Dúshláin agus ceachtanna don AE ag COP26

Agus críoch á cur leis an mhórchomhdháil aeráide COP26 i nGlaschú, pléann Sinéad Mercier na coimhlintí agus na dúshláin atá le réiteach ag an AE sa chéad alt inár sraith nua, Láithreach Bonn

Dúshláin agus ceachtanna don AE ag COP26

Tháinig 120 ceannaire stáit agus a gcuid foirne idirbheartaíochta le chéile i nGlaschú na hAlban do Chomhdháil na bPáirtithe, COP26.

Ba í seo an 26ú tionól domhanda ó 1992, tráth ar shínigh 154 tír Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hAthrú Aeráide (UNFCCC). Séard atá san UNFCCC ná an chreatlach dhlíthiúil a bhíonn ar chainteanna CnP (Comhdháil na bPáirtithe) nuair a thugtar tíortha le chéile chun na rialacha a shocrú don iarracht idirnáisiúnta le hastaíochtaí díobhálacha ó bhreoslaí iontaise a laghdú go gasta agus go féaráilte.

Ba í an chomhdháil seo i nGlaschú an ócáid taidhleoireachta is mó ó thús na paindéime in 2019 agus an chomhdháil is tábhachtaí ó thaobh athrú aeráide ó Chomhaontú Pháras in 2015. I mí na Nollag an bhliain sin, gheall 196 tír go gcoinneofaí an téamh domhanda faoi 2 chéim Celsius, agus go ndéanfaí iarracht é a choinneáil ag 1.5 céim.

Teastaíonn ‘dea-scéala’ ó na pholaiteoirí ag COP26, an tAE go háirithe, mar gur mian leis an Aontas a bheith ina cheannaire agus ina threoraí i gcás na haeráide. In 2019, dfhógair an tAE Beart Glas na hEorpa inar gealladh go mbeadh an tAE ar an gcéad mhór-roinn a bheadh neodrach ó thaobh an charbóin de faoin mbliain 2050, agus go mbeadh an carbón gearrtha 55% faoin mbliain 2030. Ach, is beag atá le taispeáint ag an AE ná ag na cinnirí móra stáit tar éis 26 cruinniú bliantúil faoin gcreatchoinbhinsiún (UNFCCC).

‘Anois atá sé seo ag tarlú́’ – sraith nua ar Tuairisc.ie le díriú ar ghéarchéimeanna ár linne

Faoi na spriocanna deonacha atá curtha chun cinn ag tíortha faoi Chomhaontú Pháras ag 2.7 céim Celsius a choinneofaí an téamh. Léirigh an tuarascáil i mí Lúnasa ón bPainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide (PIRAA/IPCC) go bhfuil an domhan tar éis 1.1 céim Celsius de théamh a dhéanamh agus go sroichfimid 1.5 i gceann 20 bliain má leanann rudaí mar atá. Tar éis titim dhomhanda de thart ar 6.4% in astaíochtaí carbóin i rith na paindéime in 2020, is airde na hastaíochtaí i mbliana ná mar a bhí siad roimh an bpaindéim.

An choimhlint a bhaineann i gcónaí leis na cainteanna seo ná gurbh iad na tíortha saibhre (go háirithe an Eoraip agus na Stáit Aontaithe) ba chionsiocair leis an athrú aeráide ó tharla an Réabhlóid Thionsclaíoch. Tá tíortha i mbéal forbartha ag lorg cearta forbartha; ag argóint go bhfuil a bpobal fós ag fulaingt de bharr na bochtaineachta agus gur cheart an spás carbóin atá fágtha a úsáid chun an bochtanas sin a laghdú agus a gcuid geilleagar a láidriú ionas go mbeidís ar an leibhéal céanna leis na tíortha saibhre. An fhadhb leis an argóint ná go bhfuil cuid de na tíortha seo, amhail an tSín agus an India, ina dtruaillitheoirí móra faoin tráth seo – cé go bhfuil an truailliú in aghaidh an duine aonair fós i bhfad níos airde i SAM agus san Eoraip. Is léir ó phrionsabal an ‘aistriú cóir’ i gComhaontú Pháras go bhfuil an neamhionannas céanna le fáil sna tíortha saibhre. Nósanna maireachtála na ndaoine is saibhre a dhéanann an truailliú is mó agus d’fhéadfaí astaíochtaí carbóin a ísliú go gasta agus go féaráilte dá roinnfí an saibhreas amach go cóir.

