An-chuid ‘má’ agus ‘dá’ ar siúl roimh dheireadh seachtaine mór peile

Muna ndúisíonn roinnt foirne go pras an deireadh seachtaine seo beidh sé ródhéanach

An-chuid ‘má’ agus ‘dá’ ar siúl roimh dheireadh seachtaine mór peile

Cén luach a chuirfeá ar bhua mar a bhí ag Corcaigh in aghaidh Mhaigh Eo Dé Domhnaigh seo caite?  Cad is fiú dóibh an bua muna féidir leo cur leis an deireadh seachtaine seo ag baile i gcoinne Ros Comáin? Tuigeann an Ciarraíoch níos fearr ná aoinne an leathadh súl a bhaineann le Corcaíoch lán teaspaigh le tine ar a chraiceann.

Le báide agus sé phointe gan freagra sa tréimhse dheiridh sin i bPáirc na nGael Dé Domhnaigh seo caite, níl aon amhras ná go bhfuil na cleití ard go maith anois acu agus má bhuann siad ar Ros Comáin i bPáirc Uí Chaoimh amárach, n’fheadar aoinne ach iad féin cá stadfaidh an pramsach.

Tá, don gcéad uair le tamall, struchtúr tathagach lena gcuid cosanta, tá fios acu chomh maith leis an bhfonn a bhí riamh orthu agus iad ag dul ar na ruathair chun tosaigh agus thar aon ní eile is dóigh liom gur léir go bhfuil bonn maith láidir anois faoin inneall atá iontu agus gur ag dul i dteirce leis an aimsir agus le himeacht na craoibhe atá an Corcaíoch a thraochfaidh.

Má tá aon ní amháin foghlamtha óna mbua deireanach againn, sé sin go leanfaidh Corcaigh go deireadh an fhiaigh as seo amach agus go bhfuil ceithre chúinne ar an gclóchas atá iontu.

Tréithe iad seo nach féidir a mhúineadh ná a fhoghlaim agus is fiú ór iad an tráth seo den mbliain. Tástálfaidh Ros Comáin a ndintiúirí go maith ach beidh fonn ar Chorcaigh a thaispeáint nach fás aon oíche iad agus más féidir leo snas éigin a chur na capaill oibre atá sna leath thosaithe acu agus cúpla scór a bhaint astu, deinim amach go mbeidh siad fós ina seasamh agus sinn ag déanamh ar mhí Iúil.

Ba dheacair a shamhlú seachtain ó shin go mbeadh rás na craoibhe rite ag ceann de Ghaillimh nó Maigh Eo ach sin é díreach mar a bheidh tar éis an Domhnaigh. Tá a bhfreagra fachta acu siúd a bhí ag cáiseamh an easpa baoil nó priacaile a bhain le leagan amach na ngrúpaí ach bhí san i ndán luath nó mall.

Tá ana-chuid ‘má’ agus ‘dá’ ar siúl le seachtain anuas sa dá chontae.

Dá mbeadh an cic saor sin aimsithe ag Shane Walsh in aghaidh Ard Mhacha, bheidís críochnaithe i mbarra a ngrúpa agus ní bheadh aon ghá acu le réamhbhabhta. Dá mbeadh caillte ag Maigh Eo le dhá phointe seachas an trí, bheidís sa tarna háit ina ngrúpa siúd agus bheidís i gCaisleán an Bharraigh Dé Domhnaigh.

Má chuireann an Ghaillimh an falla cosanta os comhair Mhaigh Eo i mBóthar na Trá, an mbeidh foireann Kevin McStay aon phioc níos pointeáilte ag iarraidh dul i ngleic leis an ndlúthchosaint? Má tá an Ghaillimh le cur chun páirce gan Dylan McHugh, Seán Kelly agus Damien Comer, go háirithe, an acmhainn dóibh na folúis sin a líonadh?

Má dheineann tú comparáid idir foireann na Gaillimhe a cuireadh faoinár mbráid ar pháipéar aréir agus an fhoireann a chuaigh chun páirce i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, tá Liam Silke, Dylan McHugh, Kieran Molloy, Patrick Kelly agus Rob Finnerty ar lár. Sin an tríú cuid den bhfoireann. Tuigim go bhfuil leithéidí Johnny McGrath, Cian Hernon,  Peter Cooke, John Maher agus Ian Burke tagtha ina n-áit ach an bhfuil feabhas tagtha orthu?

