An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

Agus an dianghlasáil á scaoileadh de réir a chéile, insíonn Gaeil aitheanta éagsúla dúinn cár mhaith leo dul nuair a bheidh cead taistil arís…

Teas na gréine, teas na ndaoine sa Cholóim – Eoghan Mac Giolla Bhríde, file

I mo sheasamh ag fuinneog na cistine cúpla lá ó shin, ag amharc amach ar shaol a bhí faoi bhagairt, bhuail sé mé gur go Colombia a rachainn nuair a bheadh cead mo chinn agam arís. Tháinig sé mar bheadh tapógaí orm ach thug uchtach domh mar sin féin.

Boladh géar milis na líomóide, ceol agus damhsa i ngach áit, daoine chomh croíúil agus chomh gnaíúil ní bhfaighfeá. Tá siad lán de chroí agus d’aigne, gealgháireach agus lán diabhlaíochta, b’fhéidir siocar go raibh siad féin faoi dhiansmacht chomh fada ag cúiseanna faoi leith. 

Bhí mé ann roinnt bliana ó shin agus shantaigh mé a bheith ar ais ann, shantaigh mé teas na gréine, teas na ndaoine, na cnoic arda, an fharraige mhór. Na míle míle ó bhaile ach b’fhéidir nach bhfuil sé chomh fada sin ó Éirinn í féin in amanna!

 

‘Seasamh faoi na réaltaí le m’athair in Achadh Mór, i gcontae Mhaigh Eo’ – Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir agus údar

Nuair a bheas cead taisteal níos faide ná fiche ciliméadar ón mbaile, ba mhaith liom aghaidh a thabhairt ar m’fhód dúchais, baile fearainn Lorgain, i bparóiste Achadh Mór, i gContae Mhaigh Eo. Bhí lá breithe mór ag mo mháthair ag tús na Bealtaine – tá deich mbliana os cionn na gceithre scór bainte amach aici agus níor leor an seisiún Zoom ar an lá. Ba mhaith liom suí síos léi le taobh an range agus í a chloisteáil ag casadh an orgáin bhéil, Moonlight in Mayo agus Down by the Sally Gardens. Ba mhaith liom seasamh faoi na réaltaí le m’athair, oíche spéirghlan, na reanna neimhe a bhful oiread suime aige iontu a aimsiú aon uair amháin eile. An talamh a shiúl le maidneachan lae. Duilleoga na gcrann ag sioscadh i mo thimpeall, na fuinseoga agus na beitheanna geala a chuir mo dheartháir Pat deich mbliana fhichead ó shin. Pirimid ghorm Chruach Phádraig ag íor na spéire, siar ó dheas. Na fáinleoga ag scinneadh go híseal os cionn an fhéir. Ba leor é sin mar thús.

 

‘Tae le mo thuismitheoirí sa chistin sa bhaile i mBéal Átha an Fhóid, Contae Mhuineacháin’ – Gráinne McElwaine, craoltóir spóirt

Gan dabht, is é an chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air ná Béal Átha an Fhóid i gContae Mhuineacháin, m’áit dhúchais. Táim i mo chónaí i gConamara agus tá an t-ádh linn go bhfuil an oiread sin áilleachta ar fáil sa cheantar. Caithim na laethanta leis na páistí ag siúl agus ag análú isteach aer úr na farraige, ag iarraidh mo dhearcadh a choinneáil dearfach.

Ach níl sé furasta agus tá cumha orm i ndiaidh mo chontae dúchais. Táim ag tnúth go mór le suí síos sa chistin ag ól cupán tae le mo mhamaí agus mo dhaidí, le siúl timpeall na mbóithre, atá fiáin le bláthanna líolóige, agus le caint le seanchairde. B’aoibhinn liom dul isteach chuig na siopaí i mbaile Mhuinecháin agus am a chaitheamh i mbialann nó siopa caifé arís. Is iad na rudaí simplí a mhothaíonn mé uaim go mór.  Léiríonn an t-am seo faoin dianghlasáil cad atá tábhachtach sa saol.

 

‘Tasse Trembleuse: For the unpredictable movement of carriages’ – Aifric Mac Aodha, file

Ó thosaigh lá á chur leis an oíche againn, is oíche leis an lá, airím uaim na bolgaim bheaga a shlogfá agus tú thar sáile. Sa mhonarcha seacláide i Valladolid, tá Tasse Trembleuse ar taispeáint, cupán álainn cumhdaithe a ceapadh, de réir an nóta ann, chun nach ndoirtfeadh mná uaisle na gcarráistí a seacláid the. I bhforhalla an óstáin, seanchlochar athchóirithe, tá na bronntanais a thug na cailíní leo ón mbaile nuair a chuadar sna mná rialta: gramafón, lása bróidnithe agus clóscríobhán gorm.

Anois agus gan de radharc againn ach an radharc ón bhfuinneog amach, ní haon chathair faoi leith a airím uaim ach luach saothair an chuairteora — deora gan doirteadh an bhóthair.

Fág freagra ar 'An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…'