An bhfaighidh an Ghaeilge bás? Tuairisc ó Pháraic Ó Conaire ar staid na Gaeltachta i 1916…

An Claidheamh Soluis cothrom an ama seo (an 4 Márta 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

Fogra 1916 strap

Claoimh

 

Uimhir 936              Cláraithe mar pháipéar nuachta             Márta 4, 1916 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Imircí as Éirinn

An bhliain 1915

Chuaigh 23,503 duine as Éirinn go Meiriceá sa bhliain 1915 agus thóg siad leo os cionn £33,000. Fir ab ea 13,015 den lucht imirce, agus mná ab ea 10,488. Daoine óga idir ceithre bliana déag agus ceithre bliain is dá fhichid ab ea 20,026 acu. Chuaigh os cionn 33,000 ar imirce arú-anuraidh.

Inimirce ag dul soir

B’ábhar áthais dúinn an laghdú a bhí ar an imirce le blianta gairide ach má laghdú ar an lucht imirce a théann siar tá imirce eile ag dul soir le bliain go leith agus níl aon chuntas cruinn againn uirthi. Is dócha gur liostáil 50,000 fear in Arm Shasana ar feadh na bliana anuraidh. Tá a lán acu marbh cheana féin. Tá a lán eile acu ar leathláimh nó ar leathchois, agus is beag duine acu a fhillfidh slán go deo ar Éirinn.

Na Mná

Is iad na mná is fearr a bhainfidh amach i Meiriceá. Téann na cailíní ar aimsir agus ós daoine córa iad bíonn rath orthu. Saothraíonn siad pá mhór. Tagann mórán acu abhaile agus pósann siad in Éirinn. Fanann na fir sna bailte móra. Fágann siad Éire gan ceird agus ní leanann siad don cheardaíocht thall.

Ceardaíocht

Leathchéad bliain ó shin bhí tosach ag Gaeil ar mhuintir gach tíre eile i Meiriceá. Ní hamhlaidh atá acu anois. Níl goir acu le fada ar na himircí a mbíonn ceird acu nó tabhairt suas a fhónann don chathair. Fágann an easpa oideachais na Gaeil siar, agus dá mbeadh a fhios againn an mhírath a tharlaíonn do chuid acu ní bheadh oiread measa againn ar Mheiriceá.

Dlí na mBocht

Táthar le cuid de thithe na mbocht a dhúnadh. Dúnadh teach an mhí seo caite. Cuireadh dhá cheantar le chéile agus déanfaidh teach amháin gnó dóibh araon. D’fhéadfaí teach nó dhó a dhúnadh i ngach contae agus ní aireodh as iad. Is mó atá otharlanna, nó ospidéil, ag teastáil uainn ná tithe lóistín.

Na Tithe Mhóra

Nuair a bhí díshealbhú na bhfeirmeoirí á dhéanamh d’aon turas ag an Rialtas sa Drochaimsir cuireadh tithe na mbocht ar bun dóibh. Síleadh go bhféadfaí na Gaeil go léir a dhíbirt thar sáile nó iad a bhochtú chomh mór nach bhfágfaidís maoin ná sliocht ina ndiaidh. Ní do na heasláin ná don sean a tógadh tithe na mbocht, ach do na daoine a ndearna éagóir agus foghail orthu.

Clú Lucht Déirce

fheileann na caisleáin mhóra fhuara do na heasláin agus is mithid cóir níos fearr a sholáthar dóibh. Ba cheart go mbeadh leigheas agus cuidiú le fáil ag boicht na tíre gan clú lucht déirce a chur orthu. Tá an dearg-ghráin ag Gaeil ar dhlí na mbocht. Náirítear go deo na daoine a théann faoina chuing. Ní dlí Críostúil é agus ní chreidiúint do Chríostaithe é.

An tAthrú

fhanann ar chomhairlí poiblí go gcuireann an Caisleán d’fhiacha orthu athrú a chur ar an gcóir chabhrach do bhoicht is beag leas d’Éirinn a thiocfaidh as an athrú. Nuair a dhúntar teach in aon cheantar ba chóir scoil a chur ar bun ann, scoil cheardaíochta nó scoil thalmhaíochta. Má fhágtar an t-athrú ag an gCaisleán déanfar é ar mhaithe le Ciste Shasana.

Cor na Gaeltachta

Chuir Pádraic Ó Conaire (an scéalaí) roimhe atá tamall ó shin an Ghaeltacht ar fad a chuardach agus staid na Gaeilge a mheas dó féin. D’imigh sé go hÓmeith an mhí seo caite, agus déanfaidh sé timpeallú na hÉireann roimh aimsir na hArd-Fheise. Ag seo litir a chuir sé ag triall ar an gCoiste Gnó sular imigh sé ar a aistear. Cuirfidh sé cuntas ar a eachtraí go dtí an Claidheamh. Ba mhaith linn go nochtfadh daoine eile a smaointe ar chor na Gaeltachta. 

