An eagraíocht Gaelscoileanna ag féachaint lena hainm a athrú ag cruinniú urghnách

Caithfear vóta an mhí seo chugainn ar rún a mholann go dtabharfaí ‘Gaeloideachas’ feasta ar Ghaelscoileanna Teo, an eagraíocht oideachais a bunaíodh i 1973

An eagraíocht Gaelscoileanna ag féachaint lena hainm a athrú ag cruinniú urghnách

D’fhéadfadh go bhfuil athrú ainm i ndán don eagraíocht Gaelscoileanna Teo, ceann de na heagraíochtaí Gaeilge is aitheanta sa tír. Beidh rún á rith ag Bord Stiúrtha Ghaelscoileanna ag cruinniú urghnách a bheidh ag an eagraíocht an mhí seo chugainn chun an t-ainm a athrú.

Is é an rún a chuirfear faoi bhráid an chruinnithe:

‘Go ndéanfar ainm na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo., a athrú go Gaeloideachas: Guth don Oideachas Lán-Ghaeilge (mar shluán).’

Beidh cead ag aon scoil atá ina ball de Ghaelscoileanna Teo suas le trí vóta a caitheamh nuair a chuirfear an rún chun vóta in Óstán Clarion i mBaile Átha Cliath ar an 6 Deireadh Fómhair.

Ní foláir do chomhalta ó scoil a bheith i láthair ag an gcruinniú urghnách le go mbeadh vóta ag an scoil sin.

Tá an rún á chur chun cinn i bhfianaise an athraithe atá tagtha ar chúraimí na heagraíochta ó ceapadh ina ceanneagraíocht í in 2014.

D’fhág an t-athrú sin go bhfuil cúraimí anois ar Ghaelscoileanna Teo i dtaobh scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di chomh maith le naíonraí lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid Gaelscoileanna Teo le Tuairisc.ie gur ‘Gaeloideachas’ a thabharfaí ar an eagraíocht feasta dá rithfí an rún an mhí seo chugainn, ach nach mbeadh “rud ar bith deimhnithe” go dtí go mbeadh an cruinniú sin thart.

Bunaíodh an eagraíocht Gaelscoileanna Teo. sa bhliain 1973 leis an nGaelscolaíocht a chur chun cinn.

Fág freagra ar 'An eagraíocht Gaelscoileanna ag féachaint lena hainm a athrú ag cruinniú urghnách'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Scolaíocht na Gaeilge uilig ag teacht isteach faoin scáth amháin. Ach ní thuigim cad chuighe a bhfuil seo ag tarlú ar lá scoile – Diardaoin? Nach mbeadh an Satharn níos fóirsteanaí d’achan duine?