Níl againn ach ceisteanna agus dóchúlacht agus maith dhom é má chuirim leis. Dá mbeadh an Ghaillimh agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais craoibhe i ndeireadh na míosa seo chughainn, cé is dóigh leat a bhuafadh?

Níl ach seachtain ó cheap scata go bhféadfadh gur mar sin a bheadh –  Gaillimh agus Maigh Eo, an dá fhoireann ab fhearr sa tír ag an am –  ag casadh ar a chéile i gcluiche ceannais uile-Éireann. Tharla sé i gcluiche ceannais sraithe san earrach agus bhí an lá le Maigh Eo. Nach mó rud atá athraithe ó shin? An bhféadfadh go mbeadh a leithéid i ndán? An Ghaillimh, tánaistí na bliana seo caite ag luí fé sháil na síorthánaistí? Is dóigh liom go bhféadfadh sé tarlúint.

Dream is ea imreoirí Dhún na nGall atá, is cosúil, ag cur srathair na hainnise díobh beagán ar bheagán. Bhraitheas, ainneoin a dtreascartha, go bhfaca mo dhóthain ós na Conallaigh in aghaidh Dhoire trí seachtaine ó shin i mBealach Féich chun a thuiscint go raibh cúinne de shórt éigin casta acu.

Daingníodh an tuairim sin leis an dtoradh agus leis an dtaispeántas in aghaidh Mhuineacháin agus táid ag filleadh anois ar Bhealach Féich, áit a bhíodh ina dhún daingean acu go dtí le fíordhéanaí.

Is deis iontach í seo do na Conallaigh an dún a neartú athuair ach seo chughainn Tír Eoghain agus boladh na fola i bpollaíocha a srón.

Tuigeann siad féin níos fearr ná aoinne go bhfuil gá le báidí uathu agus go gcaithfear meán scórála níos mó ná chúig phointe dhéag a bheith agat chun aon ghaisce a dhéanamh as seo amach. De bharr cúinsí stairiúla, is deacair dúinne i gCiarraí aon fhoireann ó Thír Eoghain a chur as an áireamh ach níl aon fhianaise ann ó thús na craoibhe go bhfuil a mbuille aimsithe ag contae Uí Néill.

Tar éis dhá bhliain ag teitheadh uaidh, tá Darragh Canavan tosnaithe ag imirt mar is dual athar dó agus na scóranna ag teacht dá réir. Níl aon amhras ná gur imreoir speisialta é Canavan ach tá an chuma ar an scéal go raibh a chomhghleacaithe ag fanacht le blaiseadh beag den ‘anois nó riamh’ nach féidir a sheachaint tráthnóna amárach chun iad féin a ghríosadh i gceart. Muna ndúisíonn siad go pras, beidh sé ródhéanach mar tá gaoth i seolta na gConallach.

Sa Tulach Mhór amárach, beidh dhá fhoireann a shroichfidh síleáil an tseachtain seo chughainn sa bhabhta ceathrú ceannais ceart ach don té a bhuafaidh idir Cill Dara agus Muineachán, féadfaidh siad a rá nárbh aon drochbhliain acu í.

Is annamh a leanann drochthaispeántas amháin ó Mhuineachán ceann eile ach, ar an dtaobh eile, d’fhéadfaí a rá gur annamh a thugann Cill Dara dhá thaispeántas fónta as a chéile. Beidh slua mór tagtha aduaidh ó Mhuineachán toisc na mionúir a bheith ag imirt níos luaithe i bPáirc Uí Chonchúir ach deinim amach go bhféadfadh Ben McCormack agus Neil Flynn a gcroíthe a bhriseadh má thógann an fonn iad.

Tá sé ráite riamh agam go bhfuil an taispeántas san iontu – faic ach é a thabhairt go barr uisce.

Fág freagra ar 'An-chuid ‘má’ agus ‘dá’ ar siúl roimh dheireadh seachtaine mór peile'