An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (4 Nollaig 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Claíomh

Uimhir 923                      Cláraithe mar pháipéar nuachta                      Nollaig 4 1915                      Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Seanscoláire Connachtach

An Litir Ghaeilge

Tháinig fear bocht lá isteach go Seán Mac Éil, Ardeaspag Thuama, agus thug sé litir dó. Iarratas ag iarraidh cúnamh éigin a bhí sa litir ag bhí scríofa i nglan-Ghaeilge. “Cé a scríobh an litir seo duit?” arsa an tArd-Easpag. “Buachaill óg thiar i gComar,” a d’fhreagair an fear. “Cuirtear isteach chugamsa é,” arsa an tArd-Easpag. Cuireadh. Tháinig an buachaill isteach go Tuaim agus bhreathnaigh an tArd-Easpag go grinn é. Mhol sé leanúint den léann agus ghlac an buachaill an chomhairle.

Coláiste Iarlatha

Cuireadh é go dtí Coláiste Iarlatha. Bhí léann Gaeilge le fáil an t-am sin i gColáiste Tuama mar a raibh an tAthair Uilic de Búrca ina ardollamh. Bhí an Ghaeilge labhartha ag gach duine idir dhaltaí agus ollúna. Bhí an litríocht Ghaeilge ina ábhar léinn acu agus múineadh an Laidin agus an Ghréigis chomh maith. Ní dhearnadh dearmad ar an mBéarla ná an Fhraincis. An buachaill óg a scríobh an litir don fhear bocht, lean sé an cúrsa léinn sa Choláiste agus nuair a bhí ina fhear, rinneadh ollamh Gaeilge de.

An Ghaeilge caite amach

Ba é Seán Mag Fhloinn an buachaill atá i gceist againn. D’éag sé i dTuaim, ina sheanfhear, coicís ó shin agus cuireadh é seachtain sa Domhnach seo caite. Solas Dé go raibh aige. Níor staon Seán Mag Fhloinn riamh in obair na Gaeilge. Bhíodh buíon Ghaeilge á múineadh aige fadó sa halla i dTuaim. Nuair a fuair Ard-Easpag Mac Éil bás agus tháinig fear ina áit a bhí i gcoinne na teanga, d’éirigh daoine eile in aghaidh na Gaeilge, agus caitheadh Seán Mag Fhloinn agus a dhaltaí amach as an halla.

“An Tuam News”

athrú mór ar Thuaim ó bhí Seán Mag Fhloinn ina mhac léinn i gColáiste Iarlatha. Níor fhág Seán Mac Éil aon oidhre easpaig ina dhiaidh. Ní chloistear focal Gaeilge san Ard-Teampall anois ach go fíorannamh agus tá teagasc Críostaí Mhic Éil caite i leataobh. Na daoine a fuair oideachas sa seancholáiste, bhí meas acu ar an nGaeilge agus bhí muinín acu as Éirinn. Is i dTuaim a bhí an Dochtúir Marcus Ó Riain agus an Dochtúir Pádraig Ó Riain ar choláiste agus is dóigh linn gur chaith Tomás Ó Flanghaile roinnt blianta i gColáiste Iarlatha freisin.

Ceisteanna

An bhfuil aoinne in Éirinn anois a déarfadh le fírinne gur fuath leis Béarla a labhairt?
An maitheas dó díobháil a dhéanann sé seoladh litreach a scríobh as Gaeilge agus an litir féin as Béarla?
Arbh aon mhaith é Gaeilge a scríobh agus Béarla a labhairt?
Nach dtitfidh sé amach go gcaillfí an Ghaeilge le linn do mhuintir na hÉireann go léir a bheith á léamh agus á scríobh agus ag beannú chéile aisti?
Nach cóir lucht an Bhéarla a ghlaoch orthu siúd a labhraíonn an Béarla go minic?
An ceart Gael a thabhairt ar aoinne a thaithíonn an Béarla?
An féidir le lucht an Bhéarla muintir na Gaeltachta a chur ar a leas?
An fearr seanmóir ná dea-shampla?
An féidir Rialtas Shasana a Ghaelú?

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí  ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (4 Nollaig 1915)'