nua na hEorpa ag teacht i dtreis. 

Bhí cor eile sa scéal. Mar ní fada gur phléasc Ilopango – sliabh bolcánach in El Salvador. Sa bhliain 535 AD is ea a phléasc an chruach sin. Líon sí na spéartha leis na mílte tonna dríodair. Urú na gréine; fuarú na haimsire; drochfhómhar; gorta mór, agus galar an Yersinia – sin an toradh a bhí ar an bpléasc mhór. Le linn an ama sin a ghlac na daoine leis an gcreideamh Críostaí: bhí údar dóchais de dhíth orthu, lóchrann agus sólás. Is iomaí mainistir a bunaíodh in Éirinn as sin go ceann scór go leith bliain: Cluain Mhic Nóis, Doire, Cluain Fearta, ní áirím Beannchar, áit a raibh Comgall agus Columbanus mar aon le fíréin nach iad.

Is i 535 AD a tharla an phléasc in El Salvador. Céard a bheas le rá 1,500 bliain dár gcionn in 2035 AD? An tóin tite ní as impireacht na Róimhe, ach as impireacht na Breataine. An saol mór fós ag téarnamh ní ón Yersinia Pestis ach ón síor-COVID dochloíte. Athrú ar an aeráid arís, ní de bharr Ilopango, ach de bharr gual agus ola a bheith á ndó agus á n-ídiú. Imirce mhór daoine ní ó bhunchríocha na Slavach agus na nGearmánach ach ó na tíortha bochta i dtreo na dtíortha saibhre. Teanga chaighdeánach idirnáisiúnta eile ag dul ó thuiscint – ní an Laidin ach an Béarla – agus iliomad fotheangacha agus canúíntí ag teacht i réim ar a lorg. 

An Ghéarchéim Séimeantaice

Tá géarchéim eile ann seachas géarchéim na haeráide, géarchéim na himirce, agus géarchéim na sláinte. Sin í géarchéim na séimeantaice. Géarchéim seo na séimeantaice is géarchéim í a busháladh orainn, géarchéim a trumpáladh orainn, géarchéim atá á borris-áil orainn. Géarchéim na mionbhréag, na leathbhréag, na sleamhainbhréag, na gcúlbhréag, na mucbhréag, agus na sotalbhréag. Géarchéim na leatuiscintí, na leath-mhíthuiscintí, na leor-mhíthuiscintí, na lag-mhíthuiscintí, na léir-mhíthuiscintí. Géarchéim an Bhéarla – teanga atá ag dul chun simplíochta agus chun dearóile.

Céard is scéal do na teangacha eile atá á labhairt san Eoraip lenár linn más ea, agus cén tionchar a bheas ag géarchéim seo na séimeantaice orthu? Déanaimis chéad scagadh i dtosach – gan bacadh, ós iad is mó, leis an nGearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis, ná leis an Iodáilis. 

‘Anois atá sé seo ag tarlú́’ – sraith nua ar Tuairisc.ie le díriú ar ghéarchéimeanna ár linne

Teanga ar bith a bhfuil os cionn 20 milliún duine á labhairt is mórtheanga í – an Pholainnis. Teanga ar bith a bhfuil os cionn 10 milliún duine á labhairt is slán di – an Rómáinis agus an Ghréigis. Teanga ar bith nach bhfuil ach idir cúig agus deich milliún á labhairt, is teanga í a mbeidh lucht a labhartha taobh le líofacht i dteanga eile lena ngnó agus a gcuid léinn a dhéanamh – na teangacha Lochlannacha agus an Ungáiris; teanga ar bith a bhfuil níos lú ná cúig nó sé mhilliún á labhairt is mionteanga í – an Danmhairgis agus na teangacha Baltacha. Agus teanga ar bith ar lú ná milliún duine is líon do lucht a labhartha, is micri-theanga atá inti – na teangacha Ceilteacha agus an Bhascais. Ar ndóigh is beag nach cás ar leith gach teanga díobh sin. Céard is féidir a rá maidir lena bhfuil i ndán do chuid díobh más ea?

