‘Anois atá sé seo ag tarlú́’ – sraith nua ar Tuairisc.ie le díriú ar ghéarchéimeanna ár linne

Tá sé d’aidhm ag an togra nua Láithreach Bonn ceisteanna tábhachtacha a bhaineann le géarchéimeanna móra ár linne a phlé

‘Anois atá sé seo ag tarlú́’ – sraith nua ar Tuairisc.ie le díriú ar ghéarchéimeanna ár linne

Tá an-áthas ar Tuairisc.ie tús a chur inniu leis an tionscnamh ‘Láithreach Bonn’ a bhfuil d’aidhm leis ceisteanna tábhachtacha a bhaineann le géarchéimeanna móra ár linne a phlé.

Táimid ag súil go dtabharfaidh an tsraith nua tuiscint níos fearr dár léitheoirí ar na ceisteanna sin nuair a léireofar a phráinní agus atá siad don tsochaí seo, don chultúr, don pholaitíocht agus don bheatha.

Tá tacaíocht á cur ar fáil ag Parlaimint na hEorpa do Láithreach Bonn agus díreofar ar thrí phríomhthéama a bhaineann go dlúth le hobair na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa – an t-athrú aeráide agus an comhshaol, an éagsúlacht comhshaoil, cultúir agus teanga, agus na dúshláin atá roimh an daonlathas san Eoraip.

Tá iarmhairtí na bhfadhbanna seo soiléir sa lá inniu agus cuirfidh Láithreach Bonn an bhéim i gcónaí ar a phráinní agus atá an plé seo, bíodh sin an bhagairt eiseach ón athrú aeráide, an creimeadh atá á dhéanamh ar ár n-éiceolaíocht chultúrtha nó an truailliú atá á dhéanamh ar an daonlathas ag an antoisceachas agus an mhífhaisnéis.

Maidir leis an athrú aeráide ag an leibhéal náisiúnta, rachaimid chun cainte le saineolaithe chun forbairt a dhéanamh ar an gcaint a spreag an chéad mheasúnú cuimsitheach oifigiúil ar an ábhar le hocht mbliana.

Dúshláin agus ceachtanna don AE ag COP26

Ó thaobh an chultúir de, cuirfear an bhéim ar an éagsúlacht cultúir agus teanga san Eoraip agus ar an dúshlán eiseach atá roimh an nGaeilge mar theanga phobail.

Agus muid ag díriú ar an antoisceachas agus an mhífhaisnéis, fiosrófar an bhfuil an baol ann go dtiocfadh cineál níos nimhní den phobalachas frithdhaonlathach chun cinn sa tír seo, agus an spreagadh a thug an phaindéim don antoisceachas.

Ní ar na dúshláin amháin a bheifear ag díriú sa tsraith seo mar díreofar ar a réiteach chomh maith.

Is í seo an teachtaireacht is tábhachtaí atá ag Láithreach Bonn – ‘anois atá sé seo ag tarlú́’.

Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

 

Fág freagra ar '‘Anois atá sé seo ag tarlú́’ – sraith nua ar Tuairisc.ie le díriú ar ghéarchéimeanna ár linne'

  • Aisling Ní Dhonnabháin

    Maith sibh a chairde, ag súil go mór leis seo!