An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

Agus an dianghlasáil á scaoileadh de réir a chéile, insíonn Gaeil aitheanta éagsúla dúinn cár mhaith leo dul nuair a bheidh cead taistil arís…

An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

‘Un Crème et une Tartine au Beurre agus an ghrian a ligean le cneas’ Darach Ó Scolaí, údar agus foilsitheoir

Anuraidh, ba ag clamhsán faoi Nice a bhí mé, faoi na sluaite a bhíonn ag plódú isteach sa mbaile le blianta beaga anuas, faoin ísliú atá tagtha ar chaighdeán na mbialann, faoin ILOVENICE mór feiceálach ar an ard os cionn La Baie des Anges.

An chéad uair ann dúinn, málaí droma orm féin is mo bhean agus muid ag margadh na nglasraí gach maidin, ba ar thorthaí úra a mhaireamar, ar bhaguette, ar saucisson agus ar cháis — buidéal Passe-Tout-Grains lena chur le fána (braon Ricard roimh ré!).

Ó shin fillimid ann go rialta, agus tá na gasúir i gcleachtadh anois ar bhialanna, ar árasáin, agus ar chompóirdí an bhaile.

I mbliana, tá peacaí Nice maite di, agus — cá bhfios? — má ligtear ann muid sula scaoiltear an glas ar na Sasanaigh, beidh an Promenade againn dúinn féin.

An chéad mhaidin, sula ndúisítear an líon tí, éalód féin is Sibéal amach ar bharraicíní. Ag an gkiosque i bPlace du Palais de Justice, ceannód Le Monde. Suífimid chun boird taobh amuigh den Chafé du Palais, ordód café crème agus tartine au beurre dom féin, sú oráiste agus croissant do Shibéal, sínfead amach na spága, leathfad amach an páipéar, agus ligfead grian le cneas.

 

‘An tigh lán de chorpáin ina gcodladh tar éis oíche go maidin ag seimint is ag canadhMuireann Nic Amhlaoibh, amhránaí, ceoltóir agus craoltóir

Mairim i gCorca Dhuibhne, ceann des na háiteanna is aoibhne ar domhan, agus le linn an neadaithe, do chothaigh an tírdhreach maorga seo mé – go háirithe an fharraige. Tuigim an t-ádh atá liom a leithéid a bheith mórthimpeall orm agus bhí muintir na cathrach go mór im smaointe i rith an ama dheacair seo.

Ait go leor, níl aon deabhadh orm tabhairt fén mbóthar go haon áit ar leith nuair a scaoilfear linn. ’Siad na rudaí a bhraithim uaim ná ceol agus cairde, seisiúin agus stáitse.

Ba bhreá liom tigh lán de chorpáin a bheith agam, iad ina gcodladh ar fuaid na háite tar éis oíche go maidin ag seimint is ag canadh.  Ba bhreá liom freastal ar sheisiún a chruthaíonn cumhacht osnádúrtha lán d’fhuinneamh agus d’fhiántas. Is fada liom gur féidir dul go féile ealaíne agus daoine cruthaitheacha i mbun a gceirde ar fuaid na háite.  Bíonn ealaíontóirí áirithe aonarach, ach sí teanga an cheoil an nasc speisialta a tharlaíonn le linn seiminte, agus splanc áthais an taibhithe a bhraithimse uaim agus go bhfuilim ag súil go mór leis arís.

 

‘Raghad ag rince i gclubanna Mhanchain, áit a gcuirfear fáilte roimh chách’ Cian Ó Cíobháin, craoltóir 

Thiteas i ngrá le Manchain is mé im’ dhéagóir trí cheol bhannaí na cathrach, leithéidí Joy Division, New Order agus The Stone Roses.  Is ait liom anois nár thugas aghaidh ar an gcathair don gcéad uair go dtí cúpla bliain ó shin.  Chuas sall ar dtúis in 2017 is táim tar éis filleadh ar an gcathair sé nó seacht mbabhta ó shin.  Is ann a théim chun dul ag rince i gclubanna, cé ná fios cén uair a bheidh an deis againn a mhacasamhail a dhéanamh arís.

Tá muintir na háite an-chairdiúil (ní sceithim riamh leo go leanaim a namhaid sacair ón gcathair trasna an M62, Learpholl FC).  Is téann daoine níos sine amach ag rince, rud a chuireann duine meánaosta cosúil liom féin ar mo chompord.  Is cuma cad as duit, cén aois tú, cén dath atá ar do chraiceann nó cén claonadh gnéis atá agat, feartar fáilte roimh chách ar urláir rince na cathrach.

In ainneoin na gclubanna, sciob Manchain mo chroí mar áit, seans ar an dara huair a chuas sall.  Aon uair a théim sall, braithim ar chaoi éigin go bhfuilim “age baile” is níor bhraitheas ceangal chomh láidir le háit ar bith ar an bpláinéad leis na cianta.  Rith sé liom gur mhaith liom maireachtaint sa chathair.   Is breá liom siúl timpeall na cathrach agus stánadh ar an spéirlíne os mo chionn.  D’ardódh foirgnimh an bhaile do chroí, ó Leabharlann John Rylands go dtí Halla na Cathrach agus is breá an chathair í don té gur maith leis siúl ó áit go háit, ó chaifé go leabharlann, ó dhánlann go siopa ceirníní.  Manchain: is áit speisialta í.

 

‘Siar go Ros Muc chuig mo mhuintir agus na crainnte silíní faoi bhláth ’ Bridget Bhreathnach, údar agus colúnaí le Tuairisc.ie

An chéad áit a raibh mé ag iarraidh a ghabháil nuair a thabharfaí cead mo chinn dom arís ná Ros Muc, agus chuaigh mé ann an tseachtain seo caite. Is ann atá mo mhuintir ina gcónaí agus is ann a tógadh mé. B’aisteach trí mhí a chaitheamh gan a ghabháil siar.

Tá dhá chrann silíní ar chúl an tí ag mo mhuintir, is í mo Mhamó a chuir iad i lár an chéid seo caite. Nuair a bhí mé féin agus mo dheirfiúracha ina ngasúir, is iomaí tráthnóna a chaith muid ag dreapadh sna crainnte sin. Chuile bhliain, déanaim cinnte go ngabhfaidh mé abhaile i rith na coicíse nó trí seachtaine ina mbíonn bláth ar na crainnte silín.

Bíonn siad faoi bhláth seachtain taobh thiar de na crainnte i gcathair na Gaillimhe. Nuair a fheicim an chéad bhláth silín i nGaillimh bíonn a fhios agam go mbeidh muid ag bualadh siar abhaile an tseachtain dár gcionn. Cé is moite de bhliain amháin nuair a bhí mé thar lear, níor scaoil mé aon bhliain tharam nár thug mé cuairt ar na crainnte silíní, go dtí i mbliana.

Maidin amháin ag deireadh mhí Aibreáin sheol m’athair grianghraf chugainn de na crainnte agus iad ag cur thar maoil leis na bláthanna meidhreacha. Ní rómhinic a fhaighim grianghraf ó m’athair ar Whatsapp. Go deimhin, níl a fhios agam an bhfuair mé aon cheann eile uaidh riamh. Ach bhí scéal tábhachtach le roinnt aige, is léir. “Tá na silíní faoi bhláth!” a scríobh sé.

Is chuir sé i gcuimhne dom go raibh bliain eile bainte amach againn, is go bhfuil an saol lán d’áilleacht.

An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

 

An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

Fág freagra ar 'An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…'