An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

Agus an dianghlasáil á scaoileadh de réir a chéile, insíonn Gaeil aitheanta éagsúla dúinn cár mhaith leo dul nuair a bheidh cead taistil arís…

An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

‘Mo ghrágán fiáin a scaoileadh le gaoth ar oileán Reachlainn’ – Caitlín Nic Íomhair, taighdeoir

Tá mé ag iarraidh dul ag snámh. Tá mé ag iarraidh mo chosa a shíneadh agus a spíonadh in éadan cnoic. Tá mé ag iarraidh breathnú amach uaim ar fhairsinge  i ndiaidh míonna fada agus an radharc céanna os mo chomhair amach. Tá mé ag iarraidh scaoileadh le scread frustrachais, imní, agus saoirse ó bharr sléibhe. Tá mé ag iarraidh mo ghrágán fiáin a scaoileadh le gaoth agus bád do mo scuabadh as tír mór go hoileán iargúlta. Tá blas goirt na mara ar mo bheola cheana, a dhuine.

Tá a fhios agam go baileach cén t-oileán, cé go bhfuil sé d’ádh orainn iomaíocht láidir a bheith ann sa tír seo. Oileán gleoite. Oileán a bhfuil coilíneacht rónta ag a bhun agus tearmann éanlaithe ag a bharr, agus pobal deas idir eatarthu a bhfuil blas leathÉireannach, leathAlbanach, lánséimh ar a chuid cainte. Oileán ar a bhfuil an puifín, an giorria Gaelach agus, slán a bheas muid, an traonach. Oileán ar a mbeidh mé, slán a bheas muid, a dhuine.

 

‘Siar na blianta go haois órga na nGael’ – Brian Ó Baoill, scríbhneoir agus údar

Mura mbeadh teorainn ó thaobh ama nó mílte, an chéad rogha a bheadh agamsa ná siar san am sula ndearna na Gaill ionsaí ar an tír agus nuair nach raibh sa tír ach na Gaeil, lena gcuid ollscoileanna agus a scoileanna dlí, leighis, filíochta, staire, oiliúna do shaighdiúirí, iad uilig faoi phátrúnacht na dTaoiseach áitiúil, agus gan á labhairt agus á scríobh ach an Ghaeilge agus an Laidin. Aois órga na nGael.

Ní mór dom a rá nach bhfuil fonn orm dul áit ar bith, bím go hiomlán sásta san teach agus san cheantar álainn ina bhfuil mé. Mé sásta freisin leis na cairde iontacha atá agam, na deiseanna scríbhneoireachta, agus a bheith in ann gaolta agus cairde a thabhairt isteach sa teach agus gáire a bhaint as an saol in éineacht leo, amhrán a chasadh, deoch bheag a ól. Dul áit éigin? Siúl síos go dtí trá agus machnamh a dhéanamh.

 

Cuairt ar mo neacht a saolaíodh coicís ó shin – Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir agus léiritheoir le Raidió na Gaeltachta

Tá saoire samhlaíoch cumtha agus forbartha agam féin agus mo chairde Siún agus Áine, inár n-intinn! Is chun na Spáinne a rachaimid nuair a bheidh cead ár gcinn againn, áit a mbeidh cuireadh oscailte ag cairde teacht chuig ár villa, le linn dúinn a bheith ann. Ólfaimid cocktails agus sinn ag sú na gréine, taobh leis an linn snámha! Íosfaimid rollaí aráin, cáis agus pain au chocolat don mbricfeast, cuirfimid aithne ar na daoine áitiúla, (a mholfaidh dúinn breis uachtar gréine a chaitheamh) agus canfaimid karaoke sna hoícheanta. Lá breá éigin, tá súil agam nach díreach inár samhlaíocht a bheidh a leithéid!

Ach go dtí sin, táim ag súil go mór le turas a thabhairt ó dheas ar mo mhuintir. Rachaidh mé go Ciarraí via Luimneach agus tabharfaidh mé cuairt ar mo neacht, nach bhfuil ach coicís d’aois! Nach fada uaim é…

 

‘An áit a mbíonn an bháisteach go trom agus na míoltóga dod phriocadh le haoibhneas’ – Alan Titley, scríbhneoir agus údar

Sílim go raibh mé i mórán gach aon tír san Eoraip (ar seisean) seachas dhá cheann, agus scata san Áise mar a ritheann i bhfad, ach ní rabhas riamh san leathsféar theas áit a ngabhann an t-uisce guairdeall giardal seachas giardal guairdeall isteach i bpoll an doirtil. Fós féin, nuair a ardóidh an brat agus nuair a fhillfidh an saol is é an ball a ngabhfaidh mé díreach chuige ná ceann éigin d’oileáin Inse Gall na hAlban mar a mbíonn an bháisteach go trom, an ghaoth aniar dod leathadh agus na míoltóga dod chniopadh agus dod phriocadh le haoibhneas.

Faoi láthair, ba chuma pé acu ceann, fág go bhfuil lé áirithe agam le Barraigh agus leis na hEaradh. Tá Leódhas mós mór, agus níor dhóigh leat gurb ar oileán duit in aon chor go minic. Tá droichead chun an Eilean Sgitheanaich agus tá siúl an tsaoil ann sa tsamhradh. Na hUibhistigh thar barr agus Beinn na Feodhla ina cheapaire eatarthu. Oileáin eile nach rabhas orthu ach ar feadh nóiméad scaoilte, nó leathoíche, nó tamall brionglóide, Eige agus Rúm, nó cinn bheaga ar chaitheas tamall aoibhnis orthu, Eirisgeidh agus Bhatarsaigh agus

Ratharsaidh…

Ach sa chás is nach n-éireodh liom dul go Barraigh nó go dtí na hEaradh agus an ghrian a fheiscint ag dul síos ar chuan Roghadail thriallfainn gan bhréig ar Hiort le roinnt ceapairí agus soláthairtí eile agus gach dúil agam go rachadh an saol ar aghaidh amuigh ansin áit éigin.

An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…

Fág freagra ar 'An chéad áit ar mhaith liom cuairt a thabhairt air nuair a scaoilfear liom…'

  • Éilis Neary

    @Brian: Is deacair teacht ar eolas cruinn faoi ‘aois órga na nGael’ – Tá fonn orm tuilleadh a fháil amach faoi na hollscoileanna agus na scoileanna a luaigh tú. An bhfuil leabhar éigin gur féidir leat a mholadh dúinn?

    @Alan: Na míoltóige boichte! Céard atá le hithe acu anois agus muid go léir i bhfolach sa bhaile? Níl an cine daonna an t-aon speiceas amháin atá i mbaol na linne seo.