Trí mhicri-theanga: an Bhriotáinis, an Bhreatnais, an Ghaeilge

Maidir leis na micri-theangacha, is é fírinne an scéil nár éirigh le hAontas na hEorpa an ceart a dhéanamh ar a son – ach amháin i gcás na Gaeilge b’fhéidir. Is é fírinne an scéil go bhfuil éagóir na stát mór – an Spáinn, an Bhreatain, agus an Fhrainc – fós i réim. Biseach ar bith dá bhfuil na micri-theangacha eile a dhéanamh, is de bhuíochas agus d’ainneoin na stát mór agus Aontas na hEorpa é. 

Smaoiním ar chás na dteangacha atá á labhairt faoin tuath, ar chás na Briotáinise go mór mór. Nach dochar atá déanta ag Aontas na hEorpa dóibh sin? Mar de bharr an CAP (an Polasaí Talmhaíochta Coiteann), is bánú ata déanta ar an tseandúiche, is le tionscal na holltalmhaíochta an lá, agus san áit a mbíodh comhar na gcomharsan agus cultúr bríomhar, ní fheicim inniu ach tarracóir aonair i gceartlár na machairí uaigneacha.

Mo theanga dhúchais féin, an Bhreatnais, tá baol ann go scuabfaidh an mhaidhm ghallda í. Agus ó thriomaigh airgead forbartha na hEorpa uirthi, tá bóithre gan críochnú ann agus scéimeanna pobail gan maoiniú. A cuid feilméaraí ag tréigean na sléibhte. Gan a ndóthain airgid ag an óige le teach a cheannach. Fós féin tá teacht aniar sa teanga. Tá an úrscéalaíocht faoi bhláth. Tá meánscoileanna móra Breatnaise in oirdheisceart na tíre áit nár labhraíodh mórán Breatnaise ar bith idir 1930 agus 1980. Agus – i gcead don saol Fódlach – seans gurb é O’r Pedwar Gwynt an tréimhseachán is fearr dár foilsíodh i dteanga Cheilteach ar bith le leathchéad bliain.

Céard atá le rá faoin nGaeilge? Tá an teanga ag athrú. Is dóigh gur earra iardhúchasach a bheas inti feasta. Beidh sí faoi anáil na hiasachta agus faoi thionchar an leathBhéarla atá ag teacht i réim. Ach tá stádas aici. Tá bunreacht aici. Tá seantraidisiún léinn agus litríochta aici. Tá an éigse agus an ealaín aici. Tá daoine óga ann atá santach chuici. Nuair is amhlaidh atá, ní mó is baol don Ghaeilge seacht ngéarchéim na linne ná do theangacha eile go leor. Mar an crann is daingne fréamh, ní cás leis gaoth ná anfa. 

AD 535: chuir Ilopango a phutóg amach. Bhí an Róimh ina tost. Ligeadh Ovid agus Homer i ndearmad. Bhí galar agus gorta ann. Tús na meánaoise a thugtar ar an uair sin. Tréimhse a mhair go ceann míle bliain. Cén tréimhse a bhfuiltear ina tús faoi láthair? Cá bhfios! Ach tig linne tionchar a imirt uirthi. Ár ngort féin a shaothrú. Ár gcás a riar. 

Agus casadh eile as an seansúgán. Is é is mithid. Déanaimis an beart i bhfochair a chéile.

Scríbhneoir agus aistritheoir leis an Aontas Eorpach é Diarmuid Johnson. Seacht dTír, Seacht dTeanga (Leabhar Breac) an leabhar is déanaí uaidh. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

 

Fág freagra ar 'An Ghaeilge – an crann is daingne fréamh, ní cás leis gaoth ná anfa  '

  • Eoghan Ó Néill

    Úaú, sin píosa an- suimiúil ar chúlra stairiúil na hEorpa, míle buíochas as. Nach iontach an áis í Tuairisc.ie ar fáil ar líne againn.

  • Seanán Ó Coistín

    Ní ann don “Pholasaí Talmhaíochta Coiteann”. Is é an Comhbheartas Talmhaíochta atá ann. Más aistritheoir é Diarmuid Johnson atá i bhfeidhmeannas an Aontais Eorpaigh, ba cheart go mbeadh ainm ceart an bheartais sin ar eolas aige.

  • Diarmuid J.

    Grma, a Sheáin. Ní chleachtaim Gaeilge na hEorpa ach amháin san oifig. Ar ndóigh, is maith ann í – i dtánaiste don dea-rud. Go n-éirí an dá thrá leat féin, agus gura seacht fearr thú. DJ