An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air agus cead taistil arís agam….

Agus an dianghlasáil á scaoileadh, insíonn Gaeil aitheanta éagsúla dúinn cá bhfuil a dtriall…

An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air agus cead taistil arís agam….

‘Rachaidh mé an bóthar fada achrannach soir chomh fada le baile Chill Airne’  – Seosaimhín Ní Bheaglaoich, amhránaí

A thúisce is a bheidh cead bóthair agam ardóidh mé mo sheolta agus raghaidh mé an bóthar fada achrannach soir chomh fada le baile Chill Airne. Leathchéad míle slí nach mór, agus an turas céanna as. Is fiú gach aon orlach den aistear é. Ann atá an linn snámha is deise, is glaine, is compordaí agus is boige uisce in Éirinn.

Fada liom go dtumfaidh mé fhéin ann. Beidh mé beo arís.

Timpeallaithe ag an Aigéan Atlantach ón lá a saolaíodh mé, aibhnte is locha, níor ghrá-sa riamh an fiántas. A chúis agam. Borrthaí is tonnta is tarrac is dainséar. Iascairí á mbá. Ábhar sagairt agus ‘laethanta breátha’ lena chois.

An scanradh ginte ionainn fanacht ón bhfarraige. Uisce sáile agus suaitheadh. Níl aon chomparáid idir é agus linn snámha chompordach ghalánta. Ar a shon san, anois is arís taibhsítear dom go bhféadfadh athrú meoin teacht orm. Agus cá bhfios má fhilleann an aimsir bhreá go brách arís orainn ná go dtabharfainn fé thráigh na Muirí nó Tráigh Bhéal Bán im chulaith chluthair uisce lá éigin sara fada chun sceoin na mblian a cheansú agus a ghlanadh as m’intinn.

Níor chaill snámhaí an mhisnigh riamh é.

 

‘Tabharfaidh mé saoirse don tsamhlaíocht i Sasana’  – Pól Ó Muirí, scríbhneoir agus colúnaí Tuairisc.ie

Tá cumha orm i ndiaidh Cumbria, Carlisle, Northumberland agus Newcastle upon Tyne.

Tá mórán ama caite agam sa cheantar sin le blianta beaga anuas. Múineann gá seift agus, ó tharla nach bhfuil an t-airgead agam le dul thar sáile ar eitleán chun na mór-roinne, chuaigh mé thar sáile chun na Breataine ar an bhád as Béal Feirste Cois Cuain.

Ceantar fíor-álainn ar fad atá ann mar thuaisceart Shasana agus ceantar lán coimhlinte a bhí ann ar feadh i bhfad; idir Sasanaigh agus Albanaigh agus a mhair rompu agus idir eatarthu. Chaith mé seal faoi Carlisle áit a raibh ceanncheathrú ag Bonnie Prince Charlie sular briseadh ag Culloden é. (Cad é an cruth a bheadh ar stair na hÉireann dá mbíodh an lá leis?)

Ar an taobh thiar de Shasana atá Carlisle ach níl ach tuairim is 60 míle idir é agus Newcastle, baile eile stairiúil ar an taobh thoir den tír. Baile lán bia agus beorach atá ann; siopa deas leabhar agus cúpla dánlann spéisiúil. Is é an chuid is suntasaí den bhaile ná staid Newcastle United atá i lár na cathrach, mórán mar atá Páirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath. Cliché atá ann, ach tá bunús leis an chliché sa chás seo de – is ar nós ardeaglaise atá an staid chéanna. Ní raibh mé riamh i láthair agus cluiche ar bun ach déarfainn go mbíonn beocht agus brí sa chathair an lá a mbíonn an Toon Army ag rá a gcuid paidreacha.

Idir an dá chathair a shníonn Múr Haidrian. Déanann muidne, Éireannaigh, dearmad de na Rómhánaigh go minic ó tharla nár smachtaigh siad Hibernia. (Níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid gan amhras, bíodh is gur fhág an Laidin a rian féin ar an teanga seo againn). Mar sin féin, baineann sé an anáil díot as a bheith ábalta seasamh in iarsmaí Rómhánacha agus saoirse a thabhairt don tsamhlaíocht. Imíonn daoine; maireann cloch.