I mBaile Átha Cliath dom, 4.1. ’16

Do mhuintir an Choiste Gnó.

Gabhtar mo leithscéal gan a bheith sa láthair ag an gCoiste anocht ach is é an fáth atá leis go bhfuil ceaptha agam turas a thabhairt tríd an nGaeltacht agus cuairt a thabhairt ar gach paróiste sa tír a bhfuil an teanga beo beathach fós.

Sa Ghaeltacht caithfear an chuid is mó d’obair na Gaeilge a dhéanamh feasta ach níor ceapadh fós aon tslí mhaith leis an smaoineamh sin a chur i ngníomh; is cinnte go bhfuil orainn slí a cheapadh nó gheobhaidh an teanga bás le linn na haoise seo. Is fíor an méid seo freisin – dá ndéantaí an oiread oibre ar son na teanga sna ceantair Ghaelacha is a rinneadh i nGalltacht na tíre le fiche bliain anuas, bheadh an teanga ó bhaol inniu. Ar feadh na ndeich mbliana baolacha atá romhainn socrófar an cheist is tábhachtaí bhfuil le socrú in Éirinn .i. an bhfaighidh an Ghaeilge bás nó an mairfidh sí?

mór dúinn an dá rud seo ina dhiaidh a bheith os comhair ár n-aigne, agus gan dearmad a dhéanamh orthu choíche —

(1) Treabhadh domhain dúthrachtach a dhéanamh sa Ghaeltacht, agus

(2) An obair a roinnt agus a riaradh sa Ghaeltacht ar mhaithe le lucht treafa na Gaeltachta.

Ba chóir don dá roinn seo d’obair an Chonartha a bheith ceangailte go dlúth le cheile ionas go bhféadfadh aon fhear a bheidh ag obair sa Ghaeltacht cabhair an Chonartha go hiomlán a fháil ar aon ócáid a mbeadh gá géar leis, uair ar bith a mbeadh namhaid de naimhde cumasacha na teanga ag cur go géar inár n-aghaidh, abair.

Cuirfidh mé síos anseo i ndiaidh a chéile an obair atá fúm féin a dhéanamh ar mo thuras —

(1) DREAM BEAG FEAR ÓG A THABHAIRT LE CHÉILE IN GACH PARÓISTE A mBEIDH MÉ ANN LE LÉITHEOIREACHT A DHÉANAMH.

Déanfaidh mé mo dhícheall ceannfort a fháil dóibh a bheidh in ann an teanga a léamh, agus a mhúinfidh léitheoireacht go lucht labhartha na Gaeilge. Caithfear ábhar léitheoireachta a sholáthar dóibh agus sin obair is féidir le craobhacha na Galltachta a dhéanamh. Ní bheidh mé sásta aon pharóiste a fhágáil go mbeidh dream beag den sórt seo ar siúl ann.

bhacfaidh mé anseo le haon cheo a rá faoin ábhar léitheoireachta ba chóir a thabhairt dóibh ach nach mbeidh fuinneamh leis an obair a mbeidh tagairt inár leabhair agus inár gclónna do gach uile cheist mhór atá ag déanamh imní do mhuintir na tíre faoi láthair.

(2) Dream daoine a fháil a bheidh faoi gheasa gan Béarla A LABHAIRT LE GAEILGEOIR EILE.

In gach sráidbhaile agus baile mór ar fud na tíre, bíonn siopadóirí agus eile agus Gaeilge mhaith acu, ach fonn orthu Béarla a labhairt le gach n-aon. Bíonn muintir na tuaithe chomh spleách sin is go ngéilleann siad dóibh agus ní chloistear sna siopaí ansin ach an Béarla. Déanfaidh mé mo dhícheall báis agus beatha an nós sin a bhriseadh – dea-shampla is fearr chun é a dhéanamh agus go mbrisfear an nós ní bheidh an teanga ach go lagbhríoch.

(3) NAIMHDE. Tá siad go flúirseach agus iad ag obair faoi rún. Déanfaidh mé mo dhícheall in gach áit a mbeidh mo thriall a ngníomhartha náireacha a nochtadh don phobal agus gríosóidh mé Gaeil gníomh dá réir a dhéanamh. Beidh cabhair an Chonartha go hiomlán ag teastáil leis an gcuid seo den obair a dhéanamh i gceart.

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua

Fág freagra ar 'An bhfaighidh an Ghaeilge bás? Tuairisc ó Pháraic Ó Conaire ar staid na Gaeltachta i 1916…'