I bhfaiteadh na súl, nach mór, tá athrú ó bhonn agus gan choinne ar aeráid pholaitiúil na hEorpa.
Mí ó shin, bhí iontas ar go leor, an tráchtaire seo san áireamh, nuair nach raibh borradh chomh mór sin faoin eite fhíordheis i dtoghchán na hEorpa agus a bhí á thuar.
An tseachtain seo caite, rinneadh slad ar an bPáirtí Coimeádach sa Bhreatain agus bhí bua stairiúil ag an Lucht Oibre.
Ach Dé Domhnaigh a tharla an toradh is mó a tháinig aniar aduaidh ar thráchtairí agus ar lucht na bpobalbhreitheanna araon, nuair nár éirigh le Marine Le Pen agus a páirtí Rassemblement National (RN) an bua a fháil i dtoghchán parlaiminte na Fraince, a bhí gairthe ag an uachtarán Emmanuel Macron tar éis slad a bheith déanta ar a pháirtí féin an mhí roimhe sin i dtoghchán na hEorpa. Ní hamháin sin, ach sa tríú háit a tháinig páirtí Le Pen sa deireadh, tar éis comhghuaillíocht nua de chuid na heite clé (Nouveau Front Populaire) agus páirtí Macron (RE), cé go raibh bua ollmhór ag páirtí Le Pen i gcéad bhabhta an toghcháin an tseachtain roimhe sin.
Ach fainic.
Ní hionann na torthaí thuas agus a rá go bhfuil deireadh le fás na heite fíordheise san Eoraip, nó go mbeadh u-chasadh i dtreo na heite clé ar siúl. Is ea, i gcás thoghchán na hEorpa agus i gcás thoghchán na Fraince, bhí ardú mór ar líon na ndaoine a chaith vóta d’fhonn an eite dheis a choinneáil amach – ach bhí fás ar an eite fhíordheis mar sin féin. (Go deimhin, tá páirtí Eorpach nua láidir á bhunú faoi láthair faoin ainm Tírghráthóirí ar son na hEorpa ina mbeidh RN Marine Le Pen, PVV Geert Wilders, Fidesz Viktor Orbán agus araile páirteach.)
Agus sa Bhreatain, cé nár ghnóthaigh Reform UK, páirtí Nigel Farage, atá i bhfad amach ar an eite dheis, ach cúig shuíochán de bharr leagan amach aisteach chóras toghchánaíochta na tíre sin, bhí 14.3 % de líon na vótaí ag an bpáirtí sin agus tá siad ar an tríú páirtí is mó sa tír anois ó thaobh líon na vótaí de (seachas líon na suíochán.)
Lena chois sin, ní hamháin nach bhfuil Lucht Oibre Keir Starmer chomh fada sin ar chlé, ná baol air, agus a bhí Lucht Oibre Jeremy Corbyn tráth, míshástacht leis an bPáirtí Coimeádach, seachas dúil ar leith a bheith ag na vótóirí sa Lucht Oibre, ba chúis cuid mhór le toradh an toghcháin sa Bhreatain.
Mar sin féin, agus an eite chlé i gcumhacht in dhá cheann de na tíortha is mó agus is cumhachtaí san Eoraip (gan dabht, níl an Bhreatain ina ball den Aontas Eorpach a thuilleadh ach beidh tionchar ag na cinntí a thógfar sa Bhruiséil agus i Londain ar a chéile go deo), agus gan oiread dul chun cinn déanta ag an eite fhíordheis i bParlaimint na hEorpa agus a bhíothas a thuar, tá cuma an-éagsúil ar aeráid pholaitiúil na hEorpa le hais mar a ceapadh a bheadh, mí ó shin.
Cuma i bhfad níos glaise, b’fhéidir.
Agus is tráthúil sin.
Bhí mí an Mheithimh seo caite ar an Meitheamh is teo a bhfuil taifead ann di agus an 13ú mí as a chéile a sháraigh teocht na míonna sin roimhe seo; fianaise, a deir na meitéareolaithe, go bhfuil athruithe móra millteacha ar bun san aeráid eile sin – ceann na haimsire.
Fág freagra ar 'Athrú ó bhonn ar aeráid pholaitiúil na hEorpa'