Tugann cuid mhór daoine faoin mhúr ar fad a shiúl, cúpla míle sa bhreis ar 70 míle. Sin rud nach bhfuil déanta agamsa – go fóill!

 

‘Go caifé Strandfield i nDún Dealgan liom, áit a mbíonn na blátha is áille ar díol’  – Pádraigín Ní Uallacháin, amhránaí

B’fhéidir gur eisceacht mé, ach níor chuir an dianghlasáil isteach orm. Bhí an Nollaig agus an geimhreadh caite agam faoi ghrian na hIndia agus bhí tús an tsamhraidh ag teacht agus mé lonnaithe san áit is deise ar domhan i ndeisceart Ard Mhacha. D’fháiltigh mé roimh an daoirse seo ón mbinibshaoirse; an sos ó achainí an dualgais agus cúraimí na beatha.  Thug sé seans amháin eile dom srian a chur le ceird na moilleadóireachta agus díriú ar shlacht a chur ar chófraí, ar bhallaí smolchaite a phéinteáil go húrnua.

Tá an tréimhse dianghlasála ag teacht chun deiridh, féinmhachnamh mo sháith déanta agus an baol ann nach mbeidh fonn ar bith orm idirghníomhú arís leis an domhan lasmuigh. Tá sé in am cos a chur thar dhoras amach agus taitneamh a bhaint athuair as caidreamh daonna. Níl áit ar bith a b’fhearr liom ná dul chuig an caifé áitiúil ag Strandfield, áit a mbíonn na blátha is áille ar díol, an bia is sláintiúla, an caife is blasta. Thar rud ar bith eile, is áit í ar féidir suí le cairde ar feadh an lae agus aithne a chur ar a chéile as an nua. Ach, an mbeidh Strandfield athraithe leis an scaradh sóisialta agus an aithneoidh muid a chéile? 

 

‘Áit ar bith go bhfuil comhluadar breá ceolmhar, is ann a bheidh an gabhar á róstadh’ – Tristan Rosenstock, ceoltóir, craoltóir agus eagarthóir litríochta COMHAR 

Airím uaim an ceol. Airím uaim a bheith ag seinm lem’ chomrádaithe sa ghrúpa Téada.

Dá mba phíobaire mé bhainfinn lánsásamh as bheith ag seinm i m’aonar. Ach bodhránaí is ea mé, faraor. Tá a chros féin le hiompar ag cách, is dócha. Nó le casadh beag a chur ar an seanfhocal, mura bhfuil agat ach craiceann gabhair…

Is sa samhradh is mó a bhímid ag seinm, ag féilte i gcéin is i gcóngar. Bhíomar le bheith ag Traidphicnic an Spidéil, ag féile sa Ghearmáin, agus ag Féile Francis O’Neill thall i Chicago an mhí seo chugainn.

Mí cheolmhar a bhí romham, más ea.

Beidh tamall maith ann sula mbeidh na féilte thar n-ais nó go mbeidh ceolchoirmeacha ag tarlú faoi mhúnla éigin nua, nó an seisiún sa teach tábhairne féin ceadaithe. Ach beidh cead againn gan mhoill an bóthar a bhualadh agus cuairt a thabhairt ar ghaolta agus ar chairde i gcontaetha eile.

Táim ag súil le cuairt a thabhairt ar mo chairde ceoil agus cúpla port a bhualadh ina dteannta. Agus nach cuma más sa chistin nó sa ghairdín a bheimid ag seinm? Áit ar bith go bhfuil comhluadar breá ceolmhar, is ann a bheidh an gabhar á róstadh.


An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

 

An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

 

An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

Fág freagra ar 'An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air agus cead taistil arís agam….'

  • pádraig o muircheartaigh

    ábhar sagart is laethanta breátha scríofa agat id alt.Ar mhiste leat a mhiniú dom cad tá i gceist agat ?