Sa chomhthéacs sin, is mionsonraí as Comhaontú Pháras an príomhábhar a pléadh i nGlaschú:

  1. Conas astaíochtaí a thuairisciú agus cé a dhéanfas an t-iniúchadh ar an iarracht a dhéanann tíortha? An é an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide nó foras nua éigin a dhéanfaidh é?
  2. Conas is féidir ‘raicín’ nó méadú a dhéanamh ar na hiarrachtaí sin ionas go méadófar na hiarrachtaí gach 5 bliana?
  3. Cén sórt cúnaimh nó cúiteamh a chuirfear fáil do thíortha atá i mbéal forbartha agus iad ag laghdú a n-astaíochtaí, agus ag déileáil leis an damáiste atá á fhulaingt acu cheana féin de bharr stoirmeacha agus an t-ardú ar leibhéal na farraige? Ag COP15 in 2009, gealladh €100 billiún in ‘airgeadas glas’ a chuirfeadh na tíortha saibhre ar fáil, ach níor tháinig sé an maoiniú sin. Níl airgead d’oiriúnú ná an scéim ‘damáiste agus caillteanas’ luaite sa dréacht nua de na mionsonraí a foilsíodh inné, scéimeanna a ceapadh in iarracht an fhreagracht a leagan ar thíortha saibhre as an damáiste a dhéanann tubaistí ‘nádúrtha’ a chruthaigh astaíochtaí na dtíortha saibhre.
  4. Céard é an príomhbhealach a laghdófar na hastaíochtaí dochracha? Faoi láthair tá na tíortha is mó a dhéanann an truailliú ag iarraidh córas trádála na n-astaíochtaí mar a bhí i bPrótacal Kyoto (1997) a úsáid arís i gComhaontú Pháras faoi Airteagal a 6. Córas trádála fíorchonspóideach a bhí ansin mar gheall gur lig sé do thíortha saibhre cúiteamh carbóin a cheannach in ionad astaíochtaí a laghdú. Tá tíortha leochaileacha agus gníomhaithe ag lorg go gcuirfí cosc ar aon tacaíocht a thabhairt d’aon táirgeadh a bheadh ag oiriúnú breoslaí iontaise.
  5. Cearta an duine a chur mar bhunchloch ag creatlach Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe. Ar an 8 Deireadh Fómhair d’aithin na Náisiúin Aontaithe go raibh an ceart ag gach duine ar domhan maireachtáil i gcomhshaol a bhí slán agus inbhuanaithe. Chinn Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine rapporteur speisialta a chruthú chun monatóireacht a dhéanamh ar an gceart sin.

Is mór an dúshlán iad na spriocanna seo don Aontas Eorpach, toisc, mar aonad tá an tAontas Eorpach, agus na Stáit Aontaithe, fós ar na truaillitheoirí is measa ar domhan. Go háirithe má fhéachtar ar na hastaíochtaí díobhálacha ar fad a eisíodh ó thús an Réabhlóide Tionsclaíche. Faoi láthair tá go leor cainte tarraingthe ag cás cúirte atá buíon déagóirí sa Phortaingéil a thabhairt sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine faoi cheartas aeráide.  Tá dlíodóirí ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag cuidiú leis na daoine óga seo agus iad ag áitiú nach bhfuil spriocanna an AE sách láidir, sách uaillmhianach ná sách práinneach chun téamh domhanda a choinneáil faoi 1.5 céim Celsius. Maíonn siad go bhfuil Éire agus an tAontas Eorpach ag fágáil ualach is praghas théamh an domhain agus a réiteach ar an nglúin nach mbeidh ina ndaoine fásta go dtí 2030 nó 2050.

Baineann an fhadhb seo le gach glúin a deir siad toisc go bhfuil polasaí ‘glas’ na hEorpa ag brath ar theicneolaíocht leis an hastaíochtaí a bhaint as an atmaisféar seachas cosc a chur ar chruthú na n-astaíochtaí sa chéad áit. An chontúirt agus an laige atá le polasaí dá leithéid nach bhfuil an teicneolaíocht sin cruthaithe go fóill.

Léirigh an phaindéim gur féidir le tíortha dul i ngleic le cás éigeandála idirnáisiúnta sa saol mór go gasta.  Is féidir pleanáil eacnamaíochta a dhéanamh a chuireann srian ar fhás geilleagrach agus a bhíonn bunaithe ar aire a thabhairt dóibh siúd atá i mbaol agus do bhochtáin trí leasa agus seirbhísí comhchoiteanna sóisialta a sholáthar. Chruthaigh an phaindéim sláinte go soiléir gur féidir leis an AE é sin a dhéanamh.

An t-aon cheist atá le cur ná an bhfuil an t-ionracas agus an misneach ann chuige?

Is léachtóir le Dlí agus Comhshaol í Sinéad Mercier in An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

 

Fág freagra ar 'Dúshláin agus ceachtanna don AE ag